Tony binn Bennett – Johnny Mháirtín Learaí Mheiriceá

D'fhan an t-uafás a chonaic sé i gcampaí géibhinn Dachau ina chuimhne ar feadh a shaoil agus labhair sé amach i gcoinne na cogaíochta agus na cinedheighilte

Tony binn Bennett – Johnny Mháirtín Learaí Mheiriceá

An raibh aon amhránaí ar domhan, seachas ár Johnny Mháirtín Learaí féin, chomh milis binn ceolmhar leis an Meiriceánach Tony Bennett a d’imigh uainn ar shlí na fírinne le fíordhéanaí?

Sé mbliana déag is cheithre fichid a bhí slánaithe aige, bail air.

Bronnadh suas le 20 gradam Grammy air, gach aon cheann acu chomh tábhachtach le Corn Uí Riada d’fhéadfá a rá, agus ceannaíodh suas le 50 milliúin ceirnín dá chuid.

Saol sultmhar ceolmhar curtha isteach aige, ar an mórgóir, más thuas seal thíos seal a bhí a cháil.

In Astoria, Queens, bruachbhaile Nua-Eabhrac a saolaíodh Anthony Dominick Bennedeto i 1926.

Imircigh Iodálacha ab ea a thuismitheoirí, beirt nach raibh puinn de speilp an tsaoil orthu.

Chuir an garsún óg ardsuim san amhránaíocht agus an ealaíontóireacht go luath ina shaol.

Fuair sé obair mar fhreastalaí bialainne, agus é ina mhac léinn, a’ canadh amhrán ag an am céanna.

Chaith sé roinnt blianta in Arm na Stát Aontaithe mar a dhein go leor nach é lena linn.

Chonaic sé Murchadh nó an tor ba ghiorra dó agus é lonnaithe san Eoraip le linn an Dara Cogadh Domhanda. Bhí sé le reisimint a chuaigh isteach i gceann de champaí géibhinn Dachau.

D’fhan an t-uafás a chonaic sé ansan ina chuimhne ar feadh a shaoil, a dúirt sé.

Chreid sé go láidir sa síochánachas agus aon tseans a fuair sé, labhair amach i gcoinne na cogaíochta.

Uafás eile a chuir isteach go mór air ná an ciníochas agus an chinedheighilt a bhí go smior in Arm Mheiriceá ag an am.

Chuir sé síos le déistin ar eachtra amháin a tharla agus é ar diúité sa Ghearmáin le linn an chogaidh.

Tharla gur casadh seanchara óna scoil cheoil is ealaíne i Manhattan air, agus bheartaíodar beirt an lá a chaitheamh a’ spaisteoireacht is a’ siamsaíocht le chéile chun Lá an Altaithe, an fhéile mhór Mheiriceánach a chomóradh.

Bhí sé de mhí-ádh orthu go bhfaca Ceannasaí Airm le chéile iad, agus tharraing sé raic toisc an dá chine a bheith ‘a’ meascadh’ le chéile gan scáth gan náire, beart a bhí in aghaidh rialacha Arm Mheiriceá ag an am. Cuireadh pionós orthu beirt.

Spreag a thaithí san arm a shuim agus a thacaíocht do lucht cearta sibhialta sna Stáit Aontaithe. Blianta ina dhiaidh san, bhí sé le Martin Luther King ar an tsiúlóid iomráiteach ó Selma Alabama go Montgomery i 1965, ag éileamh cearta vótála don gcine ghorm..

Aon seans a fuair sé chuidigh sé leis an gcine ghorm dul chun cinn a dhéanamh i saol an cheoil.

Bhí a thrioblóidí fhéin aige sna seachtóidí nuair a d’imigh a stíl amhránaíochta ‘as faisean’ agus bhí sé gan obair ar feadh i bhfad.

Chuaigh sé i muinín drugaí agus ar lean é, chun deighleáil le ‘coraí crua an tsaoil’ ach ní nach ionadh níorbh aon leigheas é sin ar a thrioblóidí.

D’éirigh leis teacht chuige féin uair amháin eile le cabhair óna chlann mhac, duine acu a bhí mar bhainisteoir aige as san amach.

Ba é an fear grinn cáiliúil Bob Hope a mhol do a ainm a chiorrú ón leagan Iodálach.

Chan sé le mór-réalta an lae, leithéidí Ray Charles, kd Lang, Sheryl Crow, Billy Joel,

BB King, Bonnie Raitt agus Stevie Wonder.

Le blianta beaga anuas, chan sé le Amy Winehouse agus le fíordhéanaí le Lady Gaga.

Comhartha an méid sin ar cé chomh hildánach is a bhí sé, ábalta stil amhránaíochta na ndaicheadaí is na gcaogaidí a shní isteach le stíl amhránaíochta na mbanréalta cáiliúla san.

Cé go raibh iarracht den néaltrú air sna blianta deireanacha d’éirigh leis fós cuimhneamh ar amhráin, agus iad a chanadh i dtiúin.

Mar aon lena chumas mar fhonnadóir, chaith sé a shaol i mbun péintéireachta mar chaitheamh aimsire.

Ba dhuine suáilceach pléisiúrtha é de réir dealraimh, ná raibh an drochfhocal ag éinne dó.

Suaimhneas síoraí ceolmhar chuige…

Fág freagra ar 'Tony binn Bennett – Johnny Mháirtín Learaí Mheiriceá'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Tá súil agam nar chaith Johnny Mháirtín Learaí aon tréimhse in aon champa géibhinn!

  • jpmorley0@gmail.com

    Ní fhaigheann ár Seáinín binn de hÓra a leathcheart ó éinne, mo mhórthuairim. Cuid de na hamhráin a bhíodh aige á chanadh nár eisíodh ar aon albam, go bhfios dom. Táid ag bailitheoirí príomháideacha anseo is ansiúd. Mór an scrupall agus an neamhaird é.