Tomás Ó Neachtain as an Spidéal ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis in OÉ, Gaillimh

Bhuaigh Tomás Ó Neachtain Corn Uí Riada, príomhghradam an tsean-nóis ag Oireachtas na Gaeilge, faoi dhó

Tomás Ó Neachtain as an Spidéal ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis in OÉ, Gaillimh

Tá Tomás Ó Neachtain, as an gCoilleach sa Spidéal i gConamara, ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Bhuaigh Ó Neachtain Corn Uí Riada, príomhghradam an tsean-nóis ag Oireachtas na Gaeilge, faoi dhó, i 1980 agus i 1981.

Ní hé seo an chéad uair ach oiread ag muintir Neachtain aitheantas a fháil ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimhe as a gcumas ealaíon agus in 2009 ceapadh Seosamh Ó Neachtain, mac Thomáis, mar Rinceoir Cónaitheach Sean-nóis na hollscoile, an chéad duine riamh ar bronnadh an gradam sin air.

Beidh sraith ceardlann á tabhairt ag Tomás Ó Neachtain san ollscoil sa bhfómhar agus arís san earrach agus beidh a chuid amhrán á dtaifeadadh aige don gcartlann sean-nóis atá á bailiú ag Ionad an Léinn Éireannaigh, mar a mbeidh sé lonnaithe.

I ráiteas a d’eisigh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh faoina cheapachán, dúradh go maireann stíl a athar, Tomás, ina ghuth.

“Nuair a chasann Tomás amhrán, cloistear guth ard binn glan agus stíl a athar ann. Is breá le Tomás na hamhráin throma a chanadh: ‘An Droighneán Donn’, ‘Tomás Bán Mac Aogáin’ agus ‘An Chaora Ghlas’, amhráin a tháinig anuas ó ghlúin go glúin ag muintir  Neachtain,” a dúradh.

Is iad Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon agus Ionad an Léinn Éireannaigh, OÉ Gaillimh, a chuireann maoiniú ar fáil chun amhránaí cónaitheach a cheapadh san ollscoil.

Fág freagra ar 'Tomás Ó Neachtain as an Spidéal ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis in OÉ, Gaillimh'