Toghcheantair chinniúnacha don DUP i ndiaidh an achrainn sa pháirtí

Agus toghchán Stormont buailte linn tugann Tuairisc.ie sciuird thart ar na toghcheantair i dTuaisceart Éireann. An babhta seo,  an Dún Theas, an Dún Thuaidh agus Loch Cuan

Toghcheantair chinniúnacha don DUP i ndiaidh an achrainn sa pháirtí

Toghcheantair chinniúnacha don DUP iad na trí cinn seo. Tar éis an chogaidh idir eite thraidisiúnta an pháirtí agus lucht leanta Jeffrey Donaldson tá an DUP sa Dún Theas tréigthe ag oifigigh logánta agus iad imithe chuig an TUV. Tá suíocháin dá gcuid i mbaol i nDún Thuaidh agus i Loch Cuan

An Dún Theas

Beirt ag Sinn Féin, beirt ag an SDLP agus duine ón DUP a toghadh sa Dún Theas in 2017. Ba é an UUP a chaill suíochán nuair a laghdaíodh líon na dTeachtaí. Comhartha sóirt ar an suaitheadh sa DUP is ea é go bhfuil an seanfhondúir Jim Wells, an té a toghadh don DUP, éirithe as an bpáirtí agus é ag tacú le Harold McKee an TUV. Cor casta eile sa scéal é gurb é McKee a chaill suíochán an UUP in 2017. D’fhág sé an UUP mar agóid in aghaidh leagan amach liobrálach an cheannaire nua, Doug Beattie.

Chaill Wells aoireacht an DUP in Stormont ceithre bliana ó shin ach bhí sé fós gníomhach sa pháirtí go dtí gur dhíroghnaigh an cheannaireacht é le haghaidh an toghcháin i mbliana. Dhiúltaigh ardchomhairle an pháirtí dá iarracht chun a chara Edwin Poots a aistriú isteach sa cheantar agus dá bhuíochas, thacaigh siad le Diane Forsythe mar iarrthóir. Ní ghlacfadh Wells léi agus d’fhógair sé go dtacódh sé leis an TUV agus le cur chuige traidisiúnta sóisialta Harold McKee. D’fhág se an DUP agus baineadh siar as daoine nuair a lean seachtar oifigeach an pháirtí sa toghcheantar, an coiste iomlán, é go campa an TUV. Chuir siad i leith an DUP gur léirigh said drochmheas ar an bpáirtí áitiúil nuair a bhrúigh siad iarrthóir doghlactha orthu.

Buille síceolaíoch agus caidreamh poiblí é sin don DUP agus ba léir gur údar imní é. Bhí leithéidí Paul Givan, an t-iar-chéadaire ag tathant ar aontachtaithe tacú le Diane Forsythe mar gurb é an DUP an t-aon pháirtí aontachtach a d’fhéadfadh an suíochán a bhaint.

Bhí gar do chuóta ag Wells in 2017, leathchuóta ag an UUP a bhfuil Jill MacAuley ag seasamh dóibh an uair seo agus beagán le cois 1% ag an TUV. Má bhaineann an TUV plaic as vóta Forsythe agus na trí páirtithe aontachtacha a bheith cothrom go leor bheadh an-seans ag Patrick Brown an pháirtí Alliance le dul chun tosaigh orthu. Bhí 14% den vóta aige san olltoghchán in 2019 agus tá suíochán tionóil anseo áirithe mar sprioc le fada aige.

Ceapadh gurb é an dara suíochán de chuid an SDLP a bheadh i mbaol ó Alliance agus is eatarthu a bhí an choimhlint don gcúigiú suíochán in 2017. Chothaigh an raic sa DUP ceisteanna faoin tuar sin, áfach. Is iad Colin McGrath agus Karen McKevitt iarrthóirí an SDLP. Tá Sinéad Ennis as Sinn Féin ag cosaint a suíocháin agus iarrthóir nua, Cathy Mason, sa tóir ar an dara suíochán a bhí acu.

Dáréag atá san iomaíocht, iarrthóirí ag an gComhaontas Glas, Pobal Seachas Brabús, Aontú agus neamhspleách amháin. Díol suntais a dtarlóidh don dá shuíochán dheireanacha.

An Dún Thuaidh

Beirt ón DUP, agus duine ón UUP, duine ó Alliance agus duine ón gComhaontas Glas a toghadh anseo in 2017, ach tá ceann de na suíocháin caillte ag an DUP le bliain agus seans maith nach bhfaighidh siad ar ais é.

Tá Alex Easton a d’éirigh as an DUP anuraidh ag seasamh mar neamhspleách agus cuid d’oibrithe an DUP imithe leis agus an chosúlacht air go n-aththoghfar é. Chaill an páirtí suíochán anseo in 2017 ach bhí dhá chuóta agus ceathrú acu, níos mó na a leath ag Easton. Is iad Stephen Dunne agus Jennifer Gilmour iarrthóirí an DUP an t-am seo agus suíochán amháin anseo dóibh cinnte,a deirtear. Tá an dara suíochán mar sprioc ag páirtí na comhghuaillíochta, Alliance, áfach, ó bhain Stephen Farry an suíochán Parlaiminte in 2019 le móramh maith.

Tá siad muiníneach go n-éireoidh le Andrew Muir a shuíochán a choinneáil agus go dtoghfar a chomhiarrthóir Connie Egan.

Tá a shuíochán á chosaint ag Alan Chambers an UUP a raibh cuóta agus fuílleach aige cheana. Tá comhiarrthóir ina theannta, Naomi McBurney. Tá Rachel Woods ag cosaint an tsuíocháin is faide atá ag an gComhaontas Glas i dTuaisceart Éireann. Bhain Stephen Agnew an suíochán in 2011 agus choinnigh é. Comhthoghadh Woods nuair a d’éirigh Agnew as.

Tá beirt neamhspleách eile sa rás chomh maith le hiarrthóir ón TUV agus Caomhach. Níl aon suíochán náisiúnach sa toghcheantar seo, ach beifear ag faire ar thionchar na n-aistrithe ó iarrthóirí an SDLP agus Shinn Féin. An chun tairbhe an Chomhaontais Ghlais nó Alliance a rachaidh siad? D’fheadfaidís a bheith cinniúnach.

Loch Cuan

Ba é seo an t-aon toghcheantar inar éirigh leis an DUP trí shuíochán a bhaint in 2017 agus measann lucht anailíse go bhfuil an tríú teachta i gcontúirt mhór. Údar spéise é go bhfuil an SDLP ag cnagadh ar an doras anseo le fada ach é á thuar go bhfuil seans an-mhaith acu an iarraidh seo.

Tríur ón DUP, duine ón UUP agus duine ó Alliance a bhí anseo. Ta dáréag san iomaíocht. Tá Michelle McIlveen, aire oideachais Stormont, Peter Weir iar-aire oideachais agus Harry Harvey, a comhthoghadh in áit Simon Hamilton, ag cosaint trí shuíochán an DUP. Bhain siad na trí shuíochán le 2.4 cuóta, ach más fíor do na pobalbhreitheanna ní bheidh an rath céanna orthu an t-am seo, go háirithe agus Conor Cooper an TUV ag iarraidh buille éigin a thabhairt dóibh. Chaill an UUP suíochán ach toghadh iarcheannaire an pháirtí Mike Nesbitt in 2017. Tá seisean agus Philip Smith san iomaíocht don UUP. Bhí an suíochán eile ag Kellie Armstrong, Alliance, a bhfuil Nick Mathison mar chomhiarrthóir aici agus iad sa tóir ar an dara suíochán.

Bhí an SDLP i bhfoisceacht 225 vóta do Peter Weir an DUP a fuair an suíochán deiridh cúig bliana ó shin. Tá iarrthóir nua ag SDLP an t-am seo, Conor Houston, dlíodóir a bhfuil tacaíocht aige ón iar-iarrthóir Joe Boyle. Díol suntais é gur eisigh an t-iar-imreoir rugbaí Andrew Trimble teachtaireachtaí ag tacú le Houston.

Ta an Comhaontas Glas, Sinn Féin agus neamhspleách i measc an dáréag iarrthóirí freisin.

Má tá dhá shuíochán DUP slán agus má bhíonn ceann ag an UUP agus ceann ag Alliance meastar go mbeidh Houston an SDLP, Mathison ó Alliance agus duine de thriúr an DUP san iomaíocht don suíochán deiridh.

Fág freagra ar 'Toghcheantair chinniúnacha don DUP i ndiaidh an achrainn sa pháirtí'