TOGHCHÁN 2020: Is cosúil go bhfuil Micheál Martin ar a bhealach isteach go dtí oifig an Taoisigh

Ag breathnú ar na dáilcheantair go léir, mura dtagann athrú mór ar an scéal ag ceachtar acu, is mó seans atá ag Fianna Fáil ná Fine Gael cur lena líon suíochán

TOGHCHÁN 2020: Is cosúil go bhfuil Micheál Martin ar a bhealach isteach go dtí oifig an Taoisigh

Má tá cuma chiotach ar Fhine Gael – praiseach chomóradh an RIC, míshástacht fhorleathan faoi chúrsaí tithíochta, aird in athuair ar chás na dtralaithe – tá muinín le tabhairt faoi deara i measc lucht Fhianna Fáil. Tá a gcuid tacaíochta do pholasaithe an rialtais curtha ar leataobh acu, agus súil acu gur i ndearmad atá sí imithe.

Ach an bhfuil sé réalaíoch ag Micheál Martin a bheith ag smaoineamh faoi mhóramh Dála a bhaint amach dá pháirtí in éineacht le Comhaontas Glas agus Páirtí an Lucht Oibre? An féidir leo dáiríre an lámh in uachtar a fháil ar Fhine Gael?

Ó thús 2018 ar aghaidh léirigh na pobalbhreitheanna go raibh Fine Gael chun cinn go rialta ar Fhianna Fáil, cúig phointe nó mar sin go hiondúil. Ní nach ionadh, agus comharthaí dá leithéid ann nach n-éireodh leis, go raibh drogall ar Mhicheál Martin tabhairt faoi olltoghchán.

Tháinig athrú ar an scéal, ámh, sna toghcháin áitiúla i lár an tsamhraidh, nuair a bhain Fianna Fáil an chéad áit amach le 26.9% den vóta i gcomparáid le 25.2% ag Fine Gael. Ó shin i leith bhí an dá pháirtí céim ar chéim i gcónaí, cé gur léirigh an dá phobalbhreith is déanaí, agus an t-aon cheann ó thús an fheachtais ar cheann acu, go bhfuil Fianna Fáil imithe chun cinn.

Ag breathnú ar na dáilcheantair go léir, mura dtagann athrú mór ar an scéal ag ceachtar acu, is mó seans atá ag Fianna Fáil ná Fine Gael cur lena líon suíochán. Tá seacht gcinn inbhainte amach dóibh – i gcontae an Chláir, Baile Átha Cliath Láir, Baile Átha Cliath Thiar-Thuaidh, Baile Átha Cliath Theas Lár, Baile Átha Cliath Thiar-Theas, Dún Laoghaire agus Cill Dara Theas.

Chomh maith leis sin tá seans beag éigin ag an bpáirtí i Longfort-Iarmhí, i gcontae Lú agus Loch Garman.

Ba chóir go gcoinneoidís na suíocháin eile atá acu, seachas i nDún na nGall, b’fhéidir, áit a mbeidh 39% de na vótaí céad rogha ag Shinn Féin más fíor don phobalbhreith a rinneadh do TG4.

Tá seans láidir acu mar sin níos mó na caoga suíochán a bhaint amach, b’fhéidir idir 52 agus 55. Chuirfeadh sé sin chun tosaigh ar Fhine Gael iad, ach bheidís i bhfad ó mhóramh a bheith acu.

Caithfidh mé súil níos géire ar Chomhaontas Glas agus ar Pháirtí an Lucht Oibre níos deireanaí sa tsraith seo, ach fiú agus tacaíocht timpeall 13% acu sna pobalbhreitheanna, agus tacaíocht ó roinnt neamhspleách ar nós na Healy-Raes, Mattie McGrath is eile, beidh Fianna Fáil gann ar an 80 suíochán atá riachtanach chun rialtas a bhunú.

Sa gcás sin, beidh socrú eile muiníne is soláthair ag teastáil, ach ceapaim go mbeidh Fine Gael ag lorg níos mó ná sin. Comhrialtas a bheidh uathu, is dócha.

Thairg Fine Gael comhrialtas d’Fhianna Fáil i ndiaidh olltoghchán 2016, ach níor theastaigh ó Fhianna Fáil ligean do Shinn Féin a bheith i gceannas ar an bhfreasúra go hoifigiúil, is chinn siad ar an gcleas muiníne agus soláthair.

Ach ceapaim gur cuma le Fine Gael an seasamh sin a bheith ag Sinn Féin, mar níl siad i gcomórtas leis an bpáirtí sin sa gcaoi chéanna le Fianna Fáil agus b’fhearr leo páirt a bheith acu sa rialtas.

Ar ndóigh, bíonn na páirtithe go léir i gcomórtas le chéile i gcónaí ach tá nimh faoi leith ag baint leis an gcaoi a labhraíonn Micheál Martin faoi Shinn Féin.  Go deimhin tá sé imithe chomh mór sin thar fóir nach bhféadfadh sé féin socrú rialtais a dhéanamh leo – cé nach mbeadh an bac céanna ar pholaiteoir éigin eile ó Fhianna Fáil dá seasfadh Martin ar leataobh.

Is é sin le rá nach féidir comhrialtas le Sinn Féin a chur as an áireamh, ach ní tharlóidh sé agus Micheál Martin ina Thaoiseach.

Nuair a thiocfaidh an crú ar an tairne cé acu ab fhearr don ghnáthbhall i Fianna Fáil, socrú lena naimhde traidisiúnta i bhFine Gael nó socrú le Sinn Féin, a bhfuil polasaithe acu atá cóngarach go maith don dearcadh a bhíodh ag Fianna Fáil sna tríochaidí?

Beidh Fine Gael ag iarraidh aird an phobail a dhíriú ar dhea-staid na heacnamaíochta – mar dhea – ach, cé gur thug Fianna Fáil tacaíocht don rialtas chun ligean dóibh a gcuid polasaithe tithíochta is sláinte a chur i bhfeidhm, beidh Fianna Fail ag déanamh ionsaí ar an rialtas mar gheall ar na scéalta sin.

Mar a tharlaíonn, léiríonn pobalbhreitheanna gurb í an tithíocht an t-ábhar is mó atá ar intinn an phobail, agus cúrsaí sláinte an dara hábhar.

Is cosúil go bhfuil Micheál Martin ar a bhealach isteach go dtí oifig an Taoisigh, ach cé leis a dhéanfaidh sé socrú agus cén socrú a dhéanfar?

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: Is cosúil go bhfuil Micheál Martin ar a bhealach isteach go dtí oifig an Taoisigh'