Tógáil croí i Liospóin – an siopa leabhar agus an peann tobair

Cuireann an siopa leabhar sa chathair thar sáile i gcuimhne duit go bhfuil saol eile ann seachas saol an Bhéarla

Tógáil croí i Liospóin – an siopa leabhar agus an peann tobair

Bhí dúil mhór ag an scríbhneoir Seosamh Mac Grianna i siopaí leabhar. Scríobh sé roinnt alt ag moladh an tsiopa leabhar agus é ag siúl leis i mBaile Átha Cliath fadó fadó. D’aimsigh sé tearmann iontu go minic agus seal suaimhnis i measc na leabhar.

Is dócha gur beag léitheoir de chuid an tsuímh seo nach gcuireann spéis ina leithéid. Déarfainn, dá luafainn baile nó sráidbhaile ar bith in Éirinn, go mbeadh léitheoirí in ann a rá cé acu atá siopa leabhar ar an bhaile sin nó nach bhfuil. Ní fada, agus tú ar saoire in áit nua, go gcuireann tú boladh an tsiopa leabhar, bíodh is gur cinnte gur thug tú leabhar nó dhó ar an aistear leat.

Tharla i Liospóin cois cuain den chéad uair riamh mé agus, sea, níor luaithe, agus mé ag spaisteoireacht faoin chathair ar an dóigh Ghriannach, gur mhothaigh mé siopa amháin leabhar, an dara ceann agus an tríú ceann agus sin gan dianchuardach ar bith ar siúl agam.

Níl Portaingéilis agam ach ábhar iontais a bhí ann an oiread sin daoine a fheiceáil sna siopaí. Cinnte, bhí cuairteoirí i measc an tslua, iad ag fánaíocht ó áit go háit ach ba léir, ar fhianaise na gcluas, go raibh mórán de phobal na cathrach sna siopaí fosta agus iad ag caint le lucht díolta na leabhar. Bhí rogha mhór leabhar ann – ó ábhar trom staire agus ficsin go hábhar éadrom Marvel. (Tá Portaingéilis ag Iron Man agus Elektra.)

Tógáil croí atá ina leithéid. Tá a fhios againn uilig go léir nach é an Béarla an t-aon teanga amháin ar an domhan. Mar sin féin, cluineann muid Béarla chomh minic sin gur doiligh a chreidbheáil in amanna. Cuir san áireamh fosta go mbíonn na nuachtáin líon lán le léirmheasannna ar leabhair Bhéarla agus is doiligh an t-éadóchas a ruaigeadh. Cuireann an siopa leabhar sa chathair thar sáile i gcuimhne duit, mar chainteoir, mar léitheoir, mar scríbhneoir fiú, go bhfuil saol eile ann, le léitheoirí agus scríbhneoirí, iad ag streachailt leo, ina dteanga dhúchais féin.

Ach ní hiad na siopaí leabhar amháin a tharraing m’aird ach na siopaí stáiseanóireachta nó bhí siad sin chomh líonmhar céanna leis na siopaí leabhar. Bhí an gnáthpháipéar ann a mbeifeá ag dúil leis in Eason’s féin; leabhar nótaí scoile, srl. Ach, lena chois sin, bhí páipéar luachmhar ardchaighdeáin go flúirseach ann: Rhodia; Moleskine; Leuchtturm; an páipéar deas sin a shantaíonn lucht scríofa na bpeann tobair.

Ní gléas é an peann tobair a bhíonn in úsáid ag mórán Éireannach ar na saolta seo ach ba léir go raibh dúil ag aos dána Liospóin ann. Is iad a bhí líonmhar: Pelikan; Graf von Faber Castell; Lamy; Cross; Parker; Waterman; Kaweco agus, ar ndóigh, an ceann is costasaí agus is clúití (murab ionann agus is fearr) Montblanc.

Bhí na seilfeanna lán roghanna difriúla peann tobair agus ba léir go raibh éileamh ag daoine orthu. Bhí bean i siopa amháin agus í ag déileáil le custaiméirí ar bhonn rialta. Ó tharla gur neach truacánta mé a cheannaíonn pinn go rialta, chuaigh mé chun cainte léi.

Bhí Béarla den scoth aici, ní hamháin Béarla laethúil den scoth, í in ann labhairt leat faoin tsaol, ach bhí sí in ann labhairt ar phinn gan stró ar bith.

Ba sna pinn tobair a bhí a croí agus labhair sí ar na huirlisí beaga seo ar nós gurbh objets d’art iad. Dán a bhí ina cuid cainte ar an pheann tobair, ar an difear idir an gob a bhí déanta as ór nó cruach, ar an dúch ab ansa léi, ar an dóigh ab fhearr le peann tobair a ghlanadh agus, sa deireadh, ar an chostas. Bhí pinn ann nach raibh chomh daor sin agus cinn a mbeadh deontas ón Fhoras de dhíth ort lena gceannach.

‘Montblanc?’ a d’fhiafraigh mé go ciúin. Ba leor nod don eolach. ‘Róchostasach ar pheann atá déanta as roisín,’ a deir sí i gcogar. Bhí Montblanc ar díol i gcoirnéal eile den tsiopa nach raibh faoina cúram. ‘Má tá tú le hairgead mór a chaitheamh, faigh peann tobair atá déanta as ábhar sainiúil difriúil.’

Tharraing sí peann de chuid Graf von Faber Castell as an chófra a raibh adhmad ar leith air. Shílfeá gur ag tógáil páiste as an chliabhán a bhí sí.

Á, tá rómáns ag baint leis an pheann i Liospóin. Bheadh bród ar fhear Dhoire a fháil amach go raibh daoine ar an tsaol go fóill ar lorg an ‘squat pen’ lena bhfís a fhíorú.

Ar cheannaigh mise peann? Bhuel, anois, a chara, an dtuigeann tú, an rud a tharlaíonn i Liospóin…

Fág freagra ar 'Tógáil croí i Liospóin – an siopa leabhar agus an peann tobair'

  • Aidan Duggan

    Iontach!