‘Todhchaí na hÉireann’ an t-ábhar machnaimh ag náisiúnaithe atá buartha faoin mBreatimeacht

Údar buartha an-mhór é ag daoine ó thuaidh go bhfágfaidh an Breatimeacht go gcaillfidh siad cearta atá acu de réir dlí

‘Todhchaí na hÉireann’ an t-ábhar machnaimh ag náisiúnaithe atá buartha faoin mBreatimeacht

‘Todhchaí na hÉireann’ is teideal uaillmhianach do chomhdháil a reáchtálfar i mBéal Feirste Dé Sathairn. Ní fóram uile-Éireann eile í agus níl sí uileghabhálach ach maíonn a lucht eagraithe gur iarracht í chun a dhul i ngleic leis na dúshláin a eascraíonn ón mBreatimeacht.

Is iad an grúpa a scríobh chuig an Taoiseach Leo Varadkar cheana chun a mbuairt faoi thionchar an Bhreatimeachta ar chearta (Eorpacha) na saoránach abhus a chur in iúl dó a d’eagraigh an chomhdháil agus beidh sí ar siúl i Halla an Waterfront. Ba iad an dlíodóir Niall Murphy agus an tráchtaire agus staraí Brian Feeney a d’fhógair an chomhdháil. Teastaíonn uathu go gcloisfear glór na ndaoine nach bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu, ar siad. D’ainneoin gur vótáil 56% den phobal abhus in aghaidh an Bhreatimeachta, a mhalairt d’aidhm atá á cur chun cinn ag polaiteoirí aontachtacha.

Beidh cainteoirí ó dhá thaobh na teorann ann. Ina measc an tAire Oideachais, Joe McHugh, leascheannaire Fhianna Fáil, Dara Calleary, uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald agus ceannaire an SDLP, Colum Eastwood, chomh maith le feachtasóirí, tráchtairí agus ionadaithe ón earnáil dheonach.

‘Náisiúnaithe ag caint leo féin’ a deir lucht cáinte na comhdhála, iad míshásta nach bhfuair aontachtaithe cuireadh. Mhaígh tráchtaire aontachtach gur chóir deis chainte a thabhairt do leithéidí Sylvia Hermon, an feisire aontachtach neamhspleách atá ina cadhan aonair in Westminster mar ionadaí ar an móramh abhus in aghaidh an Bhreatimeachta chrua. Maíonn daoine eile gur gá freagra trasphobail ón móramh atá in aghaidh an Bhreatimeachta agus gur botún é comhdháil a eagrú do náisiúnaithe amháin.

Níl aon dabht ach go bhfuil gá lena leithéid agus fíorghá le dioscúrsa uileghabhálach, go háirithe má táthar ag caint ar reifreann faoin teorainn. Seans gur chéim níos faide ar aghaidh a bheadh ansin. Sula mbeadh reifreann ann faoi cheist chomh híogair agus chomh conspóideach bheadh gá le Páipéir Bhána, Páipéir Ghlasa agus an-chuid anailíse. Sula dtabharfaí an dá thaobh le chéile ag comhdháil, bheadh plé idir na haontachtaithe féin chomh riachtanach le machnamh na náisiúnach.

Bí cinnte go mbeidh caint ar reifreann ag an gcomhdháil an Satharn beag seo, ach is iad na ceisteanna faoin mBreatimeacht chrua nó gan mhargadh an gad is giorra don scornach ag an lucht eagair faoi láthair. Deir siad gur furasta a thuiscint gur díríodh an chuid is mó den phlé go dtí seo ar an gcúlstad agus teorainn chrua ach gur údar buartha an-mhór é an baol go gcaillfidh daoine abhus na cearta atá acu de réir dlí faoi láthair de bharr ballraíocht na Breataine san Aontas Eorpach. I measc na n-ábhar atá ag déanamh tinnis dóibh tá cearta oideachais agus cúram sláinte trasteorann agus easpa ionadaíochta don tuaisceart i bParlaimint na hEorpa. Tá pas Éireannach ag líon mór de phobal an tuaiscirt agus, ar ndóigh, faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta tá sé de cheart ag gach duine saoránacht Éireannach nó Bhriotanach, nó an péire, a roghnú. Conas a chosnófar na cearta a ghabhann leis an gceart sin i ndiaidh an Bhreatimeachta?

Rinne roinnt daoine nasc idir an ghuagacht faoin mBreatimeacht agus an géarú ar fhoréigean na n-easaontóirí poblachtacha, an carrbhuama scanrúil i nDoire agus eachtraí eile sa Chreagán, i dTaobh an Bhogaigh, i mBaile na gCailleach i gcathair Dhoire agus i mBéal Feirste. N’fheadar. Mheas daoine eile gur iarracht a bhí ann chun gníomh ‘spleodrach’ a dhéanamh tráth a raibh imeachtaí stairiúla, tús chogadh na saoirse agus bunú na Chéad Dála, á gcomóradh ó dheas. Cibé cúis a bhí acu, chuir na hionsaithe isteach go mór ar ghnáthdhaoine. Thairis sin mhúscail siad an tseancheist faoin lámh láidir in Éirinn. Cé nach bhfuil an téama sin ar chlár na comhdhála Dé Sathairn ní féidir é a sheachaint sa phlé faoin todhchaí i bhfianaise na meargántachta a léirigh an IRA Nua i nDoire agus an chontúirt go dtapóidís aon deis a gheobhaidís dá mbeadh teorainn chrua ann.

Fág freagra ar '‘Todhchaí na hÉireann’ an t-ábhar machnaimh ag náisiúnaithe atá buartha faoin mBreatimeacht'