Titim mhór i líon na ndaoine óga atá ina gcónaí i gcontaetha Gaeltachta – Daonáireamh 2016

Tá daonra na hÉireann ag dul in aois agus an mheánaois anois ag 37.4 bliana, 1.3 bliain níos airde ná an mheánaois in 2011

Titim mhór i líon na ndaoine óga atá ina gcónaí i gcontaetha Gaeltachta – Daonáireamh 2016

Tá líon na ndaoine óga, idir 18 agus 30 bliain d’aois, atá ina gcónaí i  gcontaetha Gaeltachta na hÉireann tite go mór  le cúig bliana anuas, de réir staitisticí a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu.

Tá na figiúirí do na contaetha Gaeltachta, Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí, ag teacht leis na figiúirí don stát trí chéile. Tá daonra na hÉireann ag dul in aois agus an mheánaois anois ag 37.4 bliain, 1.3 bliain níos airde ná an mheánaois in 2011.

Tá na daoine atá idir 18 agus 30 bliain d’aois ar an aoisghrúpa is lú i ngach aon chontae Gaeltachta, agus tá an mheánaois sna contaetha sin níos airde ná an mheánaois náisiúnta — 37.5 i nGaillimh agus i gCorcaigh, 38.5 i nDún na nGall, 40.2 i gCiarraí agus i Maigh Eo, agus 38.4 i bPort Láirge, i gcomparáid le 37.4 go náisiúnta. Ba í an Mhí an t-aon chontae Gaeltachta a raibh an mheánaois níos lú ná an mheánaois náisiúnta.

I gcás na gcontaetha a bhfuil eolas ar fáil don cheantar tuaithe agus an ceantar cathrach iontu, Corcaigh agus Gaillimh, tá difríocht shuntasach idir líon na ndaoine óga atá ag cur fúthu i gceantair tuaithe agus líon na ndaoine óga atá ag cur fúthu sa cheantar uirbeach.

Tháinig titim ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i gcontaetha Gaeltachta idir Daonáireamh 2011 agus Daonáireamh 2016. I measc chainteoirí óga sa Ghaeltacht a tharla an titim ba shuntasaí.


Gaillimh


Ciarraí


Dún na nGall


Corcaigh


Maigh Eo


An Mhí


Port Láirge


Grafaicí eolais: CSO

Fág freagra ar 'Titim mhór i líon na ndaoine óga atá ina gcónaí i gcontaetha Gaeltachta – Daonáireamh 2016'