Tine mhór i gConamara scaipthe taobh amuigh de thalamh Coillte

Tá baill foirne Coillte ar láthair na tine foraise i gConamara agus baill na briogáide dóiteáin agus an Aerchóir ar a ndícheall ag iarraidh an loscadh a mhúchadh

Tine mhór i gConamara scaipthe taobh amuigh de thalamh Coillte

Tá deimhnithe ag Coillte go bhfuil an tine foraoise ar an gClochbhaile i gConamara anois scaipthe go talamh príobháideach. Dúirt urlabhraí de chuid an chomhlachta foraoiseachta le Tuairisc.ie tráthnóna go bhfuil an tine atá “imithe ó smacht” leata anois taobh amuigh de thalamh Coillte.

Tá baill foirne ar an láthair anois agus baill na briogáide dóiteáin agus an Aerchóir ar a ndícheall ag iarraidh an tine a mhúchadh. Tá os cionn 1,500ha den choill ar an gClochbhaile i gceantar Mhaigh Cuilinn scriosta ag an tine.

Tá dhá héileacaptar ar an láthair le cúpla lá anuas agus iarrachtaí ar bun ag an Aerchór an tine a chur faoi smacht, ach cheana féin tá ráite ag Coillte go bhfuil go leor leor dochair déanta ag na tinte i nGaillimh agus ar fud na tíre agus go mbeidh “na billiúin” i gceist le crainn a chur athuair sna coillte a scriosadh.

Tá na mílte lítear uisce á ndoirteadh ar an gcoill ó na héileacaptair agus tá an bhriogáid dóiteáin ag déanamh iarracht an tine a cheansú chomh maith.

Bhí faitíos ann inné go scriosfaí an fheirm ghaoithe atá sa choill nuair a bhí an tine i ngiorracht 40m de na tuirbíní gaoithe ach cuireadh toitbhearnaí in áit aréir ag Páirc Ghaoithe na Gaillimhe agus tá an baol sin laghdaithe anois.

Tá an tine ar an gClochbhaile ar cheann de na tinte is mó le blianta fada anuas agus í 5km ar fad agus suas le 20m ar airde.

Dúirt Mark Carlin ó Coillte an tseachtain seo nach raibh tine mhór sa cheantar ó bhí 1977 ann agus gur thóg sé tuairim is 20 bliain sula raibh an choill ina ceart arís ina diaidh sin.

Dúirt sé freisin nach bhfuil dóchas aige go múchfar na tinte go dtiocfaidh an bháisteach. Tá ráite ag Met Éireann nach dtitfidh aon bháisteach go deireadh na seachtaine seo chugainn.

Fág freagra ar 'Tine mhór i gConamara scaipthe taobh amuigh de thalamh Coillte'