Thugamar féin an samhradh linn – i marquee na tuaithe

Ba sna hallaí agus sa marquee a chuir daoine aithne ar a chéile faoin tuath, aithne rómánsúil freisin

Thugamar féin an samhradh linn – i marquee na tuaithe

Seacht gcinn déag d’oícheanta samhraidh – damhsa chuile oíche. Fear óg ag tabhairt tuairisc ar a shaol sóisialta. Ní i Londain ná i Nua-Eabhrac, ná i gclubanna Shráid Leeson i mBaile Átha Cliath, a tharla sé seo; tharla sé i gcroílár na tuaithe sa samhradh, tráth dá raibh i gConamara.

Is dóigh gur deacair a thuiscint anois go raibh na deiseanna sóisialta sin ann. Ach bhí. Damhsaí ar fud na háite sna hallaí agus cár fhága tú an Marquee?

Bhíodar ar fud na tuaithe. Ollphuball a baisteadh i nGaeilge ar an marquee. Cosúlacht cinnte a bhí ann go raibh an samhradh linn …agus thugamar féin an samhradh linn! Bhuel, daoine thar a chéile.

Ba sna hallaí agus sa marquee a chuir daoine aithne ar a chéile faoin tuath, aithne rómánsúil freisin, agus ba ansin a fáisceadh cairdeas agus ceangail a mhairfeadh go deo, nó b’fhéidir scaitheamh.

Ach céard atá tarlaithe le himeacht na mblianta agus cá ndeachaigh samhradh agus marquee na tuaithe? Fear as Baile Conaola a thug léargas ar an scéal ar cheann de na hoícheannta meirbhe sin le gairid. Chaithfeá, a deir sé, a dhul go croí na ceiste – an chúirtéireacht!

Ar seisean: ‘Ba í an iothlainn – garraí na gcocaí féir– an t-ionad cúirtéireachta faoin tuath san aimsir a caitheadh. D’athraigh an saol agus ba é an carr an príomhionad cúirtéireachta ar feadh i bhfad agus ansin, d’athraigh an saol aríst.” Chuir sé teannadh leis an abairt chainte sin ar na focail dheireanacha –”d’athraigh an saol aríst!’

Cá bhfuil muid anois?

Inseoidh mise duit é sin, a deir fear Bhaile Conaola agus bhain sclog as a phionta. “Ar an diabhal sin de ríomhaire a chuireann go leor daoine óga aithne ar a chéile anois. Cuirtear teachtaireachtaí amach ar na rudaí seo agus buaileann daoine le chéile ar an gcaoi sin. Ansin tá árasáin ag go leor acu agus tá sé sin tagtha isteach san áit a mbíodh an iothlainn agus an coca féir. D’aon léim amháin tá an bheirt- agus iad an-óg go minic – socraithe isteach in éineacht. Níl gá ar bith le seacht n-oíche dhéag damhsaí anois nó go sroichfidh tú an pointe sin.”

Oíche mheirbh a bhi inti – bhí sé meirbh ó mhaidin go faoithin – an lá céanna. Nach breá an aimsir marquee a bheadh inti i ngarrantaí na tuaithe tráth den saol? “Sin saol nach bhfeicfidh tú aríst,” a deir fear Bhaile Conaola.

Bhí a phionta caite siar aige faoin tráth seo agus ceann eile glaoite. Chuir a lámh faoina smig: “Is cuimhneach liom an marquee a bhíodh sa gCloigeann (tuairim ocht míle siar ón gClochán i gConamara). An fear a mba leis garraí an mharquee, bhíodh an féar bainte aige luath sa mbliain agus ina chocaí beaga le taobh an chlaí teorann. Thiocfadh aimsir an mharquee agus a m’anam agus gur baineadh leas as an gcarnán féir freisin! Ní raibh aon ‘apartment’ ann.”

“Sin é anois agat é, mar sin a d’imigh an mharquee,” a deir fear Bhaile Conaola, agus é sásta go raibh sé buailte ar an speireach aige.

Thugamar féin an samhradh linn.

Bhí an ghealach órga ina banríon ar na spéartha agus muid ag teacht aniar faoi scáth na mBeanna Beola, mar a bhíodh in aimsir an mharquee.

Ach bhíodh glas-aimsir ann freisin.

Dhá lá roimhe sin a thug Danny Ó Flatharta, fear an cheoil agus fear na gcurachaí anall as Texas, cuairt orainn in Ionad na nImirceach i gCarna. Ar an spota céanna sin a bhíodh an seanhalla. Bhí na cuimhní cinn ag damhsa trína intinn agus an grúpa Meiriceánach a bhí leis faoi dhraíocht.

Rinne Danny aithris ar an siúl fada, faiteach a rinne sé tráth den saol trasna urlár an halla sin agus d’eitigh bean a chuireadh chun damhsa. Bhí sé náirithe. Dúirt léi nach bhféadfadh sé siúl ar ais ina phleidhce ach ní raibh de thoradh air sin ach gur bhuail sí iarraidh de sháil na bróige sa mbaithis air. Meall ar a bhaithis, é aonraic i lár an urláir, agus é náirithe!

Bhíodh glas-aimsir ann scaití freisin!

Thugamar féin an samhradh linn. Ní bheidh sé ann aríst.

Fág freagra ar 'Thugamar féin an samhradh linn – i marquee na tuaithe'