Cumadóir, amhránaí, ceoltóir il-uirlise agus ealaíontóir leictreonach í Róis (Rose Connolly) atá i mbun taiscéalaíochta i dtraidisiún amhránaíochta caointe na hÉireann agus á thabhairt ar ais ó na mairbh. Ar an albam is deireanaí léi, Mo Léan, sníonn sí gnéithe den traidisiún caointe le míreanna leictreonacha agus fonnadóireacht mhór phléascach chun an t-éisteoir a thabhairt ar thuras machnamhach.
D’fhás Róis aníos i dteaghlach ceolmhar i gcontae Fhear Manach.
“D’fhás mé aníos le ceol traidisiúnta na hÉireann. Bhí clann níos sine timpeall orm agus iad ag seinm an cheoil thraidisiúnta agus lean mise iad. De réir mar a bhí mé ag fás aníos bhí mé ag casadh ceoil agus amhrán is ag cur isteach ar chomórtaisí.
“Is iad na hamhráin thraidisiúnta as Béarla a chuala mé, níl aon Ghaeilge i mo theaghlach ar chor ar bith, ach bíonn go leor ciorcail amhránaíochta againn agus bhí muid sa bhFleadh agus rudaí mar sin.”
Is ag iarraidh seilbh a fháil ar an traidisiún Gaelach a bhí Róis nuair a shocraigh sí Gaeilge a fhoghlaim. Thug an teanga doras isteach di ar an traidisiún amhránaíochta sean-nóis agus caointe.
“Thosaigh mé ag foghlaim Gaeilge cúpla bliain ó shin agus shíl mé gurb in é an bealach is fearr a bhí agam le tuiscint níos fearr a fháil ar na hamhráin. Bhí suim agam sa gcaoineadh agus na traidisiúin sin agus bhí cara liom ag déanamh staidéir do PhD s’aici faoin ghné thrialach d’amhránaithe caointe.
“Níl a fhios acu go beacht cén fhuaim a bheadh ag na ‘keeners’. Measann sise go mbeadh sé an-scornúil agus trialach is tá suim agam ansin, tá suim agam a bheith ag cur brú ar na teorainneacha leis an nglór.”
D’airigh sí saoirse ina cuid amhránaíochta nuair a thosaigh sí ag foghlaim Gaeilge agus d’airigh sí go raibh sí ag filleadh ar a dúchas.
“Tá sé suimiúil, fuair mé scaoileadh éigin ionam féin trí bheith ag foghlaim Gaeilge. Tá mé ag iarraidh a bheith dílis agus labhairt sa teanga a bhfuil muid ceaptha a bheith ag labhairt inti.
“Thug sé cumhacht dom ceol a dhéanamh i mo theanga féin agus gan a bheith comhpháirteach i ndearmadú na Gaeilge níos mó. Bhí mé ag iarraidh úinéireacht a thógáil uirthi is an chumhacht chun mo theanga féin a labhairt a thógáil ar ais. Sílim go gcuireann sé macalla amach chuig daoine eile chun í a fhoghlaim agus tosnú á labhairt.”
Albam dátheangach is é Mo Léan ar a ndéantar machnamh ar nósanna a bhaineann leis an mbás. Tugann Róis gnéithe de thraidisiún na hÉireann san áireamh i dturas éisteachta an albaim, cloistear clog an aingil, na fógraí báis, agus meascán de liricí i mBéarla agus i nGaeilge a tharraingíonn ar thraidisiún dátheangach amhránaíochta na hÉireann. Is ag staidéar an cheoil san Ísiltír a bhí Róis nuair a moladh di filleadh ar cheol na hÉireann mar thobar inspioráide.
“Nuair a chríochnaigh mé an scoil chuir mé suim sa snagcheol agus chuaigh mé ar dtús go Baile Átha Cliath ag déanamh staidéir ar an gcumadóireacht. Ina dhiaidh sin chuaigh mé go dtí an Ísiltír.
“Nuair atá tú ag bogadh go tír eile faigheann tú dearcadh níos oscailte agus níos soiléire ar an áit as ar tháinig tú. Bhí na múinteoirí ansin ag moladh dom dul ar ais go dtí an ceol traidisiúnta, an traidisiún is fearr atá ar eolas agam. Creidim go mór mór go bhfuil scéal le tuiscint againn tríd na hamhráin seo.”
Ar a céad albam, Bean agus Uisce (2023), tharraing Róis ar bhéaloideas agus scéalaíocht a bhain le contae Fhear Manach agus Loch Éirne. Téann sí níos faide ná sin ina cuid machnaimh ar Mo Léan agus í ag breathnú ar an mbás agus na traidisiúin a bhaineann leis agus a bhain leis san am a caitheadh in Éirinn. Sníonn sí an sean agus an nua le chéile ar an albam chun saothar a chruthú atá fairsing agus trialach agus a léiríonn na buanna atá aici mar cheoltóir atá éirimiúil agus a bhfuil misneach aici.
Baineann sí úsáid ar an albam as giotaí de thaifeadtaí a rinne Alan Lomax sa mbliain 1951 de Chití Ní Ghallchóir, amhránaí as Gaoth Dobhair, agus í ag casadh amhrán caointe. Cé gur amhrán brónach atá ann, ní raibh Róis ag iarraidh gur albam brónach a bheadh ann, a deir sí.
Chuala sí an bunsampla den chaoineadh a chas Cití ar DDR agus tá sí an-bhuíoch gur tháinig sí trasna air.
“Tá beirt amhránaithe le cloisteáil ar an taifeadadh, ach níl ainm againn don amhránaí a cheol an ceann eile, ach tá a fhios againn gurb í Cití Ní Ghallchóir amhránaí amháin acu. Rinne mé féin is mo chara Risteard Ó hAodha ath-harmóin ar na hamhráin agus chuir seisean comhcheol galánta leis ar an bpianó.
“Nuair a chuir mé an rian seo le chéile níor theastaigh uaim go mbeadh sé dorcha agus brónach, bhí mé ag iarraidh go mbeadh mé ag nascadh le chéile an solas agus an dorchadas. Bhí mé ag iarradh an nasc leis an saol a chur ann, gur ceiliúradh ar an saol a bheadh ann.”
Measann sí go bhfuil muid scoite amach ón mbás sa lá atá inniu ann agus go mbíonn faitíos ar dhaoine labhairt air. Ina cuid taighde don albam chonaic sí go raibh áit sa traidisiún don chaoineadh ach go raibh áit ann freisin don cheiliúradh ar shaol an duine. Ba mhaith léi go mbeadh an t-albam seo ag teagmháil leis an ngné sin de na mothúcháin, áit éigin idir an solas agus an dorchadas.
“Ba maith liom catairsis a chruthú leis an albam, tá suim agam sa turas sin, ag fáil an lámh in uachtar ar an mbrón tríd an gcaoineadh. Cuirim spéis i bhfuaimdhreacha móra millteacha agus an duine a thógáil ar thuras intinne amach as an gcorp le dul ar strae sa gceol. Tá mé ag iarraidh go dtabharfaidh an t-albam na mothúcháin mhóra aníos!”
Beidh Róis le feiceáil beo in Amharclann Mick Lally I nGaillimh le linn na féile Tonnta.
Fág freagra ar '‘Thug sé cumhacht dom ceol a dhéanamh i mo theanga féin, gan a bheith páirteach i ndearmadú na Gaeilge níos mó’'