Thit múranna troma sneachta Domhnach na Fola

Gealladh tacaíocht do Ghaeil an Tuaiscirt ag cruinnithe CLG ar fud na tíre ar an 30 Eanáir 1972

Thit múranna troma sneachta Domhnach na Fola

Cothrom an lae seo go díreach 50 bliain ó shin, Dé Domhnaigh an 30 Eanáir 1972, thug peileadóirí Dhoire an bóthar ó dheas go Tuaim orthu féin, áit ar imir siad cluiche dúshláin in aghaidh na Gaillimhe. Buadh de chúilín orthu. Déarfainn áfach gur beag de mhúisiam a chuir sin orthu mar go mba ar mhaithe le hairgead a bhailiú do Chiste Fóirithinte Tuaisceart Éireann a eagraíodh an ócáid. (Tá cur síos ag duine d’imreoirí na Gaillimhe, Emmet Ó Fearghail, ar scéal an chluiche sin ar Tuairisc inniu.)

Bhí an cluiche thart nuair a chuala siad faoin slad a bhí tarlaithe ar shráideanna na cathrach as a bhfuil an contae ainmnithe fad agus a bhíodar i mbun imeartha – triúr déag sibhialtach neamharmtha scaoilte marbh, duine eile chomh dona agus gur bhásaigh sé tamall ina dhiaidh agus dosaen eile gonta.

Baill den Chéad Chathlán de Reisimint na bParaisiút a bhí ciontach.

An Domhnach céanna sin scóráil fear de bhunadh Dhoire, Brendan Bradley, cúl do Chláirsí na Finne in aghaidh Bohemians agus d’aimsigh Cork Hibernians ocht gcinn acu ina mbua ar Dhroichead Átha – leath díobh sin faighte ag Miah Dennehy.

Ó am go chéile an lá sin thit múranna troma sneachta i leath Mhogha den tír agus chuir sin isteach ar na himeachtaí spóirt a bhí ar siúl ansiúd. Cuireadh an cluiche sacair idir Shelbourne agus Ceiltigh Chorcaí ar athló ar fad. I bPáirc an Chrócaigh b’éigean éirí as an imirt i mbabhta ceathrú ceannais de chuid Chraobh Iomána an Bhóthair Iarainn idir na hOllscoileanna agus Cúige Uladh agus gan caite ach 11 nóiméad.

Ní raibh Leath Choinn baol ar chomh dona ó thaobh na haimsire ach le teacht an tráthnóna níorbh fhiú dada aon rud i gcomparáid le scéal an uafáis a bhí ag teacht as Doire.

Ós rud é nach raibh cúrsaí cumarsáide chomh foirfe, cóirithe agus atá siad inniu is féidir glacadh leis nach raibh eolas ar a raibh ag tarlú ag na teachtaí a rinne freastal ar chruinnithe cinnbhliana ocht gcinn déag de Choistí Contae CLG a bhí ar siúl ar fud na tíre an tráthnóna sin.

Deich mí roimhe sin ag Comhdháil 1971 cuireadh deireadh le Riail 27, a chuir bac ar bhaill CLG baint dá laghad a bheith acu le ‘Cluichí Gallda’. Bhí deich mbliana fichead eile caite sular cuireadh deireadh le Riail 21 a shéan ballraíocht san eagraíocht ar bhaill d’fhórsaí slándála na Breataine. Níorbh é Domhnach na Fola leis féin ba chúis leis an moill. Ach ní féidir a shéanadh ach gur chuir sin agus an tseilbh a glacadh ar an bpáirc imeartha i gCrois Mhic Lionnáin as go mór do na seansanna ar athmhuintearas.

Fiú agus gan scéalta ainghníomhartha Chathair Dhoire tagtha chomh fada leo, glacadh le rúin a cháin an t-Imtheorannú gan Triail ag mórchuid chruinnithe cinnbhliana choistí CLG ar an 30 Eanáir 1972. Gealladh tacaíocht do Ghaeil an Tuaiscirt ag chuile cheann beo acu.

D’fhág a n-easpa eolais ar an uafás go raibh deis freisin ag na teachtaí sna contaetha éagsúla díriú isteach ar obair na heagraíochta féin. I gCiarraí d’éirigh an Cathaoirleach, an Dr. Jim Brosnan as an Daingean, as a phost tar éis dó a bheith 11 bliain i mbun an chúraim. I gCorcaigh buadh i dtoghchán ar an gcathaoirleach reatha Jack Barrett agus ba é Derry Gowan as tuaisceart an chontae a rinne sin.

Atoghadh cathaoirleach Mhaigh Eo, an tAth. Leon Ó Móracháin gan cur ina choinne. Cháin seisean cleachtas a bhí luaite sa tuarascáil a chuir iar-uachtarán CLG Pádraig Mac Con Midhe le chéile an bhliain roimhe inar dúradh ]go raibh claonadh anois i bhfoirne a bheith ag iarraidh an bua a bhreith leo ar ais nó ar éigean. Níor moladh d’aon fhoireann óna chontae riamh iompar míspórtúil a tharraingt chucu féin ná dul i muinín na bhfeall, a dúirt an Mórachánach agus bheadh súil aige go gcuirfí a leithéid in iúl d’fhoirne na tíre, idir chlub agus chontae.

Moladh eile a bhí i dTuarascáil Mhic Con Midhe go gcuirfí deireadh leis na Craobhacha Cúige i gConnachta agus in Ulaidh agus go mba de réir ‘Tarraingt Oscailte’ a bhuafadh contaetha Choirn Mhic Guidhir agus Mhic Cárthaigh.

D’aontaigh teachtaí Chill Dara leis sin le móramh mór, ach i gCill Chainnigh bhí an cathaoirleach Micheal O’Neill glan ina choinne.

50 bliain dár gcionn táthar ag cur agus ag cúiteamh faoin seanscéal céanna ar bheagán comhaontaithe ná dul chun cinn.

I gCill Mhantáin socraíodh go ndéanfadh bean – Eilís Ní Cheallaigh as Cill Chomhghaill, le freastal a dhéanamh ar Chomhdháil Bhliantúil na heagraíochta náisiúnta, Níor tharla a leithéid cheana roimhe sin in aon áit.

Cuireadh tús le ré nua freisin i stair na peile i Sligeach ag comhdháil an chontae sin ar an 30 Eanáir 1972 nuair a ceapadh imreoir mar bhainisteoir ar fhoireann shinsir an chontae – ní aon ghnáthimreoir a bhí i gceist ach an oiread ach Micheál Kearns a thug 17 bliain seirbhíse uaidh agus a bhí ar an gcéad duine a thug gradam All Stars go Sligeach an bhliain roimhe.

Trasna na teorann i nDún na nGall bhí seachtain déanta ag ‘imreoir-bainisteoir’ eile i mbun a chúraim. Roghnaíodh Brian McEniff ag comhdháil an chontae sin ar an 23ú lá. Chaith seisean Domhnach na Fola ag breathnú ar bhabhtaí leathcheannais an chomórtais idir-réigiúin ar pháirc na gCeithre Máistrí.

Tráth a bhí ann nuair a bhí an Pheil Ghaelach in ísle brí sa gcontae, ach mar a mhíneoidh mé go luath daoibh níorbh fhada go mba é Mac Con Duibh an Píobaire Breac.

Fág freagra ar 'Thit múranna troma sneachta Domhnach na Fola'