‘The Fighting Irish’ v ‘Chief Wahoo’ – an dá mhar a chéile?

Tá na Cleveland Indians ag fáil réidh lena íomhá de ‘Chief Wahoo’. Más mall is mithid, ach is é an trua go bhfuil  lógó fhoireann Ollscoil Notre Dame tarraingthe isteach sa scéal

‘The Fighting Irish’ v ‘Chief Wahoo’ – an dá mhar a chéile?

In Ohio atá Cathair Cleveland suite, stát a luíonn amach ar aghaidh theorainn Cheanada. Pennsylvania atá neadaithe taobh thoir dó, ach is suimiúil an rud é gur mar mhaolán iartharach idir na coilínigh nua agus na bundúchasaigh a féachadh ar Ohio go dtí go gairid roimh chogadh cathartha Mheiriceá. Brúdh as san siar chomh fada leis an Aigéan Ciúin iad níos déanaí, ach dealraíonn sé ar a shon san go bhfuil ceist an choilíneachais le réiteach fós.

Tá plé á dhéanamh le tamall de sheachtainí anuas sna Stáit Aontaithe ar thodhchaí fhéiniúlaíoch na foirne daorchluiche a dtugtar na Cleveland Indians uirthi. Ceann ‘Chef Wahoo’ atá mar íomhá ar a ngeansaí acu ón mbliain 1948 i leith, craiceann craorag agus meangadh mór gáire mar chomharthaí sóirt aige.

Más fada an lá é, is fada an lá gearáin á gcur féna mbráid mar gheall air seo. Cad ina thaobh? Leithghabháil chultúrtha atá ann – comhlacht spóirt ag baint leasa as léiriú míchruinn ar chultúr an phobail dhíshealbhaithe d’fhonn airgead agus scata airgid a dhéanamh dóibh féin. Agus tagairt d’aon phobal amháin atá in íomhá Chef Wahoo, leis – bí siúráilte de gur mó treabh a thaithigh go stairiúil an dúthaigh go dtugtar Cleveland anois air.

Áiteamh mar é a d’fhág gur tugadh cás cúirte i gcoinne na Cleveland Indians sa bhliain 1972, agus íocaíocht néata naoi milliún dollar gearrtha mar fhíneáil ar an gclub daorchluiche dá thoradh san.  I ndeireadh na míosa seo caite, sé bliana is dhá fhichead ina dhiaidh sin, d’fhógair coimisinéir an MLB Robert Manfred nach raibh sé “oiriúnach” a thuilleadh go mbainfí leas as an íomhá seo ar gheansaithe na Cleveland Indians.

Na Cleveland Indians – tabhair fé ndear go bhfágfar an t-ainm sin acu. Dob fhuirist lógó a athrú, d’éirigh le CLG Chill Chainnigh é a dhéanamh, agus tá sé anois le déanamh ag na Atlanta Braves agus ag Blackhawks Chicago sa haca, chun gan ach dornán a lua. Ach deirtear go rachaidh sé deacair ar na Cleveland Indians staonadh ar fad den ainm sin a úsáid.

Trádmharc is ea an t-ainm sin i ndeireadh na dála, agus ar an bpointe sin, ní mór a shonrú leis go bhfanfadh cearta úinéireachta seanlógó seo an ‘Chef Wahoo’ leis na Cleveland Indians sa tslí is go mbeidh brabach fós á shaothrú ag an gclub as an dearadh míchlúiteach úd a mhaíonn mórán a bheith ina mhasla ar an bpobal bundúchasach.

Bhí an plé sin díreach tosaithe, agus go leor le déanamh fós, ach is é an éagóir eile, dar liom, go bhfuil aird na meán á díriú ó shin ar chlub spóirt eile ar fad seachas na Cleveland Indians. Brí mo scéil ná gur tháinig ráiteas ó Max Kellerman, iriseoir de chuid ESPN, gur chóir athbhreithniú dian a dhéanamh ar gach lógó maslach dá shaghas, agus iomrá ar leith aige ar fhoireann Ollscoil Notre Dame sa pheil Mheiriceánach. Bíonn an tÉireannach trodach maisithe mar íomhá ar a cuid marsantachta. Bíonn sonóg bheag leipreacánach ar a bogshodar taobh le páirc na himeartha agus an lucht tacaíochta á ngríosadh chun gáirthe aige, agus rud eile, fáiltíodh roimis, nuair a thug sé cuairt ar shráideanna Átha Cliath sa bhliain 2012.

Ní deacair domsa géilleadh don áiteamh seo gur den ‘leithghabháil chultúrtha’ chéanna é a leithéid, ach ar shlí, braithim go bhfuil am craolta ríluachmhar goidte ag leipreachán Notre Dame ó chúis na mbundúchasach in Cleveland. Ní mór cur ina choinne seo, agus gan dabht, tá sárobair ar bun ag Liam Hogan ó thaobh bréagnú a dhéanamh ar chomparáidí idir cruachás na nGael san Oilean Úr agus taithí na nAfra-Mheiriceánach. Ar shlí, is cineál leithghabháil chultúrtha eile é seo ar fad – leithghabháil an aighnis.

Fág freagra ar '‘The Fighting Irish’ v ‘Chief Wahoo’ – an dá mhar a chéile?'