Thar am athchóiriú a dhéanamh ar thigh Mháirtín Uí Chadhain

‘Ba pheaca an teach inar rugadh is inar tógadh an Cadhnach a ligean i ndearmad’

Teach 1
Fothrach tí mhuintir Uí Chadhain, áit ar rugadh is ar tógadh an scríbhneoir féin. Pictiúr: Tuairisc.ie

Tá sé thar am athchóiriú a dhéanamh ar thigh Mháirtín Uí Chadhain mar chomhartha ómóis don scríbhneoir. Sin a bhí le rá ag scata saineolaithe ar shaol agus shaothar an Chadhnaigh le Tuairisc.ie an tseachtain seo.

TitleyCuirt-0020
Alan Titley. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Ina measc siúd bhí Alan Titley, Ollamh Emeritus le Gaeilge ar foilsíodh a leagan Béarla de Cré na Cille, The Dirty Dust, níos túisce i mbliana agus a bhfuil clár saothair Uí Chadhain curtha i dtoll a chéile aige.

Dúirt Titley gur cheart teach an Chadhnaigh, ar an gCnocán Glas sa Spidéal, a athchóiriú ach gur ghá “feidhm éigin a shamhlú leis”, mar a bheadh “músaem nó leabharlann” ann, nó “taisce de shaghas éigin”.

Shíl sé gurbh fhiú é a athchóiriú “mar chineál tí a bhí coitianta i dtús na haoise seo caite” agus “daoine a mhealladh isteach ar an mbonn sin” d’fhonn scéal Uí Chadhain agus litríocht na Gaeilge a roinnt leo.

Dá mhéad an tábhacht a bhainfeadh leis an gCadhnach féin ina leithéid de thogra agus tar éis gur sa teach sin a rugadh agus a tógadh é, dúirt Titley go mbeadh sé “tábhachtach go mbeadh cúis éigin” ag daoine “le cuairt a thabhairt” ar an teach “seachas díreach go raibh an Cadhnach ann”. Mhol sé smaointe a fháil ón bpobal faoin leagan amach a bheadh ar an teach athchóirithe.

Macdara Ó Fla
Macdara Ó Fátharta. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Is í tuairim an aisteora agus an léiritheora, Macdara Ó Fátharta, a rinne leagan stáitse de Cré na Cille agus a ghlac páirt sa leagan scannáin de, go mba “pheaca é” an teach inar rugadh is inar tógadh an Cadhnach a ligean i ndearmad agus gur “cheart rud eicínt a dhéanamh leis”.

Dúirt sé go ndéantar a leithéid “chuile áit ar domhan” agus pearsa mhór tíre á ceiliúradh is á tabhairt chun cuimhne agus i mbeagán focal “go gcaithfear é a dhéanamh”.

Duine eile a bhfuil scagadh nach beag déanta aige ar shaothar Uí Chadhain is ea an Dr Louis de Paor, Stiúrthóir an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Dúirt an Corcaíoch gur “díol náire….a laghad aire a thugaimid d’áiteanna mar seo de ghnáth”, go mórmhór “i dtír a chuireann an oiread san treise le cúrsaí cultúir ina cuid bolscaireachta”, agus luaigh sé “tigh Uí Chadhain, tigh an Ríordánaigh, tigh Pheig Sayers” mar shamplaí den neamhshuim sin.

Louis de Paor. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
Louis de Paor. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

“Mura mbeadh ann ach an brabach atá bainte againn as áiteanna a raibh baint ag scríbhneoirí Béarla leo, ba dhóigh leat gurbh fhiú é a dhéanamh ach an toil pholaitiúil a bheith ann chuige, rud nach bhfuil den gcuid is mó san am i láthair,” a dúirt de Paor. 

Dúirt an file freisin go bhfuil “gaisce” déanta ag na daoine a d’áitigh ar an Rialtas tigh Thomáis Chriomhthain a athchóiriú ach nár mhór, leis, tithe leithéidí an Ríordánaigh agus an Chadhnaigh a thabhairt slán.

Tháinig Ciarán Ó Cofaigh, léiritheoir Is Mise Stoc na Cille agus an leagain scannáin de Cré na Cille, leis an méid sin. “Cinnte, creidim gur cheart é a dhéanamh; bhí sé ar cheann de na laochra móra…agus is mar gheall air siúd agus a leithéid a bhí an-chuid feachtaisí ann’, rud a fhágann go n-áiríonn Ó Cofaigh é mar dhuine de na “ceannródaithe” a bhí ann.  

Ciarán Ó Cofaigh
Ciarán Ó Cofaigh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Feachtas amháin a raibh baint lárnach ag an gCadhnach leis ná cuid de mhuintir Chonamara a bhogadh aniar go Ráth Chairn na Mí, fód dúchais Chiaráin, agus “bhí tionchar an-mhór aige ormsa go pearsanta dá bharr”, a dúirt sé.

Ba chás leis na “míthuiscintí” atá ann ina thaobh a lua, á rá go mba dhuine “fadbhreathnaitheach” é a raibh “dearcadh an-chomhaimseartha aige ina dhearcaí polaitíochta” agus a chuid fealsúnachta trí chéile, go háirithe agus ceist na teanga sa Ghaeltacht á plé aige.

Mhínigh Rúnaí Iontaobhas Uí Chadhain, Máirtín Ó Cadhain, mac dearthár leis an scríbhneoir féin, go bhfuil an tIontaobhas “ag obair ar chás sheanteach an Chadhnaigh le tamall fada” agus go bhfuil súil acu go mbeidh “toradh” ar an obair sin amach anseo.

Fág freagra ar 'Thar am athchóiriú a dhéanamh ar thigh Mháirtín Uí Chadhain'