‘Thar am ag Arlene Foster labhairt amach faoi ráitis fhrith-Ghaeilge Gregory Campbell’

Tá cáineadh géar déanta ag Sinn Féin, Alliance agus an SDLP ar an bhfeisire parlaiminte de chuid an DUP mar gheall ar phostáil a chuir sé ar a leathanach Facebook ag fonóid faoin nGaeilge

‘Thar am ag Arlene Foster labhairt amach faoi ráitis fhrith-Ghaeilge Gregory Campbell’

Tá ráite ag Sinn Féin gur chóir do cheannaire an DUP Arlene Foster labhairt amach i gcoinne “ionsaí náireach” Gregory Campbell ar an nGaeilge.

Tá cáineadh géar déanta ar an bhfeisire parlaiminte de chuid an DUP mar gheall ar phostáil a chuir sé ar a leathanach Facebook ag fonóid faoin nGaeilge.

Thagair an feisire parlaiminte don chlár Gaeilge Nazi sa Ghaeltacht agus do ráiteas conspóideach a rinne sé féin mar mhagadh faoin nGaeilge in 2014.

“The humorous bit was when he was supposed to have spoken Irish with a German accent. I vill not be tempted to ask vot is dis curried yoghurt mein herr,” a scríobh Campbell.

Tagairt ab ea ‘curried yoghurt’ d’eachtra in 2014 inar cuireadh cosc lae ar Campbell labhairt i gComhthionól Stormont nuair a rinne sé ‘scigaithris’ ar an abairt ‘Go raibh maith agat, a Cheann Comhairle’.

“Curry my yoghurt can coca coalyer,” a dúirt Campbell mar mhagadh le linn díospóireachta sa chomhthionól.

I ráiteas a chuir Sinn Féin amach inniu, dúirt an feisire parlaiminte don Dún Theas, Chris Hazzard, go raibh sé in am ag lucht ceannais an DUP deireadh a chur lena “dtost” faoi ráiteas Campbell.

“Arís agus arís eile, tugtar cead a chinn do Gregory Campbell a bheith ag magadh faoin nGaeilge agus faoin bhféiniúlacht Éireannach agus a bheith á n-ionsaí.

“Tá sé thar am aghaidh a thabhairt ar an gcineál seo iompair agus ar chaint mhaslach den sórt seo.

“Ghoill an t-ionsaí is déanaí seo ar a dteanga go mór ar chainteoirí Gaeilge i ngach cuid den phobal agus chuir sé fearg orthu.”

Dúirt Hazzard gur thacaigh an DUP agus na páirtithe go léir leis an gcáipéis New Decade, New Approach ina ngealltar go dtabharfar cosaint do chearta teanga phobal na Gaeilge.

“Ba chóir d’Arlene Foster agus an DUP anois ceannaireacht a léiriú agus é a dhéanamh an-soiléir nach mbeidh aon ghlacadh ar chor ar bith le tráchtaireacht fhíormhaslach fhrith-Ghaeilge mar seo,” arsa Chris Hazzard, Feisire Parlaiminte de chuid Shinn Féin.

Bhí Aire Dlí Stormont agus ceannaire pháirtí an Alliance, Naomi Long, ar dhuine de na daoine a cháin Campbell as filleadh ar a sheanmhaslaí. Iompar “gangaideach” a bhí ar bun aige, a dúirt Long.

Dúirt an SDLP gur chóir do Campbell leithscéal a ghabháil as a ráiteas.Dúirt an comhalta tionóil as Doire Cara Hunter nárbh é seo an chéad uair ag Gregory Campbell “ráiteas gránna” a dhéanamh ar mhaithe le pobal na Gaeilge a mhaslú. “Ní hé an chéad uair é agus ní dócha gurb é an uair dheiridh é. Mar sin féin, cé nach díol iontais na ráitis, caithfear aghaidh a thabhairt orthu”.

“Ba chóir do Gregory Campbell cuimhneamh gur atoghadh le déanaí é chun freastal ar mhuintir Dhoire Thoir go léir. Ba chóir dó leithscéal a ghabháil as na ráitis mhaslacha seo agus a mhachnamh a dhéanamh ar an tslí a ndéanann sé a chuid cainte as seo amach.”

Cháin Conradh na Gaeilge chomh maith Campbell agus dúradar go rabhadar chun gearán a dhéanamh faoi le coiste na gcaighdeán in Westminster.

 

Fág freagra ar '‘Thar am ag Arlene Foster labhairt amach faoi ráitis fhrith-Ghaeilge Gregory Campbell’'

  • Ruairí Ó Bléine

    Níl mé in ann difir mór a chluinstin idir “Curry my yoghurt” a deir Gregory agus ” Gura moy AGAT” a bíos á rá ag lucht Sinn Féin i ndíospóireachtaí Stormont. Níor chuala mé ariamh ó chainteoir dúchais Gaeilge ach “Go raibh MAITH agat”. Cé an múinteoir atá ag na teachtai dála seo?