TG4 – Scoth na Nollag (29 Nollaig – 2 Eanáir )

Súil chun cinn ar ar chuid de na cláracha is fearr ar TG4 le linn féile na Nollag. 29ú - 02ú

TG4 – Scoth na Nollag (29 Nollaig – 2 Eanáir )

Dé hAoine, 29 Nollaig

Rugbaí Na Scéalta 2017
7.30pm

Súil siar ar chluichí móra rugbaí na bliana seo.


Dé hAoine 30 Nollaig

Féilte: Súil Siar
7.30pm

Le scór bliain anuas bhí Féilte i láthair ag ócáidí a tharraing muintir na hÉireann le chéile. I Caithfidh Caitlín Nic Aoidh súil siar ar chuid de mhíreanna speisialta an chláir le scór bliain anuas.

 

Shaskeen 40 Bliain Faoi Bhláth
8pm

Clár faisnéise faoi Shaskeen, ceann de na bannaí céilí is mó a bhfuil tóir ag muintir na hÉireann orthu, atá ar an bhfód le breis is 40 bliain.

 

Brian Kennedy Live at Vicar St
11.55pm

Bliain is fiche ó shin, d’eisigh Brian Kennedy a albam ‘A Better Man’ a shroich huimhir a haon sna cairteanna agus d’fhan sna cairteanna ar feadh bliana. Chas Brian amhráin ón t-albam ‘A Better Man’ beo i Sráid an Bhiocáire ar an 13 Deireadh Fómhair 2016 dá lucht leanúna. Buaicphointí ón oíche sin atá sa gclár seo  chomh maith le roinnt dá chuid amhrán eile.

Oíche Chinn Bhliana

GAA – Cúil na Bliana
5pm

Na cúil is fearr ó chluichí iomána agus peile na bliana seo.

 

Gradam Ceoil TG4 2017
7.45pm

An chuid is fearr den oíche mhór cheoil ag Gradam Ceoil TG4 2017 as Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí. Bhí breis is 100 de phlúr na gceoltóirí traidisiúnta ó gach cearn den domhan i láthair, ina measc Mairéad Ní Mhaonaigh, Dónal Lunny agus Micheál Ó Ruanaigh. Á chur i láthair ag Muireann Nic Amhlaoibh agus Tristan Rosenstock.

 

Fáilte 2018
11.20pm

Ceolchoirm spleodrach le tús breá ceolmhar a chur le Bliain na Gaeilge 2018 beo as Thigh Pháidí Uí Shé i gCeann Trá i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Beidh ceol agus rince, amhráin, cuimhní cinn agus ceiliúradh againn agus muid ag féachaint siar ar 2017 agus chun cinn ar a bhfuil romhainn in 2018.  Beidh Caitlín Nic Aoidh ina láithreoir agus beidh Pádraig Ó Sé agus banna Pólca 4  ar an ardán chomh maith le neart eile.

Lá Caille

Rugbaí Beo
2.45pm

Craoladh beo ar Chúige Uladh v Cúige Mumhan  as Staid Kingspan sa dara babhta déag den tSraith PRO14.

 

7.30pm An Pháirc

Tá áit ar leith ag Páirc Uí Chaoimh i gcroíthe mhuintir Chorcaí.  Agus an sean-staid leagtha agus atógtha, tugann an clár faisnéise tráthúil seo imreoirí, ceoltóirí agus lucht leanta siar ar bhóithrín na cuimhne chomh maith le léargas a thabhairt ar an atógáil agus í ag druidim i dtreo a deiridh.

Dé Máirt, 2 Eanair

 

Riverdance i mBeijing
4pm

Tá sé os cionn scór bliain ó  facthas Riverdance ar an stáitse den chéad uair mar mhír ghearr ag a sos leath-ama sa mbeochraoladh ar an gComórtas Eorafíse. Tá an seó fada damhsa a bunaíodh ar an mhir ghearr sin feicthe ag níos mó ná 22 milliún duine i 40 tír ar cheithre mhórthír. Ba é seo an chéad seó idirnáisiúnta a rinne camchuairt sa tSín.

Cluichí na Bliana
6pm

Deis eile Cluiche Leathcheannais Iomána na hÉireann 2017 idir Gaillimh agus Tiobraid Árann ar Pháirc an Chrócaigh a fheiceáil. Is iad Garry Mac Donncha agus Pat Fleury a bheidh i mbun tráchtaireachta.

 

Súil Siar Corn Uí Riada
7.30pm

Súil siar ar Chorn Uí Riada, príomhchomórtas amhránaíochta an tsean-nóis ag Oireachtas na Samhna 2017, i gCill Airne.

Ros na Rún
8.30pm

Tá Frances ar a dícheall ag iarraidh déanamh amach cén fáth a bhfuil in oiread brú ar Thadhg agus cén fáth a bhfuil sé ag caitheamh in oiread ama le Maggie. Cuireann sé go mbeadh Tadhg ag dul i mbradaíl le Maggie ach ceapann sí nach ndéanfadh sé é sin. Níl Annette in ann soláthar dá teaghlach faoi láthair. Castar fear óg ar Phádraig, Sam agus bíonn sé an-sásta faoi, ach meas tú an bhfuil aithne acu ar a chéile?

 

Frank Sinatra
9.30pm

Clár faisnéise ar thréimhse Frank Sinatra mar scoth-amhránaí, ré a mhair os cionn caoga bliain. Sna 1950idí agus 1960idí a bhí sé i mbarr a réime. Ag an am céanna bhí Meiriceá an-chumhachtach, bhí tionscail na fóillíochta ag déanamh thar barr, rud a thug deis do na daoine saibhre dul chun cinn. Insítear scéal Frank Sinatra agus scéal Mheiriceá sa chlár seo.

Fomhuireán na bhFíníní
8.00pm

Fear ildánach ab ea John Philip Holland (1841-1914), a rugadh agus a tógadh i Lios Ceannúir in iarthar an Chláir. Chuaigh sé ar imirce go Meiriceá agus chaith tamall ag obair mar innealtóir agus mar mhúinteoir. B’fhada é den tuairim go mbeadh an-bhuntáiste ag soitheach a bheadh in ann taisteal faoin uisce. Poblachtach dílis Éireannach a bhí ann a thacaigh leis na Fíníní agus a fuair maoiniú dá chuid oibre uathu. Lean sé air ag cur barr feabhais ar a dhearadh agus thóg fomhuireán eile dá dhéantús féin lena chur faoi bhráid an Chabhlaigh thall in 1897.

Fág freagra ar 'TG4 – Scoth na Nollag (29 Nollaig – 2 Eanáir )'