TG4 i mbun machnaimh faoi chur isteach ar na cearta do chluichí GAAGO

Chinn CLG léirithe spéise a lorg do chearta 38 cluiche GAAGO ar chomhairle an Choimisiúin um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí

TG4 i mbun machnaimh faoi chur isteach ar na cearta do chluichí GAAGO

Tá lucht bainistíochta TG4 i mbun machnaimh faoi chur isteach ar na cearta do chluichí a bhíonn á dtaispeáint ar an ardán íoc ar amharc GAAGO.

D’fhógair CLG inné go raibh léirithe spéise á lorg acu ó dhreamanna a mbeadh suim acu sna cearta do na cluichí.

Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4, Rónán Ó Coisdealbha le Tuairisc go raibh an scéal le plé ag lucht bainistíochta an stáisiúin sula ndéanfaí cinneadh faoi spéis a léiriú sna cearta.

Caithfidh aon dream a bhfuil suim acu sna cearta léiriú spéise a chur faoi bhráid CLG faoin Luan seo chugainn.

“Níl an t-eolas seo faoi na cearta CLG ach faighte ag TG4 ar maidin.  Níl a fhios againn fós an mbeidh muid ag déanamh tairiscint nó nach mbeidh mar caithfear é a phlé go hinmheánach i dtosach le roinnt rannóga éagsúla,” a dúirt Rónán Ó Coisdealbha le Tuairisc.

Tá na cearta do chluichí CLG socraithe leis na meáin go dtí 2027 ach tá léirithe spéise á lorg do chearta an 38 cluiche a chraoltar go heisiach ar GAAGO. Cinneadh na léirithe spéise do na cearta sin a lorg ar chomhairle an Choimisiúin um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí.

I measc na ndreamanna a d’fhéadfadh spéis a léiriú i gcearta chluichí GAAGO, tá GAAGO féin (CLG agus RTÉ), Virgin Media, TG4 agus seirbhísí sruthaithe amhail Amazon. D’fhéadfadh chomh maith go bhfillfeadh Sky Sports ar mhargadh chluichí na nGael.

Acusan a bhí na cearta do na cluichí sular bunaíodh GAAGO.

Mhaígh Virgin Media anuraidh nár tugadh deis do chraoltóirí eile cur isteach ar chearta na gcluichí roimhe seo.

Ní den chéad uair, bhain conspóid leis an tseirbhís íoc ar amharc GAAGO an samhradh seo mar go raibh cluichí móra iománaíochta i gcraobh na Mumhan taobh thiar de bhalla íocaíochta.

Fág freagra ar 'TG4 i mbun machnaimh faoi chur isteach ar na cearta do chluichí GAAGO'

  • JP

    Tá súil agam go dtapóidh siad an deis iontach seo.