Theip ar cheannasaí na gcoimeádach sa Ghearmáin dóthain vótaí a fháil sa pharlaimint chun go dtoghfaí ina sheansailéir é, teip nach raibh aon choinne léi.
Buille mór a bhí ann do Friedrich Merz, ceannaire na nDaonlathaithe Críostaí, a bhuaigh an t-olltoghchán dhá mhí go leith ó shin.
Léiriú ar a leochailí is atá móramh Merz nár éirigh leis ar an gcéad iarracht an 316 vóta a theastaíonn chun go dtoghfaí é a fháil.
630 suíochán atá sa Bundestag agus níor éirigh le Merz ach 310 vóta a fháil.
Tá socrú comhrialtais déanta ag Merz leis na Daonlathaithe Sóisialta, atá ar chlé ón lár, agus dóthain suíochán parlaiminte ag an dá pháirtí chun go dtoghfaí é. Ach ba chosúil nár vótáil 18 de na feisirí parlaiminte sin do Merz.
De ghnáth ní bhíonn i bhfaomhadh an tSeansailéara nua ach rud oifigiúil, agus ba é seo an chéad uair riamh sa tréimhse iarchogaidh sa Ghearmáin ar theip ar cheannaire le móramh dóthain vótaí a fháil chun go dtoghfaí é.
Meastar go mb’fhéidir gurb amhlaidh nár vótáil daoine ina pháirtí féin do Merz nó go raibh daoine atá ag tacú leis as láthair.
Fanfaidh Olaf Scholz atá ag dul as oifig ina a sheansailéir eatramhach nó go mbeidh vótáil eile ann an tseachtain seo.
Tá 14 lá eile ag an Bundestag seansailéir nua a roghnú.
Faoi bhunreacht na Gearmáine níl aon teorann le líon na mbabhtaí vótála is féidir a reáchtáil chun seansailéir a thoghadh. Mura mbíonn móramh ann sa deireadh is féidir duine a thoghadh gan aon mhóramh a bheith aige.
Dúirt ceannaire an pháirtí ar an eite fhíordheis, Alternative für Deutschland, an páirtí is mó sa fhreasúra go gcaithfí toghchán náisiúnta nua a reáchtáil.
Fág freagra ar 'Teipthe ar Merz faomhadh an Bundestag a fháil le bheith ina sheansailéir'