Robinson agus a airí éirithe as agus Stormont ar an dé deiridh

Vótáil an SDLP, UUP agus Sinn Féin in aghaidh rún an DUP go gcuirfí an Feidhmeannas ar fionraí, rún a fuair tacaíocht ón Alliance

File photo: Trouble in DUP party

Tá sé fógartha ag Peter Robinson tráthnóna go bhfuil sé ag seasamh i leataobh mar Chéad Aire ar Thionól Stormont agus go raibh Airí eile an DUP, cé is moite d’Arlene Foster, ag eirí as oifig. D’fhanfadh Foster sa bhFeidhmeannas mar Aire Airgeadais agus mar Chéad Aire ionadaíoch. Dúirt Peter Robinson gur déanadh an cinneadh faoi Foster chun “an pobal a chosaint ar chinntí míréasúnacha ó dhreamanna eile”.

Níos túisce inniu, theip ar an DUP den dara huair le seachtain tathaint ar a gcomhghleacaithe sa bhFeidhmeannas i Stormont an Tionól a chur ar fionraí, nó sos a thógail fhad is mhairfeadh cainteanna fuascailte.

Vótáil an SDLP, UUP agus Sinn Féin in aghaidh rún an DUP a fuair tacaíocht ón Alliance. Rinne an Rialtas i mBaile Átha Cliath iarracht tathaint ar an SDLP glacadh leis an moladh mar rogha an da dhíogh ach dhiúltaigh Alasdair McDonnell agus a pháirtí an u-chasadh a dhéanamh.

De réir an phlean a d’fhógair Peter Robinson roimh ré, is í an chead chéim eile a theastaíonn ón DUP ná go gcuirfeadh Rialtas na Breataine an Tionól ar fionraí éigeantach. Bheadh reachtaíocht nua riachtanach chuige sin ó cuireadh an chumhacht sin ar ceal i gcomhaontú Chill Rímhinn.

Má dhiúltaíonn Rialtas na Breataine rud a dhéanamh ar Robinson, tá sé ag bagairt go bhfágfaidh a airí an Feidhmeannas. B’ionann é sin, i dtéarmaí praiticiúla, agus deireadh a chur le Stormont.

Chuir an DUP casadh eile sa scéal níos deireanaí. Tá sé fógartha ag Peter Robinson tráthnóna go bhfuil sé ag seasamh i leataobh mar Chéad Aire ar Thionól Stormont agus go raibh Airí eile an DUP, cé is moite d’Arlene Foster, ag eirí as oifig. D’fhanfadh Foster sa bhFeidhmeannas mar Aire Airgeadais agus mar Chéad Aire ionadaíoch. Dúirt Peter Robinson gur déanadh an cinneadh faoi Foster chun “an pobal a chosaint ar chinntí míréasúnacha ó dhreamanna eile”.

Fág freagra ar 'Robinson agus a airí éirithe as agus Stormont ar an dé deiridh'

  • PólRéamonn

    @Robinson agus a airí éirithe – is mór an chreach é