‘Teip’ eile a bheidh i bplean maidir le Gaeilgeoirí sa státseirbhís mura gcuirtear spriocdháta leis

Mhaígh Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge i dTithe an Oireachtais tráthnóna inné ‘go ligfí síos’ pobal na Gaeilge arís mura mbeadh spriocdháta luaite leis an bplean go mbeadh 20% d’earcaigh nua ábalta seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge

‘Teip’ eile a bheidh i bplean maidir le Gaeilgeoirí sa státseirbhís mura gcuirtear spriocdháta leis

Teip eile a bheidh san iarracht is déanaí cur le líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu sa státchóras mura gcuirtear spriocdháta leis an moladh go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa státseirbhís ina nGaeilgeoirí.

B’in a bhí le rá ag Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge tráthnóna inné agus toscaireacht ón eagraíocht teanga i láthair ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ag a pléadh an Bille nua a bhfuil faoi leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Deirtear i gceannteidil an Bhille sin go go gcinnteofaí go mbeadh 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse ina nGaeilgeoirí amach anseo, ach deir Conradh na Gaeilge gur gá spriocdháta a chur leis an méid sin.

“I gás na hearcaíochta san earnáil phoiblí sa bhaile in Éirinn, caithfear, cosúil leis an AE, spriocbhliain a leagan síos agus plean cuimsitheach a chur le chéile leis an spriocbhliain sin a bhaint amach le hearcaíocht 20% inniúil ar an nGaeilge mar thoradh ar an bplean.

“Mura ndéantar seo, in ár dtuairim, teipfidh ar an iarracht seirbhís shásúil Ghaeilge a chinntiú do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn ag an gcruinniú a bhí ar siúl i dTithe an Oireachtais tráthnóna inne.

Dúirt de Spáinn go raibh “moladh” tuillte ag comhchoiste Oireachtais na Gaeilge, ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag an Rialtas agus ag an bhfreasúra “éisteacht” leis an éileamh go mbeadh 20% d’fhostaithe nua a sa tseirbhís phoiblí ina nGaeilgeoirí.

Dúirt Ard-Rúnaí an Chonartha, áfach,  gur gá go mbeadh spriocbhliain luaite sa reachtaíocht féin leis an bplean sin agus mhol sé gurbh í an sprioc a bheadh ann ná go mbainfí an 20% amach faoi 2020.

“Teip a bhí ag gach Rialtas ó na 1970í ar aghaidh, nuair a athraíodh rialacha earcaíochta na hearnála poiblí, maidir le cinntiú go mbeadh seirbhís shásúil as Gaeilge ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ligeadh síos muid thar na blianta agus le muinín an phobail a chinntiú don Acht leasuithe is gá, in ár dtuairim, spriocbhliain a lua leis an gceannteideal seo,” a dúirt Julian de Spáinn.

Mhol toscaireacht an Chonartha chomh maith go leasófaí an dréachtreachtaíocht chun go mbeadh “dualgas soiléir” ar gach comhlacht poiblí agus roinn rialtais “tairiscint gníomhach” a dhéanamh leis an bpobal maidir le soláthar seirbhísí Gaeilge. 

Ba chóir freisin, a dúirt Ard-Rúnaí an Chonartha, go gcinnteofaí sa reachtaíocht nua go mbeadh an Ghaeilge “ar aon chéim leis an mBéarla ar chomharthaí bóthair na hÉireann”.

Moladh chomh maith go ndéanfadh an Coimisinéir Teanga “iniúchadh” ar gach píosa reachtaíochta nua féachaint cén tionchar a bheadh aige ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Fág freagra ar '‘Teip’ eile a bheidh i bplean maidir le Gaeilgeoirí sa státseirbhís mura gcuirtear spriocdháta leis'