‘Teastaíonn réabhlóid chultúrtha eile agus tá dualgas ar scríbhneoirí cos a chur i bhfeac’ – Liam Ó Muirthile

Aois Fir is ainm don leabhar is deireanaí ó pheann Liam Uí Mhuirthile agus é á fhoilsiú ag Cois Life. Labhair Tuairisc.ie leis an Muirthileach faoin scéal farraige nua

Liam-Ó-Muirthile-SÓM1

Aois Fir is teideal den leabhar is déanaí ó pheann Liam Uí Mhuirthile, an Corcaíoch ildánach a bhfuil gaiscí déanta aige in iomairí éagsúla na litríochta ach gan aon eachtra farraige breachta roimhe seo .

Lonnaithe ar chósta theas na tíre, i mbaile “ar léir nach baile Gaelach é ach go bhfuil Gaeilge ann” sna luathchaogaidí atá an scéal spreagúil seo. Caitheann garsún óg, thart ar 12 bliain d’aois, dul i bhfeighil bád seoil toisc go bhfuil a athair agus a uncail leagtha leis an ól.

Aois Fir“Is scéal é a theastaigh uaim a scríobh le fada. Bhíos thar lear agus scéalta scríte agam faoin bhFrainc ach theastaigh uaim teacht abhaile agus scéal a scríobh fén gcósta a raibh eolas agam féin air. Tá spéis agam i gcúrsaí farraige le fada agus is cineál finscéil é scéal an gharsúin óig seo ar shlí; scéal béaloideasa.

“Rudaí bunúsacha atá ann – garsún ag dul i ngleic le bheith ina fhear nuair nár chóir dó ag an aois sin agus cad is brí le fearúlacht agus cad is brí le bheith i do gharsún,” a dúirt Ó Muirthile le Tuairisc.ie

Cé go dtugann  Ó Muirthile “scéal simplí clasaiceach” ar an saothar, tá sé inste aige i bhfriotal álainn dúchasach agus caint cheart na farraige ag a cuid fear ann ó thús deireadh.

“Is ait liom gur beag scéal atá bunaithe ar an bhfarraige atá againn sa tír seo, agus is beag scéal farraige atá againn i nGaeilge. Ní raibh aon scéal mór farraige ag an gCadhnach ná ag na scríbhneoirí eile, seachas ‘Skerrett’ ón bhFlaitheartach. Is oileán sinn agus is ait an rud é,” a dúirt Ó Muirthile.

Ó tharla gur scéal teacht in inmhe atá in Aois Fir, d’fhéadfaí a rá gur dírithe ar dhéagóirí atá sé – daoine óga atá ar comhaois le garsún an scéil nó beagáinín níos sine ná é. D’fhéadfadh go mbeadh deacracht ag léitheoir nach bhfuil ach Gaeilge lag aige leis an bhfriotal saibhir ach bhainfí go mór den leabhar dá gcuirfí i nGaeilge ró-shimplí é.

“Is dócha go bhfuil sé casta go leor agus dúshlánach ach níl rud ar bith á léamh i nGaeilge. Is scríbhneoir liteartha mé féin, agus dúradh nach bhféadfadh ach duine sa chéad bhliain san ollscoil é a léamh ach nuair a bhíonn scéal le scríobh agat, caithfidh tú an scéal atá agat a scríobh agus ní féidir é a shimpliú.

“Teastaíonn réabhlóid chultúrtha eile agus tá dualgas ar scríbhneoirí cos a chur i bhfeac agus a rá go bhfuil an tír ligthe síos ag an gcóras oideachais. Tá an scéal go dona ach ní fé mo leithéidse é réiteach a mholadh – níl a fhios agam cá dtosnóinn,” a dúirt sé.