Teaspach mara amach ó chósta na hÉireann a d’fhéadfadh ‘scrios’ a dhéanamh

Tá an fharraige ar chósta thiar na tíre seo 5 chéim Celsius níos teo ná mar a bhíonn de ghnáth, údar mór imní d’eolaithe

Teaspach mara amach ó chósta na hÉireann a d’fhéadfadh ‘scrios’ a dhéanamh

Tá rabhadh tugtha ag eolaithe faoi thonn teasa mara “nach bhfacthas a leithéid cheana agus a d’fhéadfadh scrios a dhéanamh”.

Tá an tonn teasa sa bhfarraige amach ó chósta na hÉireann agus na Breataine agus teas ann ar bagairt thromchúiseach é do speicis.

Fágann an teaspach mara sin go bhfuil an fharraige ar chósta thiar na tíre seo 5 chéim Celsius níos teo ná mar a bhíonn de ghnáth.

Tá an teocht sa Mhuir Thuaidh agus san Atlantach Thuaidh níos teo ná mar is iondúil léi agus tá an teocht deireadh earraigh agus tús samhraidh is airde a cláraíodh riamh sa bhfarraige ar chósta thiar na hÉireann agus oirthuaisceart Shasana á sárú go mór.

Mí Aibreáin agus Bealtaine ab airde a bhí teocht na farraige ar fud an domhain sa dá mhí sin ón mbliain 1850, de réir na dtaifead atá ann do na blianta sin. Tá chuile chosúlacht gurb amhlaidh a bheidh an scéal an mhí seo freisin agus go sárófar uasteocht uisce na farraige arís.

B’údar iontais don Dr Dan Smale ó Chumann Bitheolaíochta na Mara an teocht ard sa bhfarraige sna bólaí seo.

“Shíl mé i gcónaí nach mbeadh tionchar éiceolaíochta ag an téamh domhanda ar an uisce fionnuar thart ar an Ríocht Aontaithe agus ar Éirinn agus is rud é nach bhfacthas riamh cheana agus d’fhéadfadh sé scrios a dhéanamh. Tá teocht na mara i bhfad ró-ard faoi láthair agus cé nach maróidh sé formhór na speiceas go fóill, cuirfidh sé brú ollmhór ar a lán díobh.

“Má sheasann an teas mór seo sa bhfarraige ar feadh an tsamhraidh d’fhéadfadh go marófaí go leor den cheilp, iasc, oisrí agus féar mara,” arsa an Dr Smale leis an nuachtán The Guardian.

Seo a bhí le rá ag Daniela Schmidt, Ollamh le Domhaneolaíocht in Ollscoil Bristol.

“Cé go bhfeictear tonnta teasa i bhfarraigí teo mar an Mheánmhuir, is aimhrialtacht cheart a leithéid de theas a fháil sa gcuid seo den Atlantach Thuaidh.

“Tá laghdú ar an deannach ón Sahára á lua mar údar leis na maidhmeanna teasa mara seo agus tá baint ag inathraitheacht aeráide an Atlantaigh Thuaidh leis an scéal agus caithfear tuilleadh staidéir a dhéanamh chun an tsiocair atá leis a oibriú amach.”

Dúirt an tOllamh Schmidt le The Guardian, go ngoilleann an teas ar orgánaigh na farraige díreach mar a dhéanann ar tír.

“Ní rud nua é in áiteanna eile sa domhan gur mharaigh tonnta teasa sna haigéin an t-uafás plandaí agus ainmhithe d’aon bhuille mór amháin, ollscrios a chosain na milliúin punt ó thaobh ioncam iascaigh, stóras carbóin, luachanna cultúir agus scrios gnáthóg.

“Mura ndéanfaimid laghdú ollmhór ar astaíochtaí, leanfaidh an tonnta teasa seo orthu ag scrios ár n-éiceachóras. Ós rud é gur faoi dhromchla na farraige atá seo ag tarlú, ní thabharfar aon aird air.”

Lá scamallach ceathach atá á thuar dúinn inniu agus an chuma air go n-éireoidh na ceathanna sin trom tar éis lóin agus le teacht an tráthnóna. D’fhéadfadh stoirmeacha toirní a bheith in áiteanna. Idir 18 agus 21 céim is airde a bheidh an teocht agus leoithne bhog aneas chugainn.

Fág freagra ar 'Teaspach mara amach ó chósta na hÉireann a d’fhéadfadh ‘scrios’ a dhéanamh'