Téarma príosúin 10 mbliana tugtha d’fhear ón nDaingean as ionsaithe gnéis a dhéanamh

Chiontaigh giúiré Jimmy Flannery, Baile na Buaile, an Daingean, as cúiseanna ionsaithe gnéis le linn trialach a mhair cúig lá sa Phríomh-Chúirt Choiriúil an mhí seo caite

Central-Criminal-Court-CREDIT-infomatique-ON-FLICKER

Tá téarma príosúin 10 mbliana tugtha d’fhear 75 bliain d’aois ó Bhaile na Buaile sa Daingean i gCiarraí as éigniú a dhéanamh ar a dheirfiúr céile i dtús na seachtóidí.

11 bliain d’aois a bhí an cailín nuair a thosaigh Jimmy Flannery ag baint mí-úsáid gnéis aisti. Ina dhiaidh sin, rinne sé éigniú ar an gcailín i gcarrchlós gar don Chonair agus ina sheomra codlata i dteach i mBaile na Gall.

Shéan Flannery na 10 gcúis a bhí curtha ina leith a bhain le hionsaithe mígheanasacha ar Mary Courtney in áiteanna i gceantar an Daingin idir Aibreán 1969 agus Aibreán 1974, agus shéan sé chomh maith go raibh sé ciontach as an mbean chéanna a éigniú ar thrí dháta éagsúla idir Eanáir 1971 agus Aibreán 1975.

Chiontaigh giúiré Flannery as gach ceann de na cúiseanna sin le linn trialach a mhair cúig lá sa Phríomh-Chúirt Choiriúil an mhí seo caite.

Chualathas nár mhiste leis an mbean go n-ainmneofaí go poiblí í, cé go raibh sí i dteideal nach ndéanfaí a leithéid.

Ina ráiteas tionchair íospartaigh, dúirt Mary Courtney go raibh sé deacair cur síos a dhéanamh ar an “depth of destruction and chaos” a d’fhulaing sí de dheasca na n-ionsaithe.

Dúirt sí gur minic gur bhraith sí nach raibh sí in ann faic a dhéanamh di féin agus gur minic eile go raibh náire agus déistin uirthi faoin méid a tharla.

Bhíodh fearg go minic uirthi ag cuimhneamh ar na hionsaithe agus ba mhinic í in isle brí mar gheall ar an méid a d’fhulaing sí. Bhí búilime uirthi agus bhíodh sí ag ól agus ag úsáid drugaí. Ba mhinic freisin a thiocfadh athchuimhní gránna chuici a ghoillfeadh go mór uirthi.

Dúirt an Breitheamh Margaret Heneghan nár ghlac Flannery le breith an ghiúiré agus nach raibh sé curtha in iúl aige go raibh brón ná aiféala air faoin méid a rinne sé.

Dúirt an Breitheamh Heneghan gur fhág na cásanna éignithe go raibh téarma príosúin 13 bliain tuillte aige, ach gur téarma 10 mbliana a bhí á ghearradh aici air toisc an aois a bhí air agus toisc nár ciontaíodh cheana é.

I ráiteas a rinne an bhean agus a clann, dúradh go rabhthas buíoch go raibh an fhírinne cloiste anois ag daoine.

“There is finally some justice. It does not undo the damage done but it will hopefully help us move forward with our lives.”

“We hope it helps other survivors of child sex abuse and rape to come forward and that it may prevent there being future victims,” a dúirt urlabhraí ón gclann.

Fág freagra ar 'Téarma príosúin 10 mbliana tugtha d’fhear ón nDaingean as ionsaithe gnéis a dhéanamh'