Tá an rialtas nua ag tabhairt faoin dara bliain in oifig an mhí seo. Bhí tús corrach agus glórach acu taca an ama seo anuraidh mar thoradh ar an gconspóid a bhain le cearta cainte do neamhspleáigh atá ag tacú leis an rialtas ach ag maíomh gur cuid den fhreasúra iad. Chuir an chonspóid sin moill le hobair an Oireachtais agus bunú coistí agus ba mhinic a cuireadh i leith an rialtais go raibh siad díomhaoin agus mí-éifeachtach. Shamhlófá anois agus toghchán na huachtaránachta curtha díobh acu go mbeadh Fianna Fáil agus Fine Gael faoi réir le tabhairt faoin obair agus luite isteach ar a gcuid mianta a chur i gcrích.
Tá an chosúlacht air gurb é a mhalairt a bheidh ag tarlú. Tá baint mhór ag easaontais faoi chonradh trádála Mercosur leis an teannas idir na páirtithe rialtais. Le linn a chuairte ar an tSín, in imeacht ceithre huaire fichead, bhí athrú poirt ag an Taoiseach faoi sheasamh an rialtais i leith an chonartha agus bhí Teachtaí agus Feisirí Eorpacha ó na páirtithe móra rialtais ar mhalairt tuairime ó lá go lá faoin seasamh a bheadh acu féin faoi Mercosur. Ní hé nach bhfuil an conradh céanna á phlé le blianta fada.
Cor eile sa scéal is ea ullmhúcháin an rialtais d’uachtaránacht na tíre seo ar Chomhairle na hEorpa sa dara leath den bhliain nuair a bheidh cúram orainn tacú le cinntí a dhéantar ag leibhéal Eorpach fiú agus muid féin tar éis vótáil ina n-aghaidh. Ní chuireann sé cuma rómhaith orainn i measc ár gcomhghleacaithe thall sa Bhruiséil nach féidir lenár rialtas aontú ar an seasamh atá aige.
Tá an baol is mó don chomhrialtas i bhfad níos gaire do bhaile agus bainteach le geallúint i gclár rialtais mhí Eanáir seo caite i leith Mercosur. Tá sé ráite go soiléir ag cuid de na Teachtaí atá mar chuid den tríú cos faoin stól rialtais nach mbeidh siad sásta glacadh le Mercosur agus d’éirigh leo dearbhú chuige sin a chinntiú sa gclár rialtais. Caithfear aird a thabhairt ar earnáil na talmhaíochta mar a dhéanann polaiteoirí na tíre seo i gcónaí.
Níl aon ghlacadh ag Seán Canney, cathaoirleach na neamhspleách, le haon argóint faoin Eoraip a bheith géar orainn as ár seasamh i leith Mercosur. Glacadh nó gan glacadh, deirtear go bhfuil oifigigh an Aontais oibrithe linn as gan tacú leis an gconradh.
Cruthóidh an comhdhéanamh nua ar na cruinnithe tráthnóna Dé Luain idir ceannairí an chomhrialtais teannas freisin. Ní hamháin go bhfuil Simon Harris anois ina cheannaire ar chos amháin de stól an rialtais ach tá sé ina Aire Airgeadais agus smacht aige ar an sparán. Níl Paschal stuama timpeall a thuilleadh le guaim a choinneáil ar éilimh ó na páirtithe éagsúla agus is féidir a bheith ag tuar go mbeidh teannas idir Harris, Martin agus Canney nuair a bheidh cinntí le déanamh faoi chaiteachas níos déanaí sa mbliain.
Idir an dá linn, tá Fine Gael ag fanacht le hathbhreithniú ar chúrsaí an pháirtí atá ar siúl ag Mark Fitzgerald agus tá Fianna Fáil agus Mícheál Martin fós croite ag ar tharla sa toghchán uachtaránachta. Is fánach an rud a chuirfeadh dá mbuille anois iad go háirithe má thagann brú ar an tríú cos den stól.
Bhí go leor den tuairim go mbeadh seasmhacht an rialtais ag feabhsú in 2026 ach, agus gan caite ach coicís de mhí Eanáír, tá an chosúlacht ar chúrsaí go bhfuil an stól atá mar dhúshraith ag an rialtas ag éirí corrach agus go mbeidh obair chothabhála le déanamh i rith na bliana lena choinneáil gan titim.
Fág freagra ar 'Teannas sa chomhrialtas agus an stól ag éirí corrach fúthu'