Tascfhórsa á lorg le plé le cás na gcoláistí samhraidh

Osclaíodh na coláistí samhraidh arís i mbliana i ndiaidh dóibh a bheith dúnta le dhá bhliain de dheasca na paindéime, ach bhí fadhb mhór ann an samhradh seo mar gheall ar easpa tithe lóistín

Tascfhórsa á lorg le plé le cás na gcoláistí samhraidh

Tá dóchas ann go mbunóidh an Rialtas grúpa oibre sa bhfómhar chun scagadh a dhéanamh ar a bhfuil i ndán do na coláistí samhraidh Gaeltachta.

Deir Conradh na Gaeilge gur tugadh le fios dóibh ag cruinniú a bhí acu an tseachtain seo le hAirí na Gaeltachta – Catherine Martin agus Jack Chambers – agus oifigigh a roinne go bhfuil sé i gceist grúpa a bhunú chun cás na gcoláistí samhraidh a scrúdú.

Osclaíodh na coláistí samhraidh arís i mbliana i ndiaidh dóibh a bheith dúnta le dhá bhliain de dheasca na paindéime, ach bhí fadhb mhór ann an samhradh seo mar gheall ar easpa ban tí.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, go bhfuil siad ag súil go mbunófar tascfhórsa chun plé le cás na gcoláistí ach go gcuirfí fáilte roimh bhunú grúpa oibre.

Dúirt de Spáinn gur cheart go bpléifeadh aon ghrúpa a bhunófaí leis na deiseanna atá ann do na coláistí samhraidh chomh maith leis na dúshláin atá le sárú acu.

Dúirt sé gur cheart féachaint, mar shampla, ar conas “gnó bliana” a dhéanamh de na cúrsaí Gaeilge do mhná agus d’fhir tí na Gaeltachta.

“Agus sprioc ag an Rialtas go mbeadh Gaeilge ag 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030 shílfeá go mbeadh cúrsaí Gaeltachta go leor ag teastáil agus go bhfuil deis iontach ann do lucht lóistín a bheith ag coinneáil daoine i rith na bliana go léir.

“Ba cheart freisin deis a chur ar fáil d’oiread sin daltaí scoile sa tír agus is féidir tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht. Tuigimid go mbeadh sé deacair an deis sin a thabhairt do gach dalta ach ba cheart dúinn a bheith ag smaoineamh ar dhul sa treo sin ar a laghad. Chabhródh sé sin go mór leis na mná tí chomh maith.

“Mar sin caithfear dul i ngleic leis na dúshláin phraiticiúla atá roimh na coláistí le lóistín agus mar sin de ach caithfear breathnú chomh maith ar na deiseanna iontacha forbartha atá ann,” arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Thug Roinn na Gaeltachta le fios cheana féin go raibh sé i gceist athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí samhraidh na bliana seo sa bhfómhar, ach tá Conradh na Gaeilge agus cuid de lucht na gcoláistí samhraidh ag iarraidh go ndéanfaí gníomh níos mó ná sin agus grúpa a bhunú le féachaint ar an earnáil trí chéile agus a bhfuil i ndán di.

Moladh i dtuarascáil taighde a foilsíodh le déanaí go dtacódh Roinn na Gaeltachta le forbairt brúnna mar rogha ag coláistí sna ceantair is mó ina bhfuil deacrachtaí tithe lóistín a fháil.

Bhí easpa ban tí ag cur as do choláistí ar fud na Gaeltachta an samhradh seo.

Sé choláiste samhraidh nár oscail i mbliana ar chor ar bith.

Thug CONCOS, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar na coláistí samhraidh Gaeilge, le fios go raibh ‘géarchéim’ ann ó thaobh lóistín de.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó CONCOS bhí breis is 1,600 leaba agus 142 teach níos lú sa chóras i mbliana ná mar a bhí in 2019, an samhradh deireanach go raibh na coláistí i mbun gnó.

Fág freagra ar 'Tascfhórsa á lorg le plé le cás na gcoláistí samhraidh'

  • Dónall Mór MAc Billing(s)

    —————————- ‘ Tascfhórsa eile ???? —————————–

    Idir Straitéis 20 Bliain na Gaeilge agus Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 beidh an mhéar ag iarraidh níos faide leis an Teanga Dhúchais a chur ar na sráideanna arís.

    B’feidir go dtarlódh an Ghaeilge a bheith i mbéal an duine a mbeadh suim aige/aici inti i gceann 100 bliain eile.

    Cothaigh suim sa Teanga in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús !!!

    Fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh agus an Phobal sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí.

    Lean ar aghaidh le cúrsaí acadúla ina dhiadh sin.

    Labhair í agus mairfidh sí .

    Is mise le dóchas
    Dónall Móe Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht,
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E

    Cnag ar seo le bhur dtoil :-

    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059