Aitheantas speisialta le tabhairt ag Ollscoil na Gaillimhe do Dhiarmuid de Faoite

Tá Diarmuid de Faoite ar dhuine d’ochtar a bhfuil Gradam Alumni le bronnadh orthu ag an ollscoil i mbliana

Aitheantas speisialta le tabhairt ag Ollscoil na Gaillimhe do Dhiarmuid de Faoite

Tá an t-aisteoir agus scríbhneoir aitheanta Diarmuid de Faoite ina measc siúd a bhfuil gradam speisialta le bronnadh ag Ollscoil na Gaillimhe orthu an mhí seo chugainn.

Tá de Faoite ar dhuine d’ochtar ar a bhfuil Gradam Alumni le bronnadh ag an ollscoil i mbliana. Roghnaíodh de Faoite don Ghradam don Ghaeilge.

Aistriúchán ar an gcnuasach gearrscéalta Scothscéalta le Pádraic Ó Conaire an saothar is déanaí ag de Faoite agus tá cáil bainte amach aige as a bheith ag aisteoireacht ar stáitse, i gcláir teilifíse agus i scannáin.

Is as Inis i gCo. an Chláir ó dhúchas do Dhiarmuid agus bhain sé Baitsiléir Eolaíochta sa Luibheolaíocht amach ó Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le hArd-Dioplóma san Uisceshaothrú, agus fuair sé MA i dTeiripe Dhrámaíochta ó Ollscoil Roehampton i Londain. Chaith de Faoite seal ag obair mar Fheidhmeannach Drámaíochta in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe.

Fuair de Faoite ainmniúchán do gradam IFTA dá ról sa tsraith Corp+Anam agus bhí Foscadh, Arracht agus Finky i measc na scannán a raibh sé ag aisteoireacht iontu le blianta beaga anuas.

Is iad James Murphy – Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Lifes2good; Maureen Kennelly – Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon; Caitríona Walsh – Uachtarán Tíre agus Stiúrthóir Bainistíochta, Novartis Ireland; Shawan Jabarin – Stiúrthóir Ginearálta Al-Haq; An Dr Dermot Phelan – Iar-Chomhairleoir le Leigheas Dianchúraim, Ospidéal an Mater; Heather Boyle – Iar-rámhaí idirnáisiúnta; agus Jack O’Meara – Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Ochre Bio na daoine eile a bhfuil na Gradaim Alumni do 2024 le bronnadh orthu.

Dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, gur “údar bróid” dóibh san ollscoil aitheantas a thabhairt do na halumni seo.

“Léiríonn gach duine acu an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ár gcéimithe, agus is mór an onóir dúinn a bheith in ann aitheantas a thabhairt dóibh agus a bhfuil bainte amach acu a cheiliúradh, agus béim againn ar ár gcuid luachanna mar atá meas, oscailteacht, barr feabhais agus inbhuanaitheacht,” arsa Ó hÓgartaigh.

Bronnfar na gradaim ag féasta ar an Aoine, an 10 Bealtaine.

Tá Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn agus na craoltóirí Máirín Ní Ghadhra, Seán O’Rourke agus Gráinne Seoige ina measc siúd a bhfuil Gradam Alumni bronnta ag Ollscoil na Gaillimhe orthu roimhe seo.

Fág freagra ar 'Aitheantas speisialta le tabhairt ag Ollscoil na Gaillimhe do Dhiarmuid de Faoite'

  • Fachtna Ó Drisceoil

    Comhghairdeachas le Diarmuid.

  • Kevin Hickey

    Comhghairdeachas leis.

  • Peadar MacMuiris

    Go maire tú do ghradam, a Dhiarmuid!
    Peadar Mac Muiris

  • JP

    Mo ghraidhin thú.