TAISTEAL: Páras agus an tSéin, agus, bhuel, Newcastle upon Tyne…

Den chéad uair le fada, bhí muintir na hÉireann thar lear ar laethanta saoire. Sa chéad alt taistil eile sa tsraith seo, tá cur síos againn ar thuras chuig Newcastle i Sasana

TAISTEAL: Páras agus an tSéin, agus, bhuel, Newcastle upon Tyne…

Comhartha cinnte gur ar saoire i gcathair mhór atá tú ná abhainn mhór a fheiceáil sa chathair chéanna. Samhlaigh Londain agus an Tamais, Páras agus an tSéin, Köln agus an Réin agus, bhuel, Newcastle upon Tyne. 

Bhuel, tá go maith, b’fhéidir nach luafása Newcastle na Breataine in aon anáil amháin le Páras ach is fiú cuairt a thabhairt ar phríomhchathair seo na nGeordies. 

Tá roinnt turasanna tugtha agam ar an chathair thar na blianta nó tá riail iontach simplí agam faoi bheith ag taisteal le heitleáin – caithfidh eitilt dhíreacha bheith ann as Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste (atá in aice liom). Comhlíonann Newcastle an riail áirithe sin agus tá an chathair fada go leor ar shiúl gur turas atá ann ach níl sí chomh fada sin ar shiúl go gcaithfidh tú pacáil mhór a dhéanamh.

Is cinnte nach bhfuil clú ar Newcastle mar áit mhór bia ach tá rogha mhór bialanna de gach aon sórt ann: Iodálach, Spáinneach, Áiseach agus gastrathábhairní más fearr leat sin. Ní bhfaighfeá bás den ocras ná den tart, féadaim a rá. Tá an bia saor fosta – níor mhothaigh mé ingne i mo chraiceann mar a mhothaigh mé go minic i mBaile Átha Cliath, abair. Fuair mé tapas lá amháin, trí rogha ar £15. Bhí neart bia ar na plátaí beaga agus shíl mé an praghas a bheith thar a bheith réasúnta. D’fhéadfá ithe amuigh go rialta ar chostas réasúnta agus d’fhéadfá do sháith a ól ar an dóigh chéanna. 

Tá neart le déanamh ag an chuairteoir fhánach. Is fiú siúlóid cois Tyne a dhéanamh. Sea, níl sé rómánsúil mar abhainn (ná mar chathair i ndáiríre) ach tá suntas ag baint leis an áit ina ainneoin sin. Tá cuid de bhalla Haidrian sa chathair: “thóg an fear seo teach/Is an fear úd/Claí nó fál…” Cuirfidh na droichid thar an abhainn iontas ort ach seachain na faoileáin a chónaíonn sna droichid chéanna. 

I mbaol cacbhuama a bhíonn tú i gcónaí agus tú ag siúl faoi neadacha na bhfaoileán feargach. 

Tá neart siopaí den tsórt chéanna atá le fáil in iarthar na hEorpa agus craobh de shiopa áitiúil ar leith, Fenwicks, sórt Arnotts Newcastle. Thairis sin, tá caisleán, ardeaglaisí Anglacánacha agus Caitliceacha, siopaí leabhar agus dánlanna ann más duine mór cultúir thú. (Tharla fosta go raibh soiscéalaithe Críostaí sráide i mbun searmanais an tseachtain a raibh mé féin ann, nós de chuid Bhéal Feirste cois cuain.)

Aisteach fosta mar a bhaineann an ealaín preab asat. Tugaim cuairt ar dhánlann Laing am ar bith a mbím sa chathair nó bíonn taispeántas fiúntach i gcónaí ann. Tá ábhar iontach le healaíontóir Éireannach ann fosta. Tá an phortráid ‘Hazel in Black and Gold’ le John Lavery ann, ealaíontóir an-bhreá ar fad agus fear a raibh baint ag a mhuintir leis an cheantar tuaithe ina gcónaím anois agus fear a chaith seal ina chónaí i mBéal Feirste leis. Pósta ar Hazel a bhí Lavery, bean álainn ar fad de réir cosúlachta agus bean ar cuireadh a macasamhail ar airgeadra na hÉireann, an t-am a raibh airgead Éireannach ag Éireannaigh.

Tá nóta leis an phortráid álainn chéanna: “A gift from Councillor Arthur Munro Sutherland, 1916”. 

1916! A Thiarna, nach ait an mac an ealaín!

Fág freagra ar 'TAISTEAL: Páras agus an tSéin, agus, bhuel, Newcastle upon Tyne…'