Scríobh alt faoin mbliain atá amach romhat a deir an t-eagarthóir- ‘caith súil chun cinn,’ a deir sé.
Maith go leor. Ach an féidir linn i ndáiríre an méid atá amach romhainn a fheiceáil roimh ré? Cé mhéad duine againn a chonaic céard a tharlódh in 2024, gan trácht ar an am atá le teacht?
I ndáiríre, caithfidh mé a admháil nach bhfaca mé Donald Trump ag buachan arís sa toghchán Uachtaránachta i Meiriceá. Agus cé a déarfadh anois cén toradh a bheas ar a chuid ceapachán sa Rialtas?
Rud eile nach bhfaca mé, ná an toradh gan foláireamh ar an athrú aeráide. Cén duine againn a cheap go dtarlódh leithéidí na dtuilte i Valencia na Spáinne? Bhíomar ag dul i dtaithí ar thuilte agus ar athruithe aeráide agus mar sin de, ach fós féin ceapaim gur tháinig sé aniar aduaidh orainn go bhféadfadh a leithéid tarlú i dtír atá réasúnta gar dúinn.
Níl sé i bhfad ó scríobh mé féin faoin triomach mór sa Spáinn – na haibhneacha gan aon uisce iontu le blianta thart ar chathair Málaga, an loch ó thuaidh den chathair sin a bhfuil an leibhéal uisce tite go tubaisteach ann agus na srianta atáthar a chur anois ar úsáid uisce sna bailte móra turasóireachta – Marbella agus thart air.
Ach ní leigheasann stoirmeacha an gheimhridh agus tuilte tubaisteacha an fhadhb fhadtéarmach a bhaineann leis an triomach agus ní bheadh údarás áitiúil in ann breathnú roimhe chun úsáid cheart a bhaint as an drochaimsir.
Agus mé ag breathnú romham, feicim tuilleadh de na tarlúintí aisteacha seo, a dhéanfas dochar as cuimse don bhonneagar – bóithre, iarnróid, foirgnimh, córais chumarsáide agus a leithéid. Agus cé go bhfuilimid ag dul i dtaithí ar phatrúin aisteacha aimsire sa tír seo – stoirmeacha agus tuilte – fós féin ní fhaca muid aon rud chomh dona le Valencia, ná tinte foraoise na Portaingéile, na hIodáile agus thíortha eile thart ar an Meánmhuir.
Ag breathnú ar na figiúirí is deireanaí a foilsíodh faoi staid na tíre seo, agus an t-aschur carbóin, níl aon chosúlacht ar an scéal go bhfuil aon imní orainne faoin staid seo. Cad atá taobh thiar den aschur sin ar fad? Carranna? Giniúint leictreachais? Eitiltí?
Cén duine againn atá sásta gearradh siar ar aon cheann díobh sin – mé féin san áireamh? Nuair a bhreathnaím chun cinn ar an gnáthshaol laethúil sa tír seo, feicim tarlúintí aimsire gan choinne. Agus fós beidh an pobal ag cur an mhilleáin ar an rialtas faoi dhrochphleanáil agus drochsheirbhísí éigeandála, agus ag fáil locht ar sheirbhísí ar nós Bhord Soláthair an Leictreachais faoin moill a bhí orthu ag cur na cumhachta ina ceart arís.
Agus an stoirm is deireanaí díreach imithe soir uainn, bhí daoine fós gan chumhacht laethanta go leor i ndiaidh na stoirme. Deirim liom féin nach bhfaca mé a leithéid cheana. Agus ní raibh ann ach stoirm aon oíche agus lae, b’fhéidir. An bhfuil na stoirmeacha ag déanamh níos mó damáiste, fiú amháin sa tír seo?
Rud eile nach bhfaca mé ná an dul chun cinn a dhéanfaí i saol na hintleachta saorga – ‘AI’ mar a thugtar air. Má thug mé aon aird air, is dócha gur shíl mé gur rud é a bhainfeadh leis an saol eolaíochta nó saol an ‘teic’. Ní fhaca mé an lá ag teacht go mbeifí ag caint ar chead a thabhairt do dhaltaí dara leibhéal, úsáid a bhaint as i gcomhair scrúduithe. Nach mór idir é sin agus an chabhair dhiamhair a bhí coiscthe le mo linnse – dealbh den Mhaighdean Mhuire a bhreith leat isteach sa seomra scrúduithe?
Nuair a bhí mé féin ag tosnú amach i saol na craoltóireachta agus ag déanamh jabanna fánacha anseo is ansiúd, ba mhinic mé i stiúideo Telegael, nó a leithéid, ag déanamh tráchtaireachta ar chláracha faisnéise.
Anois, ag breathnú romham, feicim agus cloisim cláracha déanta agus glór ‘saorga’ taifeadta orthu.
‘Ar mhaith leat an chanúint sin a athrú? Fan soicind agus athróimid ó chanúint Chonamara go canúint Dhún na nGall.’ Taispeánadh samplaí den obair seo dom i rith na bliana seo.
Bhí mé ag caint le léiritheoir le gairid a raibh taithí aige ar an obair seo le tamall beag anuas. Bhí clár déanta aige na blianta ó shin agus mar is gnách, bhí an fhuaim ‘measctha’ ar an leagan a craoladh. Roimhe seo, má bhí an fhuaim measctha ní raibh éinne in ann na fuaimeanna éagsúla a scaradh ó chéilec- bhí gach fuaim – guth, ceol, fuaimeanna eile, measctha le chéile ar aon téip amháin.
Ach le cabhair an AI bhí an t-eagarthóir in ann iad a scaradh óna chéile agus guth soiléir an tráchtaire agus na ndaoine a bhí páirteach sa chlár a chur ar fáil gan aon fhuaim eile sa chúlra.
Bhuel sin mise as jab, má theastaíonn uaim dul i mbun tráchtaireachta arís!
Bhí sé chomh maith agam breathnú ar mo liosta mianta nó ‘buicéid’ don bhliain seo chugainn. Tá áiteacha sa tír ar thug mé cuairt orthu agus mé i mbun scannánaíochta le linn dom a bheith in RTÉ. Ceann acu sin ná Inis Gé, i gcontae Mhaigh Eo, a raibh mé ann in éindí leis an léiritheoir Aindrias Ó Gallchóir. Ba bhreá liom cuairt a thabhairt ansin in athuair. Nuair a bhíomar i mbun cláir ann, bhí roinnt oileánach fós beo ar an mórthír a chuaigh isteach sna hoileáin linn don chlár.
Agus mé ag éisteacht le déanaí le mír ar ar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi leabhar a bhain le míolta móra Inis Gé, chuir sé fonn orm arís é a chur ar an liosta don bhliain seo chugainn.
Rinne mé cúpla iarracht cheana, dul chomh fada le Sceilg Mhichíl, ach chinn sé orm. Cúrsaí aimsire arís. Is dócha go gcaithfidh mé a bheith foighdeach agus fanacht cúpla lá ar an mórthír go gciúnóidh sé, má tharlaíonn an rud céanna arís. D’fhéadfadh an fharraige a bheith ina clár sa chalafort ar an mórthír agus fós a bheith corraithe go maith agus ag cur isteach ar chúrsaí teacht i dtír ar an Sceilg. Tá sé ar an liosta anois, ar aon nós.
Coinneoidh mé ar an eolas sibh.
Kerry Blue
“Níl tuile dá mhéid nach dtránn,”
mar a dúirt an fiach a seoladh ón Áirc!
Go mbeirimíd beo ar an am seo arís.
Angela
Maidir le cad atá taobh thiar den aschur carbóin, tá an ceart agat dár ndóigh go bhfuil carranna, giniúint leictreachais (ó bhreoslaí iontaise mar ghás “nádúrtha” agus ghuail) agus eitiltí mar cuid de na foinsí. Tá foinsí eile dár ndóigh – ina measc talmhaíocht ainmhithe agus portaigh a ligtí dóibh triomú. Cuireann tú an cheist, “Cén duine againn atá sásta gearradh siar ar aon cheann díobh sin” amhail is nach bhfuil aon duine sásta gearradh siar, ach cinnte tá! Tá aithne agam ar roinnt maith daoine mar sin – daoine a sheachnaíonn carranna a bhreoslaítear le peitreal, a sheachnaíonn a bheith ag eitilt, a dhéanann iarracht ina dtithe gan a bheith ag úsáid breoslaí iontaise, a bhfuil a gcothú bunaithe ar phlandaí seachas ainmhithe, srl.
Ceapaim go bhfuil sé rí-thábhachtach go dtuigeann daoine go bhfuil a leithéid de dhaoine ann agus gur féidir leis an gcuid is mó againn ár saol a chaitheamh i bhealach níos simplí atá fós sásúil (agus b’fhéidir níos sásúla ná saol níos casta) chun níos lú breoslaí iontaise a úsáid. Thugadh sin seans dúinn, do dhaoine óga, agus do na glúine atá le teacht, aimsir thubaisteach agus gach a bhaineann le sin a sheachaint.
Is cinnte go bhfuil gá le hathruithe ollmhóra i gcórais ár sochaí (ár gcóras taistil poiblí, mar shampla) – athruithe a gcaithfidh ár bpolaiteoirí a chur i gcrích, le brú uainne. Cabhróidh na hathruithe córasacha sin linn chun athruithe a dhéanamh inár saol féin. Ach creidim go bhfuil sé éagóireach bheith ag fanacht ar athruithe sa chóras a bheith déanta sula n-iarraimid athruithe ciallmhara a dhéanamh inár saol féin.
Caithfimid uilig a bheith ag déanamh na rudaí ar féidir linn chun astaíochtaí carbóin a laghdú. Ag deireadh an lae, cuimhnímis gur muidne, comh maith leis na glúine atá le teacht, a bheas thíos leis muna rachaimid i ngleic le haschur carbóin ar bhonn práinneach.