Taighde ar bun ag TG4 agus OÉ Gaillimh faoi fhoinsí nuachta phobal na Gaeilge

Deir TG4 go mbeidh tionchar ag an taighde ar chur chuige an stáisiúin amach anseo

Taighde ar bun ag TG4 agus OÉ Gaillimh faoi fhoinsí nuachta phobal na Gaeilge

Tá taighde ar bun ag TG4 agus OÉ Gaillimh faoi cá bhfaigheann pobal na Gaeilge an nuacht.

Deir TG4 go mbeidh tionchar ag an taighde ar chur chuige an stáisiúin amach anseo.

Tá TG4 agus Aonad Léann na Cumarsáide in OÉ Gaillimh ag lorg tuairimí maidir leis an soláthar a dhéantar i nGaeilge ar ábhar nuachta agus cúrsaí reatha. 

Tá eolas agus tuairimí á lorg faoi na háiteanna ina bhfaigheann pobal na Gaeilge an nuacht, bíodh sé i mBéarla nó Gaeilge nó aon teanga eile, agus faoi na príomhfhoinsí nuachta Gaeilge atá acu. Tá tuairimí ar leith á lorg acu faoi sholáthar nuachta agus cúrsaí reatha TG4 agus faoi leithéidí RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Tuairisc.ie. 

Baileofar cuid den eolas trí ghrúpaí fócais agus trí Fios Físe, painéal a bhunaigh TG4 chun dearcadh phobal labhartha na Gaeilge i leith na stáisiúin a fhiosrú, ach tá suirbhé curtha ar líne mar chuid den taighde chomh maith. Tá an taighde ar fáil anseo.

Bhí an soláthar nuachta agus cúrsaí reatha i nGaeilge i mbéal an phobail le déamaí. In aighneacht a chuir TG4 faoi bhráid an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán mí Feabhra, dúradh nach raibh “aon chlúdach domhain” á dhéanamh ar chúrsaí reatha i nGaeilge, ar theilifís ná ar raidió, mar gheall ar easpa acmhainní.

Tugadh le fios i dtuarascáil de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann le déanaí  nach cláracha cúrsaí reatha nó nuachta ach thart ar 4% de chláracha teilifíse Gaeilge nó dátheangacha.

Níl TG4 ná RTÉ sásta aon gheallúint a thabhairt go ndéanfaidh siad aon infheistíocht bhreise in iriseoireacht na Gaeilge.

Deir Aodh Ó Coileáin ó OÉ Gaillimh go bhfuil sé tráthúil taighde a dhéanamh ar an iriseoireacht Ghaeilge agus dearcadh phobal na Gaeilge ina leith agus go bhfuil an ollscoil sásta páirt a ghlacadh san obair sin.

 “Fearacht go leor pobail oileánda ar fud na cruinne, cuireann an tÉireannach spéis ar leith in imeachtaí an domhain mhóir, i gcúrsaí reatha agus i scéalta nuachta i gcoitinne. 

“Ar an aimsir seo, bíonn deis níos mó ná riamh ag an bpobal dul i ngleic leis an saol mórthimpeall orthu tríd an gcraolachán agus trí mheáin leictreonacha ghaolmhara. Ar ndóigh bíonn an soláthar nuachta agus cúrsaí reatha i gceartlár an phróisis seo.”

Deir Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont go mbeidh an t-eolas a chuirfear ar fáil “mar threoir” ag lucht bainistíochta an stáisiúin amach anseo.

“Cuirfear eolas luachmhar ar fáil leis an suirbhé seo maidir le dearcadh an lucht féachana Gaeilge ar nuacht agus cúrsaí reatha i nGaeilge.  Beidh sé mar fhoinse treorach ag lucht bainistíochta TG4 nuair a bheidh tosaíochtaí á leagan amach don chainéal don tréimhse atá romhainn, i gcomhthéacs méadú ar scála agus acmhainní do TG4 agus do chraoltóireacht na Gaeilge.”

Fág freagra ar 'Taighde ar bun ag TG4 agus OÉ Gaillimh faoi fhoinsí nuachta phobal na Gaeilge'

  • Concubhar

    Tá easnaimh sa suirbhé seo ar chóir iad a chur ina gceart. Níl an Irish Examiner luaite i measc na nuachtán chlóite agus tá Raidió Fáilte, Meon Eile agus An tEolas, leathnach laethiúil Gaeilge san Irish News, Seachtain, iatán Ghaeilge gach Céadaoin san Irish Independent ar iarraidh ó liosta na meáin Ghaeilge. Fágann sin go bhfuil cuma easnamhach ar an suirbhé nó is nuachtán náisiúnta é an Irish Examiner ar aon chéim ar a laghad le nuachtáin eile ar an liosta.
    Tá Meon Eile lonnaithe ó thuaidh agus ar aon chéim ar a laghad le nos.ie agus tá Ráidió Fáilte ar aon chéim ar a laghad le Ráidió na Life. Má tá UTV luaite i measc na staisiún teilifise, ba cheart go raibh Raidió Fáilte agus Meon Eile luaite i measc na meán Ghaeilge. Tá leathnach Gaeilge an Irish Times luaite ach nil leathnaigh Gaeilge san Irish News ná Seachtain san Irish Independent luaite. D’fhéadfaí an cás céanna a dhéanamh le h-aghaidh Iris Eoghnach sa Strabane Chronicle, Scéalta Mhúscraí sa Echo, An Colún Corcaíoch sa Corkman agus Colún Chiarraí sa Kerryman.
    Is fiú athfhéachaint a thabhairt ar an suirbhé.