Geallúint ar bith ag TG4 ná ag RTÉ go ndéanfar tuilleadh infheistíochta in iriseoireacht na Gaeilge

Tá sé tugtha le fios ag TG4 nach bhfuil sé i gceist acu aon infheistíocht bhreise a dhéanamh san iriseoireacht iniúctha mura gcuirfear tuilleadh maoinithe ar fáil dóibh

Geallúint ar bith ag TG4 ná ag RTÉ go ndéanfar tuilleadh infheistíochta in iriseoireacht na Gaeilge

Níl TG4 ná RTÉ sásta aon gheallúint a thabhairt go ndéanfaidh siad aon infheistíocht bhreise in iriseoireacht na Gaeilge.

Seo mar atá in ainneoin go ndúirt Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont le déanaí go raibh sé “dochreidte” nár craoladh aon sraith iriseoireacht iniúchta ar an stáisiún ó bunaíodh é.

Tá aird tarraingthe ag TG4 ar chás na hiriseoireachta Gaeilge tráth a bhfuil léiriú tugtha i dtuarascáil de chuid an BAI ar an gcéatadán beag de chraoltaí Gaeilge atá dírithe ar nuacht agus cúrsaí reatha.

I dtuarascáil Údarás Craolacháin na hÉireann, tugtar le fios nach cláracha cúrsaí reatha nó nuachta iad ach thart ar 4% de chláracha teilifíse Gaeilge nó dátheangacha.

Rinneadh staidéar sa tuarascáil ar na cláracha Gaeilge uile a craoladh aon seachtain amháin mí Dheireadh Fómhair 2019. Bhain 15 den 399 craoladh teilifíse Gaeilge/dátheangach le nuacht agus cúrsaí reatha. Cláir do pháistí is mó a craoladh – 215 clár nó 63%.

In aighneacht a chur TG4 faoi bhráid an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán le déanaí, dúradh nach raibh “aon chlúdach domhain” á dhéanamh ar chúrsaí reatha i nGaeilge mar gheall ar easpa acmhainní.

Dúirt Alan Esslemont ar Nuacht TG4 ina dhiaidh sin gur chóir do RTÉ tuilleadh infheistíochta a dhéanamh in iriseoireacht na Gaeilge.

I ráiteas a chuir an stáisiún ar fáil do Tuairisc.ie, thug TG4 le fios nach bhfuil siad sásta aon infheistíocht bhreise a dhéanamh sa réimse ach amháin sa chás go dtabharfaí tuilleadh maoinithe dóibh mar atá á lorg acu ina n-aighneacht don Choimisiún.

“San aighneacht a sheol TG4 chuig Coimisiún um Thodhchaí na Meán, tá TG4 ag rá go bhfuil easpa scála maoinithe agus easpa cothromaíochta in éiceachóras na Meán Seirbhíse Poiblí in Éirinn (PSM) agus go bhfuil bearnaí móra i seirbhísí na meán Gaeilge de bharr an easpa maoinithe sin.”

Dúirt TG4 le Tuairisc.ie go mbeadh sraith coimisiúnaithe cúrsaí reatha iniúchta “mar thosaíocht” ag an stáisiún dá mbeadh “socrú nua ann maidir leis an infheistíocht phoiblí”.

Dúirt RTÉ le Tuairisc.ie go raibh siad sásta leis an réiteach atá ann idir iadsan agus TG4 ó thaobh cúrsaí nuachta.

Cuireann RTÉ an dá chlár Nuacht TG4 agus 7 Lá ar fáil do TG4 mar chuid dá soláthar reachtúil clár don stáisiún Gaeilge. Faoin reachtaíocht chraolacháin is gá do RTÉ 365 uair an chloig de chláracha a sholáthar do TG4 gach bliain.

Deir RTÉ gur chaith siad €5.2m in 2019 ar na cláir nuachta agus cúrsaí reatha a chuir siad ar fáil do TG4.

Chaith TG4 €26.3m ar chláir/ábhar Gaeilge an bhliain chéanna. Os cionn €40 milliún a bheidh ag TG4 ón státchiste in 2021. Dúirt RTÉ gur “údar bróid” dóibh “an pháirtnéireacht” atá acu le TG4 agus “an iriseoireacht a eascraíonn aisti, ag freastal ar lucht faire ar TG4 agus ar RTÉ araon”.

“Leanfaidh an dá eagraíocht meán seirbhíse poiblí in Éirinn leis an gcomhar seo chun an iriseoireacht Ghaeilge sa todhchaí a mhúnlú ar leas ár lucht faire ar fad.”

Maidir le héileamh Alan Esslemont go ndéanfadh RTÉ tuilleadh infheistíochta in iriseoireacht na Gaeilge, thug RTÉ le fios nach mbeadh siad in ann é seo a dhéanamh ceal acmhainní.

“Ba mhaith le RTÉ níos mó a dhéanamh chun a dhualgas seirbhíse poiblí a chomhlíonadh, agus is chuige sin atá leasú ar chóras briste an cheadúnais teilifíse á éileamh ag RTÉ le blianta fada,” a deirtear ina ráiteas.

Fág freagra ar 'Geallúint ar bith ag TG4 ná ag RTÉ go ndéanfar tuilleadh infheistíochta in iriseoireacht na Gaeilge'