Taibhsí na Breatnaise á nochtadh féin

Úsáideadh idir sholas ultraivialait agus bhogearraí eagarthóireachta grianghraf le míreanna filíochta nach bhfacthas riamh cheana i Leabhar Dubh Caerfyrddin aimsiú


Tá téacs Breatnaise agus íomhánna nach bhfacthas leis na céadta bliain tar éis a theacht chun cinn i Llyfr Du Caerfyrddin (Leabhar Dubh Caerfyrddin) sa Bhreatain Bheag.

Bailiúchán filíochta ón 9ú go 12ú aois is ea Llyfr Du Caerfyrddin a cuireadh le chéile sa bhliain 1250. Is ann a léitear na tagairtí is luaithe d’Artúr Rí na mBriotanach agus a fhear feasa Myrddin agus finscéalta eile na Breataine Bige.

Ba iad Myriah Williams, iníon léinn PhD, agus an tOllamh Paul Russell ón Rannóg Angla-Shacsanaise, Lochlannaise agus Ceiltise in Ollscoil Cambridge a tháinig ar an ábhar folaithe le deireanas. 

Creideann an bheirt taighdeoirí gur le linn na séú haoise déag a ghlan fear darbh ainm Jaspar Gryffyth, ar leis an lámhscríbhinn ag an am, ranna, breacaireacht agus nótaí imill a cuireadh léi in imeacht na gcéadta.

Úsáideadh idir sholas ultraivialait agus bogearraí eagarthóireachta grianghraf le míreanna filíochta nach bhfacthas riamh cheana a aimsiú.

Dúradh i ráiteas a d’eisigh Ollscoil Cambridge go bhfuil na ranna easpach faoi láthair agus go dteastaíonn i bhfad níos mó anailíse uathu, ach go bhfuil an chosúlacht air go leanann siad an dán ón leathanach roimhe agus gur cuireadh dán nua ag bun an leathanaigh.

“It’s easy to think we know all we can know about a manuscript like the Llyfr Du but to see these ghosts from the past brought back to life in front of our eyes has been incredibly exciting. The drawings and verse that we’re in the process of recovering demonstrate the value of giving these books another look,” a dúirt Williams.

Mhínigh sí gur minic a bhíonn nótaí imill ar lámhscríbhinní agus gur iontu a fhaightear léargas ar mheon na linne ar an téacs. Dúirt sí gur cuireadh go leor nótaí leis an Llyfr Du roimh dheireadh na séú haoise dhéag agus go bhféadfaí go leor eolais a bhaint as an méid a scríobhadh.

Aon scríbhneoir amháin a chuir Llyfr Du Caerfyrddin le chéile agus meastar gur thar thréimhse fhada a rinne sé é. Ar leathanaigh thosaigh an leabhair tá an cló mór agus scríofa ar gach dara líne, ach ar leathanaigh eile, tá an cló i bhfad níos lú agus na línte níos giorra dá chéile – rud a thugann le fios go raibh amanna ann nuair a bhí an pár gann. Tá réimse leathan ábhar le fáil sa leabhar – idir dhánta creidimh, fhilíocht mholta agus scéalaíocht.

Is ann a fheictear an dán is sine a bhaineann le heachtraí Artúir. Tá cuntas sa dán sin, áit a n-iarrann an Rí cead isteach ar chúirt anaithnid agus a mholann buanna a gcuid fear go ligfear isteach iad.

Moltar agus caointear laochra eile na Breataine Bige i dtéacs fada darb ainm Englynion y Beddau (Ranna na nUaigheanna). Cuireann an scéalaí síos ar an dinnseanchas trí uaigheanna ochtó laoch a ainmniú. Luaitear Artúir anseo freisin ach nach fios cár cuireadh an rí.

Tá ceithre leathanach is caoga sa leabhar ina iomláine agus coinnítear i Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige é.

Fág freagra ar 'Taibhsí na Breatnaise á nochtadh féin'