‘Tagaigí ar aistear foghlama Gaeilge liom’ – Seán Gallagher

Deir Seán Gallagher go mbunóidh sé ‘Foghlaim leis an Uachtarán’, clár náisiúnta Gaeilge, agus go gcuirfidh sé lena thuiscint féin ar an nGaeilge má thoghtar ina uachtarán é

‘Tagaigí ar aistear foghlama Gaeilge liom’ – Seán Gallagher

Chuirfeadh Seán Gallagher tús le clár náisiúnta Gaeilge ‘Foghlaim leis an Uachtarán’ dá n-éireodh leis i dtoghchán na huachtaráncha.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie dúirt Gallagher chomh maith go gcuirfidh sé lena thuiscint ar an Ghaeilge má thoghtar é mar uachtarán. 

Dúirt an fear gnó a tháinig sa dara háit i dtoghchán 2011, go gcreideann sé gur “chóir” go mbeadh Gaeilge ag an Uachtarán agus go bhfuil sé “tiomanta” cur lena chumas sa Ghaeilge má éiríonn leis i rás an Árais.

Nuair a sheas sé don uachtaránacht in 2011, thug sé le fios go raibh ranganna Gaeilge á dhéanamh cheana aige. Níor fhreagair sé ceist ó Tuairisc.ie faoin dul chun cinn a rinne sé leis na ranganna sin, ach dúirt sé nach raibh líofa sa teanga.

“Má thoghtar mar uachtarán mé, cuirfidh mé tús le clár ‘Foghlaim leis an Uachtarán’, faoina dtabharfaidh mé cuireadh do gach saoránach, beag beann ar a náisiúntacht ná a líofacht, teacht liom ar aistear foghlama ionas go gcuirfidh muid borradh breise faoin nGaeilge i dteannta a chéile.

“Ó bunaíodh an Stát, ba chuid mhór dínn féin agus dár bhféiniúlacht shainiúil í an Ghaeilge. Tá mé bródúil as an stádas atá ag an nGaeilge agus creidim gur chóir go mbeadh Gaeilge ag an Uachtarán,” a dúirt Gallagher.

Mhaígh sé go gcuirfeadh a fheachtas ‘Foghlaim leis an Uachtarán’ an teanga chun cinn agus go gcothódh sé “uileghabhálacht agus an cairdeas” chomh maith. 

Dúirt Gallagher go raibh “rún daingean” aige dea-shampla Mháire Mhic Giolla Íosa a leanúint, an t-iar-Uachtarán a bhí “ar thús cadhnaíochta”, dar leis, maidir le foghlaim na Gaeilge nuair a d’éirigh léi “ardchaighdeán Gaeilge a bhaint amach agus í ina hUachtarán”.

“Tá rún daingean agamsa an rud céanna a dhéanamh. Má thoghtar mé, ní hamháin go gcuirfidh mé feabhas ar mo thuiscint féin ar an teanga, iarrfaidh mé ar dhaoine eile teacht ar an aistear foghlama sin liom,” arsa Gallagher.

Cé gur “mór an trua” leis nach bhfuil Gaeilge ar a thoil aige, dúirt Gallagher go ndéanann sé féin agus a bhean chéile iarracht, “chomh fada is gur féidir” “cúpla focal” Gaeilge a úsáid lena bpáistí ó lá go lá.

Dúirt an fear gnó gur bheag an deis a bhí aige an Ghaeilge a úsáid ó d’fhág sé an scoil ach go raibh sé ag súil go dtiocfadh sí ar ais chuige agus “bunchloch mhaith” faighte aige a sa bhunscoil agus sa mheánscoil.

“Má dhéanaim iarracht bheag bhreise agus má bhíonn múinteoir maith agam, bheinn ábalta cur le mo chuid líofachta sa teanga,” a dúirt Seán Gallagher.

Fág freagra ar '‘Tagaigí ar aistear foghlama Gaeilge liom’ – Seán Gallagher'

  • Micil Bán

    O my sweet Jesus! Cé gur “mór an trua” dó nach bhfuil Gaeilge ar a thoil aige, dúirt Gallagher go ndéanann sé féin agus a bhean chéile iarracht, “chomh fada is gur féidir” “cúpla focal” Gaeilge a úsáid lena bpáistí gach lá.
    Bhí seacht mbliana agat í a fhoghlaim, a mhaicín.
    Sibhse is measa, a thuairisc.ie, as poiblíocht a thabhairt dó …