Tada molta go fóill ag an mBreatain in áit an chúlstop – an tAE

Deir Jean Claude Juncker gur ar Rialtas na Breataine atá an dualgas roghanna eile a mholadh ó tharla nach bhfuil siad sásta leis an gcúlstop

Tada molta go fóill ag an mBreatain in áit an chúlstop – an tAE

Boris Johnson agus Jean Claude Juncker

Níl tada molta go fóill ag an mBreatain maidir le rogha eile a d’fhéadfaí a chur in áit an chúlstop sa chomhaontú aistarraingthe.

Sin a bhí le rá ag an AE tráthnóna i ndiaidh cainteanna idir Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Jean Claude Juncker.

Thug Juncker le fios athuair ag an gcruinniú gur ar Rialtas na Breataine a bhí an dualgas roghanna eile a mholadh ó tharla nach bhfuil siad sásta leis an gcúlstop.

Dúirt urlabhraí ón Choimisiún Eorpach gur thug Juncker le fios do Johnson go rabhthas sásta scagadh a dhéanamh ar aon roghanna eile. Ní bhfuarthas a leithéid go fóill, a dúradh.

Dúirt urlabhraí thar ceann Johnson gur cruinniú “fiúntach” a bhí ann. Dúirt an t-urlabhraí gur dhearbhaigh Príomh-Aire na Breataine go raibh sé tiomanta do chosaint a thabhairt do Chomhaontú Aoine an Chéasta agus margadh eile a aontú leis an AE nach mbeadh an cúlstop ina chuid de.

Dúirt Johnson arís eile nach mbeadh aon síneadh ama á lorg aige ar an mBreatimeacht agus go bhfágfadh an Ríocht Aontaithe an tAE ar an 31 Deireadh Fómhair is cuma cad a tharlódh.

Dúirt urlabhraí Johnson gur aontaigh ceannairí gur gá géarú ar na hiarrachtaí teacht ar réiteach agus go mbeidh cainteanna ar bun idir an dá thaobh gach lá sna seachtainí amach romhainn. Dúirt urlabhraí Juncker go mbeadh lucht an choimisiúin ar fáil “24/7”.

“Beidh cruinniú na Comhairle Eorpaí mí Deireadh Fómhair ina chloch mhíle thábhachtach sa phróiseas seo. Tá 27 an AE ag seasamh le chéile i gcónaí,” arsa urlabhraí an Choimisiúin Eorpaigh.

Fág freagra ar 'Tada molta go fóill ag an mBreatain in áit an chúlstop – an tAE'