Tacaíocht á lorg i gcónaí ag muintir Mhúscraí d’achainí ar Eircom

Tá cruinniú á lorg ag muintir na háite le hEircom chun an fhadhb a chur faoina mbráid agus impí orthu í a réiteach

1280px-BSNL_Chennai_Broadband's_Wi-Fi_modem_from_Nokia_Siemens_Networks

achainí ar líne tosaithe ag muintir Ghaeltacht Mhúscraí ar an gcomhlacht Eircom a éilíonn feabhas ar sheirbhísí leathanbhanda sa cheantar.

Tá os cionn 300 ainm curtha leis an achainí ó cuireadh ar líne í thart ar mhí ó shin agus é mar sprioc aici 1,000 ainm a fháil. Maítear san achainí go bhfuil luas an leathanbhanda sa cheantar Gaeltachta ‘lag nó gan a bheith ann’ agus nach féidir an t-idirlíon a úsáid ar bhealach éifeachtach ná éifeachtúil.

Deir sínitheoirí na hachainí gur iomaí iarracht atá déanta acu aird a tharraingt ar an bhfadhb ach nach raibh mórán cabhrach le fáil ó Eircom. D’iarr Eircom ar mhuintir na háite níos mó airgid a íoc chun an tseirbhís a fheabhsú agus chuir siad an locht ar fhabhtanna sna tithe sa cheantar seachas ar na línte leathanbhanda.

Mura dtabharfaidh Eircom cluais dá n-achainí, a deir na sínitheoirí, éireoidh muintir an cheantair as úsáid a bhaint as seirbhís Eircom ar fad.

Dúirt urlabhraí Eircom le Tuairisc.ie go bhfuil leathanbhanda suas go 8mb ar fáil i ar mhalartán Bhaile Mhic Íre, a fhreastalaíonn ar Bhaile Bhúirne agus an ceantar máguaird, ach go bhfuil obair ar bun ag an gcomhlacht a fheabhsóidh an tseirbhís ag uaireanta buaice. Tugadh le fios go mbeidh seirbhís chomh sciobtha le 24mb ar fáil sa cheantar faoi dheireadh na bliana seo.

Beirt bhan áitiúla, Michelle Ní Mhurchú agus Clíodhna Ní Cheallacháin, a chuir tús leis an achainí an mhí seo caite. Dúirt Ní Mhurchú le Tuairisc.ie nach raibh aon rud ‘thar fóir’ á lorg ag muintir na háite ach an ghnáthsheirbhís leathanbhanda go bhfuil muintir na háite ag díol as.

“I láthair na huaire tá gach éinne ag íoc as an tseirbhís seo [suas go 8mb] ach nílimid ag fáil ach 0.3mb aon uair i rith an lae. Tá sé sin ag cur isteach go mór ar an ngnáthdhuine sa bhaile ach go háirithe daoine atá ag iarraidh obair ón mbaile sa cheantar.

Tá an-chuid gnólachtaí sa cheantar agus bhí orthu a seirbhís féin a fháil ó satailítí agus is costas breise atá ann dóibh chomh maith,” a dúirt sí.

Tá cruinniú á lorg ag muintir na háite le hEircom chun an fhadhb a chur faoina mbráid agus impí orthu í a réiteach.

Fág freagra ar 'Tacaíocht á lorg i gcónaí ag muintir Mhúscraí d’achainí ar Eircom'