Bliain ó shin sa gcolún seo scríobh mé nach dtiocfaí ar aon réiteach i dtaobh na ngéarchéimeanna i gcúrsaí tithíochta, sláinte, oideachais agus eile dá mbeimis ag brath ar an earnáil phríobháideach i gcomhair fuascailt na bhfadhbanna.
Léirigh na figiúirí an uair sin nach raibh ag éirí leis an earnáil sin freastal ar riachtanais an phobail. Bliain ina dhiaidh sin, léiríonn na figiúirí gurb é an scéal céanna i gcónaí é.
Tá córas sláinte againn i gcónaí nach bhfuil ag feidhmiú i gceart, córas a fhágann go bhfuil na céadta ar thralaithe sna haonaid éigeandála. Tá an ghéarchéim tithíochta gan réiteach (in ainneoin urlabhraithe na Bunaíochta a bheith ag maíomh anois nach bhfuil aon ghéarchéim ann!) agus líon na ndaoine ar liostaí feithimh agus líon na ndaoine gan dídean ag dul i méid i gcónaí.
Thug an rialtas €142 milliún anuraidh do thiarnaí talún san earnáil phríobháideach le cíos a íoc do dhaoine nach acmhainn dóibh sin a dhéanamh– airgead ar chóir é a chaitheamh go díreach ar thithe a chur ar fáil.
Tá an easpa múinteoirí ag dul in olcas fad is atá múinteoirí ann agus gan aon chinnteacht fostaíochta acu ná clár ama iomlán oibre.
Tá baol mór i gcónaí don tír i bhfianaise an Bhreatimeachta agus chás an Tuaiscirt. Ar a laghad níl an Rialtas díomhaoin maidir leis an mBreatimeacht, ach an bhfuil sé de mhisneach acu socrú a chinntiú a dhéanfaidh leas na tíre, nó an tábhachtaí dóibh ionsaithe a dhéanamh ar Shinn Féin seachas brú a chur ar na haontachtóirí glacadh leis an gcothromas?
Ar a laghad ar bith, ámh, tá an Taoiseach Leo Varadkar ag rá go poiblí gur chóir Acht Gaeilge a bheith ann ó thuaidh is tá an Tánaiste Simon Coveney ag rá nach féidir le Sasana an Tuaisceart a rialú as féin is go gcaithfidh siad comhar a dhéanamh le Baile Átha Cliath murar féidir na hinstitiúidí ó thuaidh a chur ag feidhmiú arís.
Ní léir an nglacfadh na Sasanaigh go réidh lena leithéid, go háirithe agus rialtas Westminster ag brath ar vótaí an DUP le fanacht in oifig, ach is fada ó chualamar rialtas i mBaile Átha Cliath ag labhairt amach ar chor ar bith faoi na nithe seo.
Faraor sin é an t-aon léas dóchais atá le tabhairt faoi deara faoi láthair.
Maidir leis na fadhbanna móra eile, is é an rud is measa fúthu ná go bhfuil ceangal eatarthu go léir.
Mar shampla, táimid anois ag iarraidh altraí a mhealladh abhaile – altraí a fuair a gcuid oiliúna anseo in Éirinn a bhuí leis an saoránach Éireannach. Ach cá mbeidh siad ina gcónaí má fhilleann siad? Is ar éigean gur féidir le duine a d’fhan sa tír morgáiste a fháil agus tá sé seacht n-uaire níos measa dóibh siúd a fhilleann ó thar lear.
Tá siad á mbrú isteach sa mhargadh príobháideach cíosa agus níl aon chosaint – go háirithe cosaint fhadtéarmach – acu siúd a bhfuil tithe ar cíos acu. Mar atá ráite agam go minic anseo, nuair a bhainfidh na daoine seo aois an phinsin amach beidh siad sa bhfaopach ceart agus iad fós ag íoc de réir an mhargaidh agus iad i taobh le pinsean a bheidh i bhfad níos lú ná an tuarastal a bhí acu roimhe sin.
Tá cuid mhaith de na fadhbanna céanna ag múinteoirí. Mura bhfuil post buan agat ní féidir morgáiste a fháil. Ach ní hamháin nach bhfuil post buan ag a lán acu, ní bhíonn postanna le clár ama iomlán ag cuid mhaith acu.
Is minic freisin nach ndéantar athnuachan ar chonradh múinteoirí toisc go mbeidís i dteideal conradh buan dá mbeadh trí bliana as a chéile de sheirbhís tugtha acu sa scoil chéanna.
Tá sé fógartha ag an rialtas go bhfuil siad sásta airgead breise a chur ar fáil le céimithe a mhealladh chun dul leis an múinteoireacht, ach fágann an easpa cinnteachta seo agus droch-choinníollacha oibre gur ar éigean a mheallfar duine ar bith.
Ar a shon sin uile, toisc an ceangal atá idir na trí mhórfhadhb is follasach gur gá iad a réiteach in éineacht.
Faraor, téann a leithéid de réiteach glan in aghaidh idé-eolaíocht an rialtais a chreideann nár chóir don stát a bheith lárnach san obair seo seachas a bheith ag déanamh leas lucht brabúis san earnáil phríobháideach.
Tá a fhios againn gur cur chuige seafóideach é nach n-éiríonn leis. Mar sin féin, tá an chaint cheannann chéanna – focal ar fhocal nach mór – á dhéanamh ag an Aire Simon Harris faoi chúrsaí sláinte agus a bhí á dhéanamh aige bliain ó shin.
Athrú polasaí is athrú idé-eolaíochta atá ag teastáil agus é ag teastáil go géar.
Is mura ndéanfar an t-athrú sin, beimid fós sáinnithe san fháinne fí céanna faoi cheann bliana eile.
Fág freagra ar 'Tá trí mhórfhadhb ag an tír seo agus aon réiteach amháin le fáil'