‘Tá toghchán ag teacht’ tagtha in áit ‘Don’t mess with the peace process’

Tá comhréiteach agus roinnt na cumhachta i mbaol ó thuaidh. Ba chóir do pholaiteoirí ar an taobh ó dheas den teorainn gach drochscéal aduaidh a phlé go cúramach

07/03/2015: Sinn Fein President Gerry Adams delive

Ní chloistear cur chuige ná caint polaiteoirí á mholadh go minic. Agus ní orthu féin amháin a bhíonn an milleán i gcónaí. Níl na meáin gan locht. Mar a dúirt Aire Stáit liom le gairid:

“We could have a sensible two-hour debate in here, with good points being made and answered on all sides. Of course the media wouldn’t print a word about it. But if I call someone an eejit, or worse, it’d be headline news.”

Mar sin féin, fiú má admhaítear róspéis na meán i gcaint pholaitiúil gan bhrí, is léir dúinn uilig an sásamh a bhaineann polaiteoirí as a bheith ag clamhsán faoina chéile. Is dlúthchuid den pholaitíocht a leithéid, agus ní bheadh saol poiblí na tíre slán dá uireasa. Ach uaireanta is tábhachtaí measarthacht agus freagracht.

Tá cruacheisteanna faoi ghníomhaíocht an IRA seachanta le fada ag Sinn Féin. Mar shampla, an féidir a bheith muiníneach as síoriarratais an pháirtí ar an bpobal faisnéis faoi drochchoireanna a thabhairt do na húdaráis?

Ní bheadh ciall le ceist dá leithéid dá mbeadh duine ar bith ciontaithe i ndúnmharú Robert McCartney i mBéal Feirste i 2005. Nó tar éis dhúnmharú Paul Quinn i ndeisceart Ard Mhacha i 2007. Agus níor chuidigh freagra Gerry Adams san Andersonstown News ar na ceisteanna is deireanaí faoin IRA (“there is nothing more Sinn Féin can do”) le cás an pháirtí, is é sin má fhágtar fíordhílseoirí Shinn Féin as an áireamh.

Ní bhaineann débhrí sa phróiseas síochána ná ceilt na fírinne leis an IRA agus le Sinn Féin amháin. Ní dúradh ariamh leis an bpobal ar cheachtar taobh de Mhuir Éireann tar éis teacht i bhfeidhm Chomhaontú Aoine an Chéasta go gceadófaí sórt iar-IRA tar éis don IRA dí-armáil (más fíor). Níor oir sé do mhórán daoine, fiú aontachtaithe Stormont ar feadh i bhfad, ceist a chur faoin gcomhthuiscint rúnda seo. Ach, ar ndóigh, cuirtear ceist faoi gach rud luath nó mall.

Mar sin féin, is léir gur faoi anáil na dtoghchán atá romhainn, thuaidh agus theas, atá ról an IRA agus ráitis Shinn Féin á bplé, go háirithe sa deisceart, ó dúnmharaíodh Kevin McGuigan i mBéal Feirste ar 12 Lúnasa.

Bhí comhthuiscint pholaitiúil i réim ar an taobh ó dheas den teorainn sna blianta roimh Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998 agus ina dhiaidh. Is cuimhin liom an cur síos gonta a rinne Aire as Fianna Fáil ar an dearcadh a bhí riachtanach: ‘Don’t mess with the peace process’.

Shílfeá go dtuigfeadh Airí Rialtais na linne seo, chomh maith le Fianna Fáil, gur léir do vótóirí an difríocht idir cruacheisteanna réasúnta ar Shinn Féin agus caint atá bunaithe go hiomlán ar iarracht chun buntáiste polaitiúil a bhaint amach.

Tá dualgas níos troime ar an Rialtas, agus ar an Taoiseach go háirithe. B’fhéidir nach féidir Feidhmeannacht agus Comhthionól Stormont a tharrtháil. Ach ní foláir do rialtas Enda Kenny gach dícheall a dhéanamh le toradh na hoibre, a raibh baint mhór ag rialtais eile i mBaile Átha Cliath leis, a chosaint anois.

Is láithreoir ar Morning Ireland ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

Fág freagra ar '‘Tá toghchán ag teacht’ tagtha in áit ‘Don’t mess with the peace process’'