‘Tá seanstair agamsa le helicopters agus tuigim an stair sin’ – aghaidh tugtha ag McHugh ar chás na seirbhíse aeir d’Árainn

Deir Aire Stáit na Gaeltachta, nach mbeadh seirbhís héileacaptar san áireamh sa chéad tairiscint eile d’aersheirbhís Árann agus go bhfuil faoi a chinntiú go mbeidh níos mó cinnteachta

‘Tá seanstair agamsa le helicopters agus tuigim an stair sin’ – aghaidh tugtha ag McHugh ar chás na seirbhíse aeir d’Árainn

Fáilte á cur inné go dtí Inis Meáin roimh an Aire Stáit Seán Kyne, an tAire Stáit Joe McHugh agus an Taoiseach Leo Varadkar agus iad díreach leaindeáilte ar an oileán Gaeltachta

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta nach seirbhís héileacaptar a bheidh sa tseirbhís nua d’oileáin Árann agus go mbeidh oifigigh a Roinne ag dul chun na Bruiséile in iarracht a chinntiú go mbeidh níos mó “solúbthachta” sa chéad chonradh eile a bhronnfar i dtaca leis an tseirbhís aeir.

Tá Aer Arann chun éirí as an tseirbhís a chuireann siad ar fáil d’oileáin Árann mar gheall ar easaontas idir an Roinn agus an comhlacht faoi théarmaí an chonartha a bronnadh ar Aer Arann ag tús na bliana seo caite.

Maireann an conradh atá ag Aer Arann go dtí an 31 Nollaig 2020, ach tá fógra tugtha ag an gcomhlacht do Roinn na Gaeltachta go mbeidh an conradh á chur ar cheal acu ar an 6 Nollaig.

Ag labhairt dó ar Inis Meáin, mar a raibh sé in éineacht leis an Taoiseach a rinne Coláiste Naomh Eoin a oscailt go hoifigiúil mar choláiste neamhspleách, dúirt McHugh go rabhthas “ag obair go dian” ar thairiscint a réiteach do chonradh nua don tseirbhís aeir.

Agus é faoi agallamh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt an tAire Stáit go rabhthas ag obair “go dian” ag iarraidh a chinntiú nach mbeadh “aon bhearna” i soláthar na seirbhíse aeir.

Beidh cruinniú sa Bhruiséil ag deireadh na míosa ag oifigigh a Roinne d’fhonn a chinntiú go mbeidh níos mó “solúbthachta” sa chéad chonradh eile, a dúirt sé.

Aighneas faoi bhrí théarmaí a gconartha ba chúis le cinneadh Aer Arann go n-éireofaí as an tseirbhís go luath i mí na Nollag agus lucht an chomhlachta míshásta go háirithe faoin scéal gur gá táillí tuirlingthe a íoc d’aon eitilt seachas na heitiltí sin a chaitear a chur ar fáil mar chuid den chonradh PSO. 

Bhíothas míshásta chomh maith faoi theorainn a bheith curtha leis an leibhéal brabúis a d’fhéadfaí a dhéanamh faoin gconradh.

De thoradh an easaontais faoi théarmaí an chonartha, gearradh siar ar líon na n-eitiltí go dtí na hoileáin agus ní raibh muintir na n-oileán féin sásta leis an gclár eitiltí a bhí á chur ar fáil dóibh.

Le linn a chéad tréimhse mar Aire Stáit Gaeltachta bhí Joe McHugh sáinnithe i gconspóid mhór faoi sheirbhís aeir na n-oileán Árann.

Bhain an chonspóid sin le fógra na Roinne Gaeltachta in 2015 gur seirbhís héileacaptair seachas eitleáin a bhí beartaithe le haghaidh na seirbhíse agus gur as Aerfort an Chairn Mhóir i nGaillimh seachas Aerfort na Mine in Indreabhán a rithfí an tseirbhís. 

Thóg sé tamall fada an cheist a réiteach agus faoi dheireadh ní ar Executive Helicopters Limited a bronnadh an conradh leis an tseirbhís aeir a chur ar fáil do mhuintir Árann.

Dúirt an comhlacht sin le déanaí go mbeadh suim acu cur isteach ar chonradh don tseirbhís athuair.

Dúirt an tAire Stáit le RTÉ Raidió na Gaeltachta, áfach, nach mbeadh seirbhís héileacaptar san áireamh sa chéad tairiscint eile.

“Le bheith soiléir ar dtús ní bheidh aon héileacaptar istigh sa chonradh amach anseo, eitleáin amháin a bheidh ann. Beimid ag obair i dtreo na tairisceana nua agus ní bheimid ag breathnú ar aon rud eile ach eitilt [eitleáin],” a dúirt McHugh.

“Tá seanstair agamsa le helicopters agus tuigim an stair sin,” a dúirt sé.

Dúirt an Taoiseach ar Inis Meáin inné go raibh dul chun á dhéanamh maidir le fadhb an tsoláthair múinteoirí do scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ach go dtógfadh sé tamall an fhadhb sin a réiteach.

Fág freagra ar '‘Tá seanstair agamsa le helicopters agus tuigim an stair sin’ – aghaidh tugtha ag McHugh ar chás na seirbhíse aeir d’Árainn'