Tá sé thar am ag Áth Cliath mná Chorcaí a shárú agus Corn Uí Mháirtín a thabhairt leo arís

Imreofar cluiche ceannais Chraobh Peile na mBan i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna. Fuair Corcaigh an ceann is fearr ar Áth Cliath i dtrí chluiche ceannais as a chéile idir 2014 agus 2016 ach is iad Áth Cliath rogha na n-údar chun an chraobh a thabhairt leo inniu

Tá sé thar am ag Áth Cliath mná Chorcaí a shárú agus Corn Uí Mháirtín a thabhairt leo arís

Áth Cliath v Corcaigh – Páirc an Chrócaigh, 4.oopm

Is iad Áth Cliath seaimpíní na hÉireann agus rogha na n-údar roimh chluiche ceannais na hÉireann tráthnóna ach cé nach mbíonn foireann Mick Bohan réchúiseach faoi chluiche ar bith, cluichí ceannais go háirithe, beidh spreagadh breise acu inniu agus iad ag imirt i gcoinne Chorcaí.

Is í an chúis leis sin ná go bhfuair Corcaigh an ceann is fearr orthu i dtrí chluiche ceannais as a chéile sular éirigh le hÁth Cliath Corn Uí Mháirtín a thabhairt leo anuraidh. Ní bhfuair Áth Cliath an deis anuraidh díoltas a bhaint amach ar mhná na Mumhan mar fuair Mhaigh Eo an ceann is fearr orthu sa chluiche leathcheannais agus is léiriú breá a bheadh ann ar cheannas Átha Cliath dá mbeidís in ann Corcaigh a chloí faoi dheireadh.

Cinnte is ag Áth Cliath is mó atá taithí faoi láthair. Tá ceithre imreoir déag as an bhfoireann a bhuaigh cluiche ceannais na bliana seo caite ainmnithe ag Mick Bohan do chluiche an lae inniu. Is í an leathchúlaí láir Siobhán McGrath an t-aon bhean a thosóidh tráthnóna i bPáirc an Chrócaigh nár thosaigh anuraidh agus níl aon easpa taithí uirthi sin ach an oiread mar bhuaigh sí bonn uile-Éireann in 2010 sula ndeachaigh sí go dtí an Astráil.

Ní bheidh ach seachtar ag tosú inniu ar fhoireann Chorcaí as an bhfoireann a bhuaigh Craobh na hÉireann cúpla bliain ó shin. Chinn leithéidí Rena Buckley, Briege Corkery, Deirdre O’Sullivan agus Bríd Stack uile éirí as an imirt idirchontae ó shin agus is cailliúint ollmhór iad an ceathrar sin go háirithe agus 11 bonn uile-Éireann peile an duine buaite acu. Tá 13 imreoir nua tagtha isteach ar an bpainéal ó thús na bliana seo caite agus gan aon taithí ag aon duine acu ar Chraobh Shinsir na hÉireann a bhuachan.

Ina ainneoin sin, tá Corcaigh tagtha ar ais go láidir ó chliseadh na bliana seo caite. Ba é an cluiche leathcheannais in aghaidh Dhún na nGall an mhí seo caite an t-aon uair gur tugadh dúshlán ceart dóibh sa chraobh ach fiú sa choimhlint sin, a bhuaigh siad 2-11 in aghaidh 0-11, bhí Corcaigh i gceannas an t-am ar fad agus d’aimsigh Orla Finn agus Saoirse Noonan cúil.

Bhí Áth Cliath gach pioc chomh maith leo i gcaitheamh na bliana, áfach. Ba iad foireann Mick Bohan a thug leo Roinn 1 na sraithe san earrach agus fuair siad an ceann is fearr ar Chorcaigh, 3-9 in aghaidh 1-14, i mBabhta 3.

Ba iad Gaillimh an t-aon fhoireann a bhuaigh ar Áth Cliath i rith na sraithe ach tháinig feabhas ar na Laighnigh sa chraobh agus nuair a chas na foirne céanna ar a chéile sa chluiche leathcheannais i bPáirc de hÍde, bhuaigh Áth Cliath an cluiche go héasca agus rinne siad scrios ar mhná na Gaillimhe sa chéad leath.

Sinéad Aherne (2), Lynsey Davey agus Nicole Owens a d’aimsigh na cúil dóibh an lá sin agus d’fhéadfadh gurb é cumas na dtosaithe atá ag Áth Cliath an buntáiste is mó a bheidh acu tráthnóna. Tá peileadóirí den scoth i measc na dtosaithe ag Corcaigh chomh maith, leithéidí Doireann O’Sullivan, Orla Finn agus Libby Coppinger, ach tá Áth Cliath iontach tapa agus iontach láidir agus beidh sé deacair iad a shárú.

Rogha Tuairisc.ie: Áth Cliath

Fág freagra ar 'Tá sé thar am ag Áth Cliath mná Chorcaí a shárú agus Corn Uí Mháirtín a thabhairt leo arís'