Faoi dheireadh tá plean de shaghas éicint ag an rialtas le dul i ngleic le Breatimeacht gan mhargadh – an toradh is dóichí a bheas ann ag an bpointe seo.
Plean de shaghas éicint atá ann, ámh, mar tanaí go maith atá an cháipéis a d’fhoilsigh an Rialtas le déanaí. Tá níos mó de rabhadh ann ná mar atá sonraí faoi ghluaiseacht earraí i ndiaidh an Bhreatimeachta. Tá a lán ceisteanna le cur faoin gcáipéis, cesiteanna nach bhfuil aon fhreagra tugtha orthu inti agus cinn nár cuireadh in aon chor iad.
I ndáiríre tá dhá bhliain curtha amú nuair ba chóra dúinne a bheith i mbun idirbheartaíochta faoi na mionsonraí trádála is faoi na socruithe nua don teorainn. Ach bhí muid sásta é sin a fhágáil i lámha lucht na hEorpa, ag súil go bhfágfadh an seasamh láidir a thóg an tAontas agus an brú millteach a chuir siad ar an mBreatain go gcuirfí an Breatimeacht ar ceal.
Is cosúil anois gur Breataimeacht gan mhargadh a bheidh mar thoradh ar an idirbheartaíocht sin.
Bíodh sin mar atá, ní fiú mórán ama a chaitheamh anois ag caint ar an gcaoi ar chóir dúinn tabhairt faoi na deacrachtaí a bhain leis an gcur chuige Breatimeachta. Caithfimid iarracht a dhéanamh anois an toradh is fearr a fháil sa gcomhthéacs ina bhfuil muid.
Tá dhá ghné ag baint leis an scéal seo: an teorainn agus an trádáil le Sasana.
Tá sé fógartha ag an Rialtas nach bhfuil sé i gceist acu infreastruchtúir chustaim ar bith a thógáil ar an teorainn ná in aice léi. (Agus tá mórán an rud céanna ráite ag leithéidí Boris Johnson i Sasana).
Ach mhaígh an Tánaiste Simon Coveney go bhfuil dualgas ar an tír seo sláine an Mhargaidh Aonair a chosaint. Is é sin, mura mbeidh na srianta trádála ar an teorainn, caithfidh siad bheith áit éicint eile. Ní raibh a fhios ag Coveney cén áit eile a bhféadfaidís a bheith.
Tá an freagra glan soiléir os ár gcomhair ach tá drogall ar dhuine ar bith é a lua. Ach seo é. Is cóir dúinn ionaid chustaim a chur ag na calafoirt go léir as a ndéanfaimid earraí a onnmhairiú go dtí an Eoraip.
Bheadh sé riachtanach go bhfaigheadh gach lastas, a táirgeadh sa stát seo nó a tháinig go díreach go dtí an stát seo ó bhallstát eile de chuid an AE, teastas bunáitíochta ionas go ligfí isteach san Aontas Eorpach iad gan a thuilleadh seiceála.
I gcás lastais nach de bhunáitíocht an stáit seo é, bheadh sé riachtanach an táille chuí a íoc agus ansin teastas táille íoctha a fháil a chinnteodh nach mbeadh aon seiceáil bhreise ag teastáil ón lastas sin laistigh den Aontas.
Tá drogall ar an Rialtas a leithéid a dhéanamh mar tá faitíos orthu go mbeadh muid ag cur teorainn eacnamaíochta i bhfeidhm idir muid féin agus mór-roinn na hEorpa. Ach is léir, ón bplean Breatimeachta, nach bhfuil aon mholadh eile ag an Rialtas.
Go hinmheánach, bheadh córas rianaithe le cur i bhfeidhm ar gach earra faoi mar a dhéantar cheana i gcás bia.
Ní chuirfeadh na bearta seo stop le smuigleáil, ach áit ar bith a mbíonn teorainn agus rátaí difriúla ar an dá thaobh bíonn smuigleáil ann.
Maidir le trádáil, ámh, tá muid i bponc. Téann caoga faoin gcéad dár gcuid onnmhairithe mairteola go dtí an Bhreatain (Sasana den chuid is mó). I gcás Breatimeacht gan mhargadh d’fhéadfadh go mbeadh táille suas le 50% á gearradh ar mhairteoil na hÉireann agus go mbeimis in iomaíocht le mairteoil ó Mheiriceá Theas.
Agus beidh sin ag tarlú tráth a mbeidh margadh na mairteola san Eoraip ag cúngú mar gheall ar an gconradh trádála le Mercosur.
Nach iontach an rud é go bhfuil Coimisinéir Éireannach ann le bheith i gceannas air sin!
Tá sé ráite agam go mion minic gur chóir dúinn ón tús idirbheartaíocht dhíreach a dhéanamh leis na Sasanaigh chun córas trádála a d’oirfeadh don dá thír a shocrú. Ach dhiúltaigh muid é sin a dhéanamh mar ‘is ball den chlub muid’!
B’fhéidir go bhfuil sé ródhéanach stop a chur leis an mBreatimeacht gan mhargadh, ach fiú ag an tráth seo nár chóir dúinn suí síos lenár gcomharsana le sonraí an scéil a phlé ar mhaithe le margaí a chosaint chomh maith agus is féidir agus ar mhaithe le córas teastais is cáipéisíochta a aontú?
Mar i ndiaidh an Bhreatimeachta gan margadh ábhar mór práinne a bheidh ann go mbrúfaimis chun cinn chomh gasta agus is féidir cainteanna faoin socrú trádála idir an Bhreatain agus an Eoraip.
Tá dhá bhliain curtha amú agus muid amhail fichillíní ar chlár polaitíochta an Aontais Eorpaigh. Tá sé in am anois iarracht a dhéanamh rud beag éicint a shábháil as an smionagar.
Donncha Ó hÉallaithe
“Tá sé ráite agam go mion minic gur chóir dúinn ón tús idirbheartaíocht dhíreach a dhéanamh leis na Sasanaigh chun córas trádála a d’oirfeadh don dá thír a shocrú” a deireann Eoin.
Nach bhfuil fhios againn go bhfuil sé ráite go mion minic agat. Tá muid ag léamh an argóint chéanna uait i dTUAIRISC i mórán chuile alt a foilsíodh uait le dhá bhliain anuas.
Tá do chuid argóna, Eoin, bunaithe ar chreideamh polaitiúil nach bhfeiceann aon cheo maith ag baint leis an AE agus atá ag iarraidh go mbrisfí as a chéile é. Cuid den chreideamh aisteach céanna go mba tubaist a bhí ann gur thit an Aontas Sóibhéadach as a chéile!!!!
Concubhar O Liathain
An sean phort frith Eorpach ag Eoin Ó Murchú i gcónaí. É ag rá gur cheart dúinn idirbheartaíocht díreach a dhéanamh leis an mBreatain agus a fhios aige gurb é seo an rud ba mhian le na Sasanaigh agus namhaid eile an Aontais Eorpaigh agus na hÉireann le deighilt breise a chothú. Is é sin an rud ar mhaith leis na Sasanaigh ionas go bhféadfaidís tromaíocht a dhéanamh orainn arís. Is féidir a ndearcadh cúng agus coilíneach inár leith a fheiscint sna moltaí is na raitis a thagann ó Boris is a leithéid – airgead (beag), réitigh ‘teicniúla’ agus an dearcadh sotalach granna atá taithí againn air – why aren’t you called Murphy like the rest of them, arsa Boris le Leo?
Cuir sin i gcodarscnacht le dearacadh measúil comhghuailliúil ár gcomhleacaithe san Aontas Eorpach inár leith. Táimíd cothrom leo, is léir. Tá siad ag seasamh ar ár son go léir. Ná cuirtear sin i mbaol ar mhaithe le baoth gheallúintí na mBriotanach. Tá’s againn nach iad ár gcáirde. Ba cheart go mbeadh a fhios sin ag Eoin freisin….
Luke Callinan
Concubhar: “dearacadh measúil comhghuailliúil ár gcomhleacaithe san Aontas Eorpach inár leith.” An té atá a cheapadh go bhfuil a leitheide de dhearcadh acu sin a bhfuil an chumhacht acu san Aontas Eorpach i leith mhuintir na hÉireann, ní thuigeann sé/sí cén fáth gur bunaíodh an tAontas ar an gcéad lá riamh.
Bímis ina aghaidh nó ar a shon, ach ná ligimis do dhearcadh coilíneach na Breataine an dallamullóg a chur orainn faoi bhunús idé-eolaíoch an Aontais. Bhí an Conghaileach in ann an méid sin a thuiscint céad bliain ó shin.
Concubhar O Liathain
Ard mheas agam ar an gConghaileach ach ní raibh sé beo le linn an Aontais mar sin de ní bhaineann a thuairim leis an ábhar. Ní bhaineann ‘neither King nor Kaiser’ leis an scéal seo mar ní gheillsine sinn don Aontas, is comhpháirtithe sinn. Is mó an Aontas ná aon tír amháin agus is fearrde gach ball, fiú amháin an Bhreatain, mar gheall ar ár mballraíocht. Sin a chreidim. Ní gá go gcreidfeá é ach níl agat ach reitric i do thrachtaireacht.
Eoin O Murchu
Seanphort frith Chumannach ag Donncha agua seanphort de dhílseacht dhall don AE ag Concubhar. Ach cén moladh atá acu i dtaobh Breatimeacht gan margadh? Tá ceann ag teastáil.
Concubhar O Liathain
Seas leis an dream atá ag seasamh linn – siad san an Aontas Eorpach. Níl na Sasanaigh ag iarraidh cuidiú linn. Má theastaíonn uathu a dteach a chur le tine, sin a rogha. Níl ach an réiteach amháin á mholadh ag Eoin – sin margadh a dhéanamh leis na Sasanaigh. Is cuma leis nach mbeidh aon toradh fónta ar sin dúinn mar ní féidir na Sasanaigh a thrust maidir le ceist na hÉireann. Cé mhéid conradh a loic siad orthu roimhe? Aoine an Chéasta, Cill Rimhinn etc.
Ní leas na hÉireann atá ar intinn ag Eoin ach aimhleas an Aontais Eorpaigh. Sin é a phort. Leanfadh sé á sheinnt ach nílim ag éisteacht níos mó.