Tá sé in am anailís cheart a dhéanamh ar na cúiseanna leis an gciníochas

Tá cúrsaí corrach agus tá an baol ann gur chun donacht a rachaidh siad mura dtugtar freagraí macánta ar cheisteanna casta

Tá sé in am anailís cheart a dhéanamh ar na cúiseanna leis an gciníochas

Pic: RollingNews.ie

Tá croitheadh eile bainte as an mbunaíocht pholaitiúil san Eoraip ag torthaí na dtoghchán réigiúnach sa nGearmáin. Bhí ceannlínte drámata faoin gcéad bhua de chuid na heite deise ó ré na Naitsíoch sna nuachtáin.  ‘Scholz ag impí ar pháirtithe eile gan cumhacht a roinnt leis an AfD’. ‘Bua stairiúil don eite dheis.’  Agus a leithéid. Ach is fiú an cheist a chur – an bhfuil an oiread sin iontais le déanamh de na torthaí seo?

Ag tús an tsamhraidh bhí an imní chéanna agus an rabhadh céanna dá dtabhairt faoi dhul chun cinn na heite deise i dtoghcháin na hEorpa i ngach uile bhallstát. Seachas an Fhrainc, áit ar thionscain an tUachtarán Macron géarchéim trí thoghchán a fhógairt, ní dhearna na páirtithe an dul chun cinn a bhí tuartha agus níor ghlac siad seilbh ar an bparlaimint. Tá sé soiléir go bhfuil sciar suntasach den phobal a aontaíonn leis an dearcadh atá ag leithéid an AfD sa nGearmáin, an RN sa bhFrainc, Vox na Spáinne agus Forza na hIodáile, gan trácht ar na tíortha eile ar fad ina bhfuil borradh faoin vóta frith-imirceach agus náisiúnach.

Is cás ar leith an Ghearmáin ar ndóigh mar go dtosaítear ag déanamh comparáide le tríochaidí an chéid seo caite agus réimeas Hitler. Cuireann aon bhorradh faoi thuairimí antoisceacha ar cheachtar taobh den speictream polaitiúil sceon ar dhaoine. Is léargas é freisin ar na fadhbanna nár réitíodh go hiomlán le hathaontú na tíre – is sa sean-GDR a bhíonn an tacaíocht is airde ag an AfD agus is i measc daoine óga a bhraitheann go bhfuil dearmad déanta orthu a bhíonn sciar ard den tacaíocht sin.

Tá díol imní in áiteanna eile seachas an Ghearmáin agus tá na fadhbanna céanna le sárú i ngach áit. Tá go leor daoine fós gonta mar thoradh ar an ngéarchéim airgeadais in 2008-2010 agus iad den tuairim nach ndearna polaiteoirí a ndóthain le cuidiú leo. Tá an brú ar Olaf Scholz ag méadú in aghaidh an lae ach is mó baint atá aige le cúrsaí eacnamaíochta ná le ciníochas agus náisiúnachas. Tá an rud céanna amhlaidh in Éirinn ach éisteacht le manaí na heite deise anseo – cén fáth go mbeadh ár gcuid acmhainní á roinnt le heachtrannaigh nuair nach bhfuil ár ndóthain againn féin?

Caithfidh polaiteoirí ag leibhéal na hEorpa trí chéile aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna seo. Brú eacnamaíochta agus easpa a chuireann daoine réasúnacha i dtreo an fhuatha agus an naimhdis. Má fhilleann muid ar chás na Gearmáine, nár fhoghlaim muid ar fad agus muid ar scoil gur éirigh le Hitler teacht i dtír ar an mhíshástacht agus cruatan eacnamaíochta a chothaigh Poblacht Weimar tar éis an chéad chogaidh dhomhanda?

Tá sé in am ag polaiteoirí anailís cheart a dhéanamh ar na cúiseanna atá ag daoine na tuairimí seo a ghlacadh chucu féin agus na bealaí gur féidir le dreamanna antoisceacha teacht i dtír orthu. Cinnte tá dream inár measc atá ciníoch agus glan in éadan aon inimirce. Tá cúrsaí corrach agus tá an baol ann gur chun donachta a rachaidh siad mura dtugtar freagraí macánta ar na ceisteanna atá ag cur imní ar dhaoine. Tá an chumhacht sin ag na húdaráis ach tabhairt faoi.

Fág freagra ar 'Tá sé in am anailís cheart a dhéanamh ar na cúiseanna leis an gciníochas'