‘Tá sé an-tábhachtach go mbeadh daoine óga ag léamh i nGaeilge ar son an phléisiúir’ – Áine Ní Ghlinn ceaptha ina Laureate na nÓg

Seo an chéad uair a ceapadh sa ról náisiúnta Laureate na nÓg údar Gaeilge

‘Tá sé an-tábhachtach go mbeadh daoine óga ag léamh i nGaeilge ar son an phléisiúir’ – Áine Ní Ghlinn ceaptha ina Laureate na nÓg

Tá an scríbhneoir Áine Ní Ghlinn ceaptha ina Laureate na nÓg, an chéad uair a ceapadh údar Gaeilge sa ról náisiúnta sin.

Tá breis agus tríocha leabhar scríofa ag Áine Ní Ghlinn, ina measc bailiúcháin filíochta agus sraith leabhar agus úrscéalta do leanaí agus do dhéagóirí. 

Tá Ní Ghlinn, arb as Tiobraid Árann ó dhúchas di, ar an séú Laureate na nÓg atá ceaptha ag Children’s Books Ireland agus an Chomhairle Ealaíon ó 2010 chun litríocht do pháistí a chur chun cinn in Éirinn. 

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Áine Ní Ghlinn go raibh sí “ríméadach” as an “aitheantas dochreidte” seo a fháil. 

“Ról ambasadóra atá ann do litríocht na Gaeilge agus don litríocht do pháistí uile na hÉireann. Mar scríbhneoir agus mar dhuine atá ag plé leis an earnáil le fada, tá mé an-bhuíoch as an aitheantas seo a fháil. 

“Tá an-chuid againn ag treabhadh an gharraí chéanna. Is é an t-aitheantas is mó go bhfeicfidh daoine go bhfuil ardchaighdeán i litríocht na Gaeilge do pháistí, níl mé ag caint ar mo shaothar féin ach ar shaothar daoine eile i nGaeilge,” a dúirt sí. 

Dúirt Ní Ghlinn gur minic scríbhneoireacht na Gaeilge agus go háirithe scríbhneoireacht do pháistí i nGaeilge “i bhfolach faoi chlóca dofheictheachta” agus gur mian léi aird a tharraingt ar ardchaighdeán na litríochta Gaeilge do pháistí. 

“Tá plean agam níos mó aitheantais a fháil do scríbhneoireacht do pháistí i nGaeilge agus is mian liom páistí a spreagadh chun taitneamh a bhaint as léitheoireacht na Gaeilge. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh daoine óga ag léamh i nGaeilge ar son an phléisiúir, ní mar obair scoile amháin,” a dúirt Ní Ghlinn. 

Tá tionscnaimh éagsúla beartaithe ag an údar Gaeilge dá tréimhse mar Laureate na nÓg, ina measc dán ilteangach fada, scríofa ag daoine óga ar fud na tíre. 

Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, an tOllamh Kevin Rafter, go raibh Áine Ní Ghlinn i measc na scríbhneoirí “is breátha” dá bhfuil ann i réimse na litríochta do pháistí. 

“Tá saothar Áine Uí Ghlinn cróga agus gleoite, agus níl sárú a tiomantais dá ceird agus don fhocal scríofa le fáil. Scríobhann sí do gach aoisghrúpa agus i ngach seánra. Tá Áine Ní Ghlinn ar dhuine de na healaíontóirí is cumasaí dá bhfuil againn, agus tá an Chomhairle mórtasach as an teideal Laureate na nÓg a bhronnadh uirthi.” 

Dúirt John Edmund, Cathaoirleach Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann go raibh Áine Ní Ghlinn á ceapadh mar Laureate na nÓg tráth a bhfuil an fhilíocht agus an litríocht “níos tábhachtaí ná riamh”. 

“Is oscailt súl an oiread leanaí atá ag tabhairt aird ar an fhilíocht trí mheáin dhigiteacha agus shóisialta i rith na géarchéime seo, agus níl aon amhras ach go gcuirfidh ceapachán Áine gné eile leis sin. Beidh Áine mar ambasadóir don scríbhneoireacht do leanaí, ag spreagadh glúin nua léitheoirí agus scríbhneoirí chun fáilte a chur roimh scéalta, dánta, coincheapa agus smaointe nua. 

I measc na n-údar a ceapadh mar Laureate na nÓg roimhe seo, bhí Sarah Crossan, PJ Lynch agus Eoin Colfer. 

Fág freagra ar '‘Tá sé an-tábhachtach go mbeadh daoine óga ag léamh i nGaeilge ar son an phléisiúir’ – Áine Ní Ghlinn ceaptha ina Laureate na nÓg'

  • Con Ó Murchú

    Comhgairdeachas.