‘Tá RAP ag fáil airgid ó Údarás na Gaeltachta, aithnídís cearta a n-oibrithe’ – vóta ar son stailce i gcomhlacht i nGaoth Dobhair

Maidin inniu, vótáil baill SIPTU sa chomhlacht RA Pacáistí Teo ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair ar son gníomh stailce mar gheall ar aighneas le bainistíocht an chomhlachta

‘Tá RAP ag fáil airgid ó Údarás na Gaeltachta, aithnídís cearta a n-oibrithe’ – vóta ar son stailce i gcomhlacht i nGaoth Dobhair

Tá vóta caite ag tromlach mór de bhaill foirne chliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta ar son gníomh stailce.

Vótáil baill SIPTU sa chomhlacht RA Pacáistí Teo (Rapid Action Packaging) ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair ar son gníomh stailce mar gheall ar aighneas le bainistíocht an chomhlachta. Maítear go bhfuil lucht bainistíochta ag diúltú glacadh leis go bhfuil cearta ag oibrithe ionadaíocht cheardchumainn a bheith acu chun idirbheartaíocht a dhéanamh ar a son.

Thug eagraí de chuid SIPTU Declan Ferry le fios gur vótáil 97% de bhaill an cheardchumainn in RAP ar son beart stailce i mballóid a reáchtáladh maidin inniu.

“Ní raibh an dara suí sa bhuaille ag 100 ball dár gcuid ach tabhairt faoi ghníomh tionsclaíoch mar gheall ar an aighneas seo. Tá seo amhlaidh toisc go ndiúltaíonn an bhainistíocht glacadh le moladh ón gCúirt Oibreachais agus in ainneoin go ndeirtear go sonrach i lámhleabhar an chomhlachta go gclóifear i gcónaí le moltaí chóras caidreamh tionsclaíoch an Stáit.
“Déanfaidh ár mbaill plé anois ar cathain a dhéanfaidh siad gníomh stailce agus cuirfear an comhlacht ar an eolas ag an am cuí. Tá fáil i gcónaí, ag am ar bith, ar ionadaithe SIPTU chun dul i mbun cainte leis an mbainistíocht chun
 teacht ar réiteach ar an aighneas seo,” a dúirt Declan Ferry ó SIPTU.


Dúirt sé go gcaithfeadh an comhlacht glacadh leis gur bunphrionsabal é go bhfuil ceart cómhargála ag na hoibrithe maidir le ceisteanna atá ina n-údair imní don dá thaobh agus go gcaithfí a thabhairt san áireamh chomh maith go bhfuil RAP ag fáil airgead stáit ó Údarás na Gaeltachta.

“Is buncheart é seo, agus níl aon ghlacadh ag ár gcuid ball leis go séanfaí an ceart sin orthu.”

“Is fiú a mheabhrú don chomhlacht seo go bhfuil airgead poiblí á fháil aige trí Údarás na Gaeltachta. Tá sé de cheart ag an bpobal agus go háirithe muintir Dhún na nGall a éileamh go n-aithneodh an comhlacht bunchearta oibrithe agus moltaí chóras caidreamh tionsclaíoch an Stáit,” arsa an t-eagraí de chuid SIPTU, Declan Ferry.

Fág freagra ar '‘Tá RAP ag fáil airgid ó Údarás na Gaeltachta, aithnídís cearta a n-oibrithe’ – vóta ar son stailce i gcomhlacht i nGaoth Dobhair'