Rabhadh dearg gaoithe curtha i bhfeidhm do 22 contae, scoileanna le dúnadh

Beidh scoileanna, ionaid chúraim leanaí agus institiúidí tríú leibhéal dúnta fad is atá an rabhadh dearg i bhfeidhm agus tá comhairle curtha ar dhaoine fanacht sa bhaile

Rabhadh dearg gaoithe curtha i bhfeidhm do 22 contae, scoileanna le dúnadh

Tá rabhadh dearg gaoithe curtha i bhfeidhm do 22 contae.

Tiocfaidh an rabhadh i bhfeidhm go moch maidin Dé hAoine agus seasfaidh sé go dtí meán lae i bhformhór áiteanna agus go dtí 3pm i nDún na Gall.

Deir Met Éireann go dtabharfaidh Stoirm Éowyn léi gaoth a d’fhéadfadh “díobháil agus dochar” a dhéanamh agus beatha daoine a chur i mbaol i ngach contae seachas i Port Láirge, Cill Chainnigh, Ceatharlach agus Loch Garman, na ceithre chontae nach bhfuil aon rabhadh dearg i bhfeidhm iontu.

Beidh scoileanna, ionaid chúraim leanaí agus institiúidí tríú leibhéal dúnta fad is atá an rabhadh dearg i bhfeidhm agus tá comhairle curtha ar dhaoine fanacht sa bhaile. Comhairlítear nár cheart ach d’oibrithe éigeandála a bheith ag taisteal ar mhaithe le bheith ag obair agus iarradh ar fhostóirí cead a thabhairt d’oibrithe obair ón mbaile.

Táthar ag achainí ar dhaoine fanacht amach ó cheantair cois cósta agus aird a thabhairt ar fhainic an gharda cósta, ‘Fan siar, Fan ard, Fan tirim’.

Fógraíodh níos luaithe rabhadh dearg gaoithe do Chiarraí, Corcaigh, Luimneach agus contae an Chláir.

Tiocfaidh an rabhadh dearg i bhfeidhm i gCiarraí, Corcaigh agus Luimneach ag 2am Dé hAoine agus seasfaidh sé go dtí 10am an mhaidin sin.

Tá an rabhadh i bhfeidhm i nGaillimh agus i gcontae an Chláir idir 3am agus meán lae Dé hAoine agus idir 4am agus meán lae do Mhaigh Eo, Sligeach agus Liatroim.

Ó 6am go dtí 3pm a bheidh an rabhadh dearg gaoithe i bhfeidhm i nDún na nGall.

Beidh an rabhadh dearg i bhfeidhm idir 6am agus meán lae Dé hAoine i gcontae na Mí, Baile Átha Cliath, Cill Dara, Longfort, Laois, Lú, Uíbh Fhailí, an Iarmhí, Cill Mhantáin, Tiobraid Árann, Ros Comáin, an Cabhán agus Muineachán.

Tá fainic curtha ag Met Éireann ar aon duine a bheidh ag tabhairt faoi aon taisteal go bhféadfadh an-chontúirt a bheith ar bhóithre. D’fhéadfadh dálaí oibre a bheith contúirteach chomh maith.

Deir Met Éireann go bhféadfadh go bhfágfadh an stoirm go gcuirfí imeachtaí ar ceal agus go gcuirfidh sí isteach ar dhaoine atá ag taisteal.

D’fhéadfadh go leagfar crainn agus go mbeidh briseadh cumhachta forleathan ann.

Táthar ag tuar go bhféadfadh 135 ciliméadar san uair a bheith leis an stoirm an uair is measa a bheidh sí.

Tá an baol ann go bhféadfadh tonnta arda a bheith ann agus d’fhéadfadh tuilte a bheith cois cósta agus ar thalamh rite.

 

 

Fág freagra ar 'Rabhadh dearg gaoithe curtha i bhfeidhm do 22 contae, scoileanna le dúnadh'