Tá níos mó ná fadhb amháin ag teacht chun cinn de dheasca scéal na haimsire sa Spáinn

Bíonn na sluaite ar an ‘Caminito’, ach ní bheadh tada le feiceáil murach go raibh dalladh uisce ann an chéad lá

Tá níos mó ná fadhb amháin ag teacht chun cinn de dheasca scéal na haimsire sa Spáinn

Bhí an ‘Caminito’ déanta agam uair amháin cheana ach bhí fúm é a thaispeáint don leathbhádóir. Ní siúlóid an-chasta atá ann, cé go bhfuil sé ard go maith sna cnoic ó thuaidh de chathair Málaga. Shíl mé go mbainfeadh seisean an-cheart as na radharcanna iontacha agus as na scileanna innealtóireachta a bhain le tógáil an chosáin.

Níor chuimhneach liom go ndearna an treoraí aon scéal mór de chúrsaí uisce an uair dheireanach. Luadh an abhainn agus an loch agus an úsáid a baineadh astu chun córas hidrileictreach a chur ar bun don cheantar sin i ndeisceart na Spáinne.

Ach de réir mar a bhíomar ag dul ó thuaidh an babhta seo, thosaigh sí ag inseacht dúinn faoi cé chomh gann is atá an t-uisce anois sa chuid seo den Spáinn. Ní chuimhneodh aon duine ar scéim mhór hidrileictreach a thógáil ansin anois.

Faoi dheireadh, chonaiceamar abhainn thíos uainn. D’inis an treoraí dúinn go dtéann an abhainn sin isteach sa loch a raibh cáil mhór turasóireachta air uair amháin.

‘Thagadh daoine amach as cathair Málaga le tamall a chaitheamh cois locha – bhíodh siad ag campáil, ag déanamh picnicí, ag glacadh páirt i spóirt uisce – an uile chineál caitheamh aimsire uisce, bhí sé ar fáil anseo,’ dúirt sí.

‘Ach féach ar leibhéal an uisce sa loch anois – níl ann ach an 15% den mhéid a bhíodh ann nuair a bhí sé i mbarr a mhaitheasa,’ dúirt sí.

Ba dheacair a chreidiúint go ndeachaigh sé i léig an méid sin le blianta beaga anuas. Bhí sé ag báisteach ó d’fhágamar an t-óstán ar maidin. Bhí beagán trua aici dúinn ach d’inis sí dúinn nár thit aon deoir cheart le bliain anuas sa cheantar agus bhí sise an-sásta.

Bhí sé tugtha faoi deara agam féin roimhe sin, thart ar an gcathair, go raibh an triomach ag goilliúint orthu. Cé go raibh sé ina gheimhreadh fós, ní raibh aon uisce sna haibhneacha sa gcathair. Is cosúil go ndearnadh dambaí níos faide ó thuaidh chun an t-uisce a shábháil. In áiteacha, nuair a bhíonn sé gnóthach – lá an mhargaidh nó ag deireadh na seachtaine agus daoine ag dul ag an trá – páirceálann siad a gcuid carranna ar ghrinneall tirim abhann.

Ar aon nós, bhaineamar taitneamh as na radharcanna iontacha ar an mbealach isteach chuig an tsiúlóid. Fiú amháin agus ganntanas uisce ann, bhí torann agus cumhacht san abhainn a bhí i bhfad fúinn agus muid ag cur tús leis an turas.

Bealach an-chúng agus contúirteach a bhí ann nuair a tógadh ar dtús é chun tacú leis an gcóras hidrileictreach. In áiteacha is féidir fós na seanchéimeanna cloiche agus na barraí iarainn a fheiceáil a bhí in úsáid sna blianta siar.

Is fánach an chosaint a bhí ag na hoibrithe ó na contúirtí a bhain leis an airde, clocha ag titim ón mbarr agus mar sin de, ná fiú ón aimsir féin. Sníomhann an abhainn isteach trí scoilteanna cúnga idir na haillte, amanta ní bheadh a fhios agat go raibh bealach tríd.

Ach sa lá inniu, tá an turas ar fad forbartha agus daingnithe agus tá slabhraí miotail ag dul an bealach ar fad ar thaobh amháin agus balla breá láidir ar an taobh eile. Téann treoraí oifigiúil ón bPáirc an bealach ar fad le gach aon ghrúpa.

Agus é ag insint scéal an ‘Caminito’ dúinn, thagair seisean do chúrsaí uisce anois is arís. Thaispeáin sé dúinn na plandaí éagsúla agus na crainnte spéisiúla a fhásann ann. Déanann bitheolaithe iontas de na cineálacha éagsúla éiceolaíochta a bhíonn le fáil sa bPáirc. In áit amháin thaispeáin sé crann aitil (juniper) dúinn a bhí ag fás, shilfeá, díreach amach as an gcarraig os ár gcionn. Is léir nach dteastaíonn mórán uisce on bplanda áirithe sin.

Bhí roinnt mhaith poiblíochta ag scéal an triomaigh sa Spáinn agus i dtíortha eile na hEorpa an samhradh seo caite. Dúradh ag an am go mbeadh fadhbanna ann maidir le tionscal na nglasraí agus na dtorthaí. Ní raibh mórán fianaise gur tharla an ganntanas fós, ach dúirt duine de na treoraithe linn go raibh drochmheas anois ar dhaoine a thosaigh ag fás mangó agus abhacáid le blianta beaga anuas. Is cosúil go dteastaíonn an t-uafás uisce breise uathu sin agus sin rud nach bhfuil le fáil anois, go héasca.

Chualamar caint ar chiorruithe ar sheirbhísí poiblí i gcathair Marbella – dúradh linn nach raibh an ‘Ayuntamiento’ (oibrithe seirbhísí poiblí) ag glanadh sráideanna faoi mar a bhíodh, de bharr ciorruithe sa chóras uisce sa mbaile sin. Níl aon chosúlacht go bhfuil sé sin amhlaidh i Málaga fós, cé gur thug mé faoi deara go raibh na sconnaí uisce casta as ar an trá acu.

Bhí sé ina gheimhreadh ceart sa mbaile in Éirinn – gach lá ba i ndonas a bhí an aimsir ag dul.  Bhí beagán den fhuacht le haireachtáil sa Spáinn féin agus mar a dúirt mé, bhí laethanta fliucha ann freisin.

Ach is annamh a tharlaíonn sé sin anois. Agus í ag fáiltiú roimh an mbáisteach, dúirt ár dtreoraí linn gur thosaigh an brothall anuraidh i mí an Mhárta. Shroich sé 34 céim Celsius i rith na míosa sin, dúirt sí. Ní raibh aon teitheadh uaidh go dtí amach sa ngeimhreadh. Go deimhin, i rith mhí na Nollag bhí sé fós thart ar 20 céim Celsius nó os a chionn.

Tá níos mó ná fadhb amháin ag teacht chun cinn anois ó scéal na haimsire sa Spáinn. Má leanann an domhan air ag téamh, agus tá gach cosúlacht ann go leanfaidh, an mbeidh daoine in ann slí bheatha a bhaint amach sa cheantar seo i ndeisceart na Spáinne? Chuala mé caint an samhradh seo caite ar an am a thiocfas nuair nach mbeidh daoine in ann maireachtáil i gceartlár na Spáinne – cosúil leis an Astráil a bheas sé, a dúradh.

Is tionscal mór millteach atá sa turasóireacht anseo – go deimhin, meastar go bhfuil sí ar cheann de na  tionscail is tábhachtaí sa tír. Mealltar níos mó agus níos mó daoine anseo chuile bhliain. Ach tá rud amháin a theastaíonn go géar ó thurasóirí – le haghaidh a gcuid folcthaí agus a gcuid ceathanna, le haghaidh a gcuid linnte snámha príobháideacha agus in óstáin, agus sin uisce.

Tarraingíonn na sluaite anois ar an ‘Caminito’ gach lá agus gach duine acu ag déanamh iontais den mhéid a bhain innealtóirí agus oibrithe cloiche amach sa gcéad seo caite. Ach ní bheadh tada le feiceáil murach go raibh dalladh uisce ann an chéad lá. Agus lá éigin amach anseo, b’fhéidir nach mbeidh dóthain uisce ann do na linnte snámha, do na torthaí, do na gnéithe ar fad a thaitníonn le turasóirí. Agus cad a tharlóidh ansin?

Fág freagra ar 'Tá níos mó ná fadhb amháin ag teacht chun cinn de dheasca scéal na haimsire sa Spáinn'