‘Tá níos mó Gaeilge agam ná mar a cheap mé!’ – a chéad agallamh le Raidió na Gaeltachta déanta ag fear 98 bliain d’aois

As Baile an Mhistéalaigh i gCorcaigh don iarshaighdiúir Ned Cusack ar craoladh agallamh leis inniu ar an gclár Ardtráthnóna le Máirtín Tom Shéainín

‘Tá níos mó Gaeilge agam ná mar a cheap mé!’ – a chéad agallamh le Raidió na Gaeltachta déanta ag fear 98 bliain d’aois

Deirtear gur beag Gaeilgeoir atá fágtha gan seal comhrá a bheith déanta acu leis na meáin Ghaeilge, ach rinne Corcaíoch, a bheidh 99 bliain d’aois ar an 1 Márta, a chéad agallamh inniu le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

As Baile an Mhistéalaigh i gCorcaigh don iarshaighdiúir Ned Cusack ar craoladh agallamh leis inniu ar an gclár Ardtráthnóna.

Tá cónaí anois ar Ned agus a bhean Eileen Geoghegan, arb as cathair na Gaillimhe di, i Maigh Cuilinn. Beidh Ned agus Eileen 74 bliain pósta ar an 14 Meitheamh.

Nuair a d’iarr láithreoir Ardtráthnóna Máirtín Tom Sheáinín ar Cusack an ndéanfadh sé agallamh leis an raidió bhí leisce air toisc, a dúirt an Corcaíoch, go raibh a chuid Ghaeilge “an-mheirgeach”.

Ach níorbh bhaol dó agus faoi dheireadh an agallaimh bhí iontas ar Ned féin faoina shaoráidí is a tháinig an Ghaeilge chuige agus é ag cur síos go líofa ar a shaol fada, ón uair a chuaigh sé leis an arm i ndiaidh dó an scoil a fhágáil go dtí an tréimhse a chaith sé ag obair don Salmon Weir Fishery sa Ghaillimh.

“Tá níos mó Gaeilge agam ná mar a cheap mé!” a dúirt sé le Máirtín Tom Sheáinín.

Dúirt Ned gurb é an rud is tábhachtaí dó ná go raibh an tsláinte go maith fós aige féin agus a bhean. Labhair sé faoin dtréimhse a chaith sé mar shaighdiúir sa Ghaillimh le linn an dara cogadh domhanda. Bhí cúpla focal Gaeilge aige an uair sin, a dúirt sé, ach d’fhoghlaim sé níos mó di ó na saighdiúirí ón nGaeltacht a bhí sa Ghaillimh ag an am.

Beidh sé 99 bliain ar an 1 Márta agus tá sé ag súil leis an gcéad a bhaint amach agus “tiomáint suas go dtí Áras an Uachtaráin chun seic a fháil uaidh”.

Cé gur inniu a craoladh a chéad agallamh le RTÉ Raidió na Gaeltachta, tá cleachtadh ag Ned agus Eileen ar na meáin agus ghlac siad páirt anuraidh sa chlár faisnéise de chuid RTÉ, Golden: Our 50 Years of Marriage agus foilsíodh gné-alt faoi fhéin agus Eileen ar an Irish Times Dé Céadaoin i gcomhair Lá Vailintín.

Fág freagra ar '‘Tá níos mó Gaeilge agam ná mar a cheap mé!’ – a chéad agallamh le Raidió na Gaeltachta déanta ag fear 98 bliain d’aois'