‘Tá níos mó éagsúlachta i gceol shaol na Gaeilge ná mar a bhíodh’ 

Eisíodh albam nua IMLÉ, Fáilte Isteach, le déanaí. Labhair Tuairisc le Cian Mac Cárthaigh ón mbanna aitheanta 

‘Tá níos mó éagsúlachta i gceol shaol na Gaeilge ná mar a bhíodh’ 

Is féidir cúlra an albaim nua ag IMLÉ a bhriseadh ina chúpla cuid, a deir Cian Mac Cárthaigh, ball den bhanna.

“Theastaigh uainn an t-albam a scríobh agus a chríochnú i rith 2019 ar dtús báire agus d’éirigh linn an-chuid de a dhéanamh. 

“Faraor i dtreo dheireadh 2019 ní raibh an fuinneamh céanna ann, bhí rudaí ag athrú inár saol chomh maith agus bhí sé deacair díriú i gceart air.”

D’fhág Fergal Moloney an grúpa, cé go ndeir Mac Cárthaigh go raibh tionchar mór aige ar an albam go fóill, agus bhí fonn ar Chian Mac Cárthaigh agus Pádraig Ó Conghaile deireadh a chur le IMLÉ. 

“Bhí gig amháin fágtha ag Celtic Connections i nGlaschú in Eanáir 2020. Bhreathnaigh muid air sin a dhéanamh agus slán a fhágáil le IMLÉ ina dhiaidh. Ach bhí oíche den scoth againn i nGlaschú agus bhí an ghig díolta amach. Dá bhrí sin rinneamar an cinneadh leanúint ar aghaidh.” a deir Mac Cárthaigh.

Ansin tharla Covid-19 agus cuireadh stop leis an taifeadadh. 

“Bhíomar ar fad inár gcónaí timpeall na tíre, bhí orainn foghlaim conas an ceol a thaifeadadh muid féin sa bhaile agus chuir sé sin tús leis an dara cuid den albam,” a deir sé.

“Le cabhair agus foighne ón léiritheoir ceoil Karl Odlum d’éirigh linn dul i dtaithí ar an bpróiseas.”

Deir Mac Cárthaigh go bhfuil sé “iontach sásta” agus “bródúil” go raibh IMLÉ in ann leanúint ar aghaidh leis an albam.

“Cúpla bliain ó shin níor shíl mé riamh go mbeadh muid ábalta a leithéid a dhéanamh muid féin sa bhaile,” ar sé. 

“Tá saoirse nua faighte againn anois. Ag an am céanna tá mé sásta go rabhamar in ann an stuif a rinneamar thiar in 2019 a cheangal leis an gceol nua a rinneamar i rith 2020 agus 2021. Tá sé go deas go bhfuil amhrán cosúil le ‘Ar Bís’ agus ‘Ní hÉ ‘ar an gceirnín in éineacht leis na hamhrán eile a scríobhamar i rith 2021 cosúil le ‘Hop Scip Léim’ agus ‘Dúisíonn Muid Suas’.

I measc na gcumadóirí ar an albam, tá MC Muipéad (Pádraig Ó Conghaile), Róisín Seoighe, Fergal Moloney agus Ríona Sally Hartman. Deir Mac Cárthaigh go bhfuil neart téamaí agus teachtaireachtaí éagsúla ann.

Cian Mac Cárthaigh le MC Muipéad

“Is ceiliúradh é ‘Do Chuid Jeans’ (MC Muipéad agus Róisín Seoighe) ar na gnáthrudaí beaga, an gnáthshaol agus an deis álainn a bhíonn againn é a roinnt le duine,” a deir sé. “Déanann an t-amhrán iarracht buíochas ó chroí a chur in iúl agus an tábhacht atá le grá a léiriú.”

Deir sé go bhfuil amhrán eile, ‘Éad’, bunaithe ar dhearcadh beirte agus súil mhór acu caidreamh seasmhach, lán de ghrá, a roinnt le duine éigin.

“Is amhrán é a thagraíonn do dheacrachtaí an fhíorshaoil, nuair nach mar a shíltear a bhítear.

Is nod é don timpeallacht éadmhar atá sna meáin shóisialta, áit ina gcuirtear saol neamhréalaíoch in iúl, áit ina bhfuil gach rud agus gach duine ‘foirfe’,” ar sé.

Luann Mac Cárthaigh amhrán eile freisin, darb ainm ‘Ní hÉ’.

Déanann an t-amhrán seo tagairt don fhéinsmacht atá de dhíth uaireanta – is cuma cé chomh dochreidte paiseanta is a d’fhéadfadh eispéireas beirte a bheith, d’fhéadfadh titim amach a bheith ann agus páirtí a bheith fágtha ar lár,” ar sé.

Deir sé go n-airíonn sé ‘buíoch’ go raibh an deis aige féin agus ag an mbanna an t-albam a dhéanamh agus as an aiseolas atá faighte acu ó dhaoine ar fud na cruinne.

“Ach anois táim mífhoighneach agus ag iarraidh ceol nua a eisiúint!” ar sé, ag gáire.

Céard é an rud is fearr faoi bheith ag casadh ceoil, dar leis?

“Tá sé deacair orm é sin a chur i bhfocla. Tá sásamh agus mothúcháin a spreagann ceol ionam agus tá a fhios agam nach féidir liom maireachtáil gan é… is cuma má tá mé ag casadh i gcúinne i mbeár nó ar stáitse mhór beidh orm é a dhéanamh i gcónaí,” a deir sé.

Deir sé go mbíonn próiseas cumadóireachta éagsúil i gceist leis na hamhráin ar fad.

“Go minic is sa seomra cleachtaidh a tháinig na smaointe. Seans go mbeadh rif agam ar an ngiotár agus spreagfadh sé sin liricí nó fonn i nduine,” ar sé. 

“Anois tá sé ag athrú píosa. Táimse i mBaile Átha Cliath agus tá MC Muipéad i gConamara. Bíonn muid ag obair ar stuif muid féin agus ag seoladh smaointe ar aghaidh ar ríomhphost. Tá an ceol imithe i dtreo nua anois chomh maith, beidh níos mó béime ar cheol leictreonach amach anseo.”

Deir Mac Cárthaigh go mbíonn lucht an bhanna ar fad ag éisteacht le ceol atá an-difriúil óna chéile. 

“Thosaigh mé amach ag éisteacht leis na Doors nuair a bhí mé cúig bliana d’aois agus lean mé uaidh sin,” ar sé. “Le IMLÉ tá tionchar ag gach saghas rud orainn, ó Mount Kimbie go na Doors, Dead Prez, Blur, Dusty Springfield, Gil Scott-Heron, MC Solaar, Otis Redding go Massive Attack. Is maith linn an éagsúlacht!”

Tá sé de nós ag IMLÉ a bheith ag obair in éineacht le ceoltóirí agus amhránaithe eile. 

“Tá sé iontach tábhachtach,” ar sé. “Ón tús theastaigh uainn go mbeadh muid ag obair le neart comrádaithe éagsúla. Ar Fáilte Isteach tá mé féin, MC Muipéad agus ansin Ríona Sally Hartman, Fergal Moloney agus Róisín Seoighe. Chomh maith leis sin tá an drumadóir Dave Hingerty agus athmheascadh ó Karl Odlum agus Ross Whyte. 

“Tá sé tábhachtach go mbíonn muid ag obair le daoine nua an t-am ar fad. Cabhraíonn sé linn fuaim nua a chruthú agus a bheith ag bogadh chun cinn.”

Céard é an rud is fearr faoi bheith ag casadh ceoil i nGaeilge?

“An tacaíocht agus na dílseacht a fhaigheann muid ó dhaoine a éisteann lenar gceol,” ar sé. “Tugann siad spreagadh dúinn agus leanann muid orainn ag cruthú dá bharr.”

Measann Mac Cárthaigh go bhfuil neart bannaí agus ceoltóirí nua ag teacht chun cinn i saol na Gaeilge agus go bhfuil níos mó éagsúlachta ann ná mar a bhíodh. 

“Táim ag súil go mór le halbam nua Róisín Seoighe a chloisteáil, tá cuid de cloiste agam agus is breá liom é,” ar sé. 

“Táim ag tnúth go mór le tuilleadh a chloisteáil ó Súil Amháin agus Bantum chomh maith, tá an méid atá eisithe acu go dtí seo ar fheabhas.”

Samhail chócaireachta atá aige chun cur síos ar Fáilte Isteach. 

“Comhábhair cheoil ar fad measctha le chéile i mbabhla agus sin agat cáca ceol Gaelach ón 21ú haois.”  

Beidh neart ceolchoirmeacha á reáchtáil ag IMLÉ, a deir sé, cé go bhfuil siad beagáinín mall ag dul ar an mbóthar. Beidh an banna ag casadh in Áras na nGael i nGaillimh ar an 25 Meitheamh agus ag Féile Ealaíon Bhaile an Bhuinneánaigh i gCiarraí ar an 23 Iúil. 

– Is féidir Fáilte Isteach a cheannach anois ar imle.ie nó is féidir é a shruthú ar líne

Fág freagra ar '‘Tá níos mó éagsúlachta i gceol shaol na Gaeilge ná mar a bhíodh’ '