Tá neart le déanamh fós ar ‘bhuicéadliosta’ an tsamhraidh…

Tá roinnt rudaí fós le déanamh ag ár gcolúnaí sula mbeidh an samhradh thart agus trí seachtaine fágtha againn

Tá neart le déanamh fós ar ‘bhuicéadliosta’ an tsamhraidh…

Anois agus muid os cionn leath bealaigh tríd an samhradh, b’fhéidir go bhfuil sé in am súil a chaitheamh arís ar an liosta pleananna sin a rinne muid ag tús an tséasúir agus athbhreithniú a dhéanamh air.

Tá sé thar am ‘buicéadliosta’ an tsamhraidh a tharraingt amach ón gclaisín chaol sin idir an cuisneoir agus an cófra, áit ar thit sé am éicint i lár mhí Iúil.

Faigh an tlú is sín isteach é, fainic do mhéarachaí, agus beir greim ar an mblúirín gioblach páipéir sin ar a bhfuil mianta do chroí don samhradh breactha agat.

Níl fágtha anois ach trí seachtaine chun chuile shórt atá ar an liosta sin a dhéanamh sula mbeidh an fómhar sa mullach orainn. Tá éadaí ar dhathanna an fhómhair feicthe agam cheana féin sna siopaí. Éirigh go beo is bí ag imeacht, mar is gearr go mbeidh an buí ar dhath an mhustaird is an plumchorcra ag breith sna sálaí ort! 

B’fhéidir go bhfeicfeá go bhfuil roinnt rudaí ar an mbuicéadliosta agat a chuirfidh iontas ort, pleananna a bhí dearmadta agat – ar dhúirt mé dháiríre go ngabhfadh muid ag iascach? – agus beidh rudaí eile fós ann, a rinne tú an samhradh seo, ach nach raibh ar liosta ar bith agat. 

Seans nach raibh sé ar an liosta agat trí chéad tríocha ninety-nine a ithe, ach is mar sin a thit amach agus anois níl tú in ann siúl thar an Texaco, ná an cón mór plaisteach sin taobh amuigh de, gan babhta de na DTs a fhulaingt.

Ní hé an mí-ádh is measa ar domhan é, is dóigh, is beidh neart ama agat don ghlanadh amach sa bhfómhar.

Samhradh amuigh faoin aer a bhí beartaithe againne ag tús mhí Iúil, más fíor don liosta beag gioblach, agus, buíochas leis an aimsir bhreá, d’éirigh linn an plean sin a chur i gcrích go dtí seo.

Tharla neart rudaí eile nach raibh pleanáilte againn, ach sin mar atá an saol. Ní raibh sé pleanáilte agam paistí dó gréine aisteacha a fháil (triantáin, fáinní arbhair, Loch Coirib) ach seans go dtiocfaidh paistí aisteacha dó gréine isteach sa bhfaisean fós.

Ní fheicim go raibh sé ar an liosta againn, ach an oiread, cóta gainimh a scaipeadh ar chuile ní atá againn de mhaoin an tsaoil, ach is cosúil gur tharla sé am éicint i ngan fhios dúinn.

Cén chaoi ar tharla sé, níl a fhios agam.

Thuigfinn gaineamh ón trá a bheith istigh i mbun na mbróg. Agus thuigfinn gaineamh tarraingthe isteach ar an urlár, ach ní thuigim cén chaoi go bhfuil gaineamh sna cófraí, istigh leis an sceanra, ag bun an chuisneora…

Tá roinnt rudaí fós le déanamh againn sula mbeidh an samhradh thart agus trí seachtaine fágtha againn. Is cosúil gur dhúirt muid go siúlfadh muid Binn Ghuaire, cé nach bhfuil aon chuimhne beacht agam ar an ngeallúint sin a dhéanamh.

Deirtear liom go bhfuiltear ag díol ninety-nines ar a bharr.

Fág freagra ar 'Tá neart le déanamh fós ar ‘bhuicéadliosta’ an tsamhraidh…'

  • Eilis ni anluain

    Gleoite a Bhríd, idir ghrian, gaineamh is greann, agus Binn Ghuaire ag rá liom go bhfuil na fraochain fós gan chruinniú.