Tá gach teoiric tuismitheoireachta atá agam dírithe ar an uair an chloig bheannaithe sin a bhíonn agat idir an t-am a dtiteann na gasúir a chodladh agus an t-am go bhfuil ort féin dul isteach sa leaba ag deireadh an lae.
Tá na teoiricí uilig ar eolas agam. Ní chuirim i bhfeidhm iad, ar ndóigh. Is dá gcuirfinn féin, tá mo dhóthain ar eolas agam anois go bhfuil a fhios agam nach n-oibríonn aon teoiric tuismitheoireachta sa saol ceart.
Deirim uair an chloig, ach níl ansin ach sórt aisling faoin am a d’fhéadfadh a bheith agat, sa gcás is go ngabhfadh an tráthnóna de réir an phlean. Is fada an lá ó d’imigh an tráthnóna de réir aon phlean. Nó, b’fhada an lá, go dtí an tseachtain seo, agus anois, airím splanc an dóchais ag lasadh i m’ucht arís.
An chúis atá leis an athrú, sílim, ná go bhfuil an tráthnóna fada dorcha anois ann agus go bhfuil teachtaireachtaí rúnda á seoladh ag an dorchadas chugainn ag rá linn go bhfuil sé in am a ghabháil a chodladh.
Tá teachtaireachtaí rúnda, á seoladh chuig beirt sa teach ar aon chaoi. Léigh mé an lá cheana go spreagann an dorchadas d’inchinn chun an hormóin meileatoinin a mhéadú agus cúnamh a thabhairt duit leis an gcodladh.
Seolann meileatoinin teachtaireacht chuig d’inchinn a deir go bhfuil sé in am don scíth. Oibríonn an teachtaireacht seo, is cosúil, san áit nach n-oibríonn glór do mháthar ag rá leat a ghabháil a chodladh, mar shampla, nó dalladh ola labhandair croite thart ar do sheomra codlata.
Is airneánach í an tríú duine, ar mo lorg féin, agus is cuma cén suantraí, nó dea-nósanna codlata a léim fúthu is a ndéanaim iarracht a chur i bhfeidhm, sáraíonn an claonadh nádúrtha mé is beidh an bheirt eile inár gcodladh go sámh agus sin é an uair a thosaíonn sí féin ar an smaointeoireacht i gceart agus ar an míle ceist.
Ós rud é nach bhfuilimse ach ag teacht chugam féin i gceart faoina naoi a chlog san oíche, déanaim dearmad nach bhfuil mé in ainm is a bheith ag freagairt ceisteanna. Déanaim dearmad go bhfuil mé in ainm is na soilse a mhúchadh agus a siúl amach as an seomra.
Sula mbeidh a fhios agam i gceart céard atá ar bun agam, beidh muid ina luí sa dorchadas ag caint ar chúrsaí an tsaoil. Cuimhním orm féin ansin arís, agus ar m’uair a chloig ar an tolg atá saothraithe agam i rith an lae (dar liom féin).
‘Ok, sin deireadh leis an gcaint, má tá aon cheist eile agat caithfidh tú iad a chur orm ar maidin,’ a fhógraím. Ach, ní bhíonn fonn cainte ar cheachtar againn ar maidin. ‘Ok,’ a deir sí. ‘Caithfidh mé rud amháin eile a rá, agus gabhfaidh mé a chodladh ansin.’
Fág freagra ar 'Tá na teoiricí tuismitheoireachta uilig agam, ach is beag atá dá mbarr agam'