Tá na All Stars ag tarraingt cainte mar is gnáth

Bhí cuid mhaith cur agus cúiteamh ann anuraidh nuair a ainmníodh dosaen ó Luimneach ar fhoireann na bliana

Tá na All Stars ag tarraingt cainte mar is gnáth

Seachtain ó shin fógraíodh an gearrliosta  d’fhoireann PwC All Stars 2022 agus dháréag ó Luimneach i measc an 45 ainm atá ar an liosta sin. Dar ndóigh bhí dosaen ar an fhoireann anuraidh ag Luimneach ach ní dóigh liom go mbeidh i mbliana cé go mbeidh an tromlach ón chathair cois Sionainne.

I measc na ndaoine sin tá Seán Finn atá ag dul dá chúigiú gradam i ndiaidh a chéile agus Diarmaid Byrnes atá ar an ngearrliosta d’iománaí na bliana le Barry Nash agus seanfhondúir na gCat, TJ Reid. Is dócha go bhfuil an ceann sin sa mhála cheana féin ag Byrnes.

Tá ocht n-ainm ar an liosta ó Chill Chainnigh agus is amhlaidh do chontae an Chláir. Tá naonúr ainmnithe ón nGaillimh, triúr acusan láidir, Conor Whelan, Cathal Mannion agus Joseph Cooney i measc na dtosaithe. Tá sé go maith go bhfuil Dónal Burke Átha Cliath ar an liosta mar aon le Killian Doyle ón Iarmhí.

Tá triúr ó mo chontae féin ann freisin – Darragh FitzGibbon, Ciarán Joyce agus Robbie O’Flynn ach ní dóigh liom go mbeidh aon duine díobh ar an bhfoireann ar deireadh.

Bhí cuid mhaith cur agus cúiteamh ann anuraidh nuair a ainmníodh dosaen ó Luimneach ar fhoireann na bliana. Ní dóigh liom go mbeidh an méid céanna imreoirí i mbliana acu, ach caithfidh go bhfuil an t-ochtar seo cinnte – Nicky Quaid (cé nach mbeidh mórán idir é féin agus Eoin Murphy Chill Chainnigh), Seán Finn, Barry Nash, Diarmaid Byrnes agus Declan Hannon sna cúil agus Gearóid Hegarty, Kyle Hayes agus Aaron Gillane i measc na dtosaithe.

Caithfidh go mbeidh William O’Donoghue gar go leor don chéad chúigear déag freisin. An bhfuil áit ann do Mikey Butler Chill Chainnigh agus cé mhéad Cat eile a mbeidh áit acu go cinnte? Huw Lawlor, TJ Reid agus Adrian Mullen? Cé mhéad Gaillimheach a bheidh air? Joseph Cooney? Pádraig Mannion? Conor Whelan? Cé mhéad Cláiríneach a bheidh air i ndiaidh an chraobh na Mumhan eipiciúil sin a bhí acu i gcoinne Luimnigh? Nó an ceart a rá nach scaoth breac agus nach leor taispeántas amháin chun áit a dhaingniú ar an bhfoireann speisialta seo?

Mar sin féin is minic leis na blianta a fuair imreoirí áit ar fhoireann All Stars bunaithe ar a dtaispeántas i gcluiche ceannais na hÉireann.

Sea tá ceisteanna le plé, díospóireacht le déanamh agus, ina dhiaidh din, cinneadh le déanamh, rud ar ndóigh a tharraingeoidh caint go leor.

Bronnfar an gradam d’Imreoir Óg na Bliana ag an ócáid a bheidh ar siúl ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair agus ar an triúr atá ainmnithe tá Eoin Cody Chill Chainnigh a bhuaigh an gradam anuraidh agus in 2020 chomh maith. Ina choinne i mbliana tá a chomhghleacaí  Mikey Butler agus Ciarán Joyce Chorcaí. Nach ollmhór an t-éacht a bheadh ann dá bhféadfadh Cody an gradam a thabhairt leis den tríú uair? Ní mór atá idir an triúr iománaithe seo.

Ar pháirc na himeartha bhuaigh Baile Gunnair a n-áit i measc mhaithe agus móruaisle na hiomána an Domhnach seo caite nuair a bhuadar a naoú craobh as a chéile. Is iontach an t-éacht é agus gan dabht is iontach an club é an Bhaile Gunnair .

B’in an contae críochnaithe ach trasna na teorann i gCill Chainnigh tá tús á chur leis an gcraobhchomórtas an deireadh seachtaine seo. Is féidir an cluiche idir Seamróga Bhaile Héil agus an Gleann Mór a fheiceáil ar TG4 amárach.

Fág freagra ar 'Tá na All Stars ag tarraingt cainte mar is gnáth'