‘Tá mé ag iarraidh go mbeidh atmaisféar an tseó cosúil le ceolchoirm rac’ – stiúrthóir ‘Muc Rí’

Tá Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe linn agus mar chuid den fhéile, beidh Fíbín sa Taibhdhearc ag léiriú seó nua faoin aer darb ainm ‘Muc Rí’

‘Tá mé ag iarraidh go mbeidh atmaisféar an tseó cosúil le ceolchoirm rac’ – stiúrthóir ‘Muc Rí’

Tá draíocht san aer agus Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe linn arís. Mar chuid den fhéile léireofar seó speisialta le Philip Doherty darb ainm Muc Rí.

Ach céard faoi an dráma?

“Is máinlia é Diancecht a bhaineann leas as na healaíona dorcha agus daoine á gcur faoi scian aige ina shaotharlann faoi thalamh,” a deir Philip Doherty. “Is é Miach a mhac agus a phrintíseach ach tá cathú anois air feall a imirt ar a athair agus is amhlaidh go dtéann sé thar fóir ina chuid iarrachtaí.”

“Tá an scéal cosúil leis an scéal ‘Icarus’ agus ‘Frankenstein’,” a deir Philip Doherty. “Scéal forálach nó rabhaidh is ea Muc Rí a mheabhraíonn téamaí ársa Faustus dúinn, áit a dtréigeann mac a athair ar mhaithe le saibhreas agus le Dia a dhéanamh de féin.”

Tá an dráma bunaithe ar sheanscéal miotaseolaíochta a bhailigh Lady Gregory. 

“Léigh mé an scéal seo blianta fada ó shin sa leabhar Gods and Fighting Men ach d’fhán sé liom,” a deir Philip Doherty. “Bhí mé i gcónaí ag iarraidh dráma a dhéanamh bunaithe ar an scéal seo, ní raibh uaim é a bhunú i saol réamhChríostaí na tíre, ach theastaigh uaim an scéal a bhunú sa domhan nua, domhan aisteach, domhan ‘cyber-punk’.”

Deir sé gur scríobh sé an dráma i rith na chéad dianghlasála. 

“Tháinig an chéad dréacht chugam go tapa,” ar sé. “Ach tá mé ag obair ar an dráma le cúpla bliain leis an dearthóir Sabine Dargent.”

Beidh an lucht féachana ina seasamh amuigh faoin aer don dráma – an gné tábhachtach den dráma é sin?

“Tá mé ag iarraidh go mbeidh atmaisféar an tseó cosúil le ceolchoirm rac, deireanach san oíche,” ar sé. “Ní bheidh an seó fada, ach beidh sé spleodrach. Tá an pháirt is tábhachtaí ag an lucht féachana. Gan iad ní drámaíocht atá ann. Tógfar go domhan eile iad.”

Tá an ceol lárnach sa seó seo. “Beidh banna ceoil leictreach/punc beo ann, agus Julie Feeney ag canadh,“ a deir Doherty. “Beidh ceol beo tríd an seó ar fad mar a bhíodh sa scannán ciúin, agus beidh liricí cosúil le Greek Chorus, ag insint an scéil.”

Deir sé go bhfuil sé ‘ag súil go mór‘ le Féile Ealaíon na Gaillimhe. 

“Tá sé ar an bhféile ealaíon is fearr in Éirinn. Beidh sé craiceáilte,” ar sé.

Dar le Doherty, tá an dráma seo dírithe ar aon duine ar mhaith leo “rud éigin nua” a fheiceáil.

Beidh fotheidil Bhéarla ag an dráma d’éinne gan Gaeilge líofa.

“Tá na fotheidil fite fuaite leis an dearadh,” ar sé. “Tá an seó an-fhísiúil… ceol agus fís agus drámaíocht beo agus ag obair le chéile mar chuid den seit.”

Maidir le cur chuige  scríbhneoireachta, deir Doherty nach féidir leis cur síos air sin i gcúpla focal.

“Braitheann sé ar an scéal ach bíonn sé ar nós go bhfuil mé ag scríobh dráma den chéad uair. Tá na t-ádh orm go bhfuil foireann iontach timpeall orm chun é a thabhairt chun stáitse.”

Cá bhfaigheann sé  a chuid inspioráide agus é ag cumadh scéalta agus drámaí?

“Athraíonn sé gach uair. Tagann go leor smaointe chugam ó rudaí difriúla, ach ní mórán a fhanann liom,” ar sé. “Tugann mé aird ar na cinn a fhanann. Ach tagann gach scéal ó áit phearsanta.”

Céard a shíleann Philip Doherty faoi dhrámaíocht na Gaeilge faoi láthair?

“Is ré órga atá ann,” ar sé. “Tá súil agam go mbeidh Fíbín sa Taibhdhearc páirteach ann.”

Léireofar Muc Rí ón 14-16 Iúil ag 10.30pm. Beidh an rinceoir Eoin Mac Donncha as an gCeathrú Rua i gConamara, an t-amhránaí agus an t-aisteoir Julie Feeney, Mícheál Ó Dubhghaill as Cois Fharraige agus Lochlann Ó  Mearáin, páirteach sa seó.

Fág freagra ar '‘Tá mé ag iarraidh go mbeidh atmaisféar an tseó cosúil le ceolchoirm rac’ – stiúrthóir ‘Muc Rí’'