Tá marc na seaimpíní ar bhaithis na nÉireannach…

Le foireann Joe Schmidt, an bainisteoir rugbaí is fearr ar domhan, a bheas an lá i gcoinne na Sasanach amárach, ach beidh orthu oibriú an-chrua

Tá marc na seaimpíní ar bhaithis na nÉireannach…

Jonathan Sexton agus foireann na hÉireann ag fáil réidh don chluiche in aghaidh Shasana. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Lá Fhéile Pádraig seo caite a d’ardaigh foireann Joe Schmidt Corn na Sé Náisiún, an lá a bhfuair siad an lámh in uachtar ar na Sasanaigh in Twickenham (24-15). Thug siad leo an ilchraobh nó an ‘Grand Slam’ an lá céanna, rud nach ndearna na Gaeil ach faoi dhó roimhe sin. Ní hamháin sin ach d’éirigh le foireann idirnáisiúnta na tíre seo an ceann is fearr a fháil ar an Astráil i gcomórtas trí chluiche sa tír sin agus fuair siad a gcéad bhua ariamh ar na hAll Blacks agus iad ag imirt in Áth Cliath.  

Níl dabht ar bith ann ach gurbh é an séasúr seo caite an ceann ab fhearr a bhí ag na Gaeil ariamh.  

Ach anois tá marc na seaimpíní ar bhaithis na nÉireannach. An Satharn beag seo cuirfidh foireann idirnáisiúnta na hÉireann tús lena hiarracht greim a choinneáil ar an ngradam atá acu faoi láthair mar churaidh rugbaí an limistéir seo. Seans go bhfuil sé sách íorónta gur i gcoinne na Sasanach, an fhoireann a chloígh muid chun an stádas nua seo a chinntiú, a bheas muid ag imirt i gcéad chluiche Sé Náisiún an tséasúir áirithe seo.

Tá an t-ádh ar na Gaeil gur san Aviva a bheas an cluiche seo á imirt. Ní bhíonn tada bog ariamh ag baint le himirt i gcoinne na Sasanach, go deimhin is ag an tsean-namhaid atá an churiarracht maidir leis an líon cluichí atá buaite acu, 76 i gcomparáid leis an 44 cluiche atá buaite ag na Gaeil. Bhí na foirne cothrom ocht mbabhta.

Mar sin féin, bhí an lámh in uachtar ag na Gaeil sé huaire sna deich mbliana atá caite. Is cinnte go bhfuil chuile bhuntáiste ag foireann Joe Schmidt, iad sa mbaile, iad ina gcuraidh, agus imreoir rugbaí an domhain na bliana, Johnny Sexton, acu. Mar bharr air sin go léir, tá an frapa agus na leathchúil chlibirte is fearr ar domhan faoi láthair ag imirt leo, Tadhg Furlong agus Conor Murray.

Mar sin féin bheadh dul amú ar an té a dhéanfadh neamhshuim de fhreasúra an tSathairn seo. Tá na Sasanaigh ag teacht go Baile Átha Cliath agus iad ar thóir díoltais as an gcluiche sin anuraidh agus an ceann an bhliain roimhe sin san Aviva nuair a bhí an lá leis na Gaeil (13-9). Tá a fhios ag cách, Eddie Jones (bainisteoir Shasana) san áireamh, gur mór an slacht a chuirfidh bua ar an Satharn ar shéasúr pé foireann a mbeidh an lá léi san Aviva. Ní hé comórtas na Sé Náisiún amháin a bheas ar intinn imreoirí agus bainisteoirí agus is cinnte go mbeidh leathshúil acu freisin ar an gCorn Domhanda a bheas linn roimh dheireadh na bliana.

Teachtaireacht láidir a bheas ann ón bhfoireann a mbeidh an lámh in uachtar aici ar an Satharn.

Tá mise ag tuar gur le foireann Schmidt, an bainisteoir rugbaí is fearr ar domhan, a bheas an lá ach beidh orthu oibriú go han-chrua.

Dar ndóigh beidh dhá chluiche eile á n-imirt sa gcomórtas an deireadh seachtaine seo. Cuirfidh na Francaigh fáilte go Páras roimh an mBreatain Bheag tráthnóna. Ach an oiread le Joe Schmidt, a bheas ag éirí as a chúram le foireann na hÉireann tar éis an choirn dhomhanda, seo é an comórtas deiridh Sé Náisiún a bheidh ag Warren Gatland i gceannas na mBreatnach. Seans gur spreagadh iontach dá fhoireann é sin, ach níl sé éasca cluiche a bhuachan i bPáras, fiú agus foireann an bhaile ag imirt go dona. Cuimhnigh go raibh na Gaeil ag brath ar bhróg órga Johnny Sexton chun iad a shlánú anuraidh.  

Amárach a bheas Albain ag tabhairt faoi na hIodálaigh i nDún Éideann. Is beag is féidir a rá faoin gcluiche seo seachas gur beag duine atá ag tabhairt seans na ngrást don Iodáil. Is dóigh go bhfuil an ceart acu.

Fág freagra ar 'Tá marc na seaimpíní ar bhaithis na nÉireannach…'